AR NA SAOLTA SEO
Athruithe Daonlathacha
Ciarán Mac Aonghusa Ciarán Mac Aonghusa Ciarán Mac Aonghusa

Tá Ciarán Mac Aonghusa den tuairim gur mithid athruithe a dhéanamh i gcóras polaitíochta na tíre, ach caithfear athruithe níos bunúsaí a dhéanamh go forleathan chomh maith le sinn a chur ar bhealach ár leasa.

Íomhá
Taobh eile an scéil ar an tsráid i mBÁC
Íomhá
An banc s'againne
Íomhá
An Banc Angla-Éireannach

In achar an-ghearr chuireamar, mar phobal, eolas ar a uafásaí agus a bhí an suaitheadh geilleagair a bhuail fúinn sa tír seo. Go dtí tús na bliana 2007, bhí an borradh as cuimse faoin gheilleagar beo fós in intinn na ndaoine.

Bhíomar ar ár sáimhín só go fóill. Faoi cheann bliana, áfach, thit an tóin as an mhíorúilt cheilteach ar fad. Agus faoi cheann bliana eile, deireadh 2009, bhí na céadta míle díomhaoin, bhí an tír báite i bhfiacha, agus bhí cuma na n-ochtóidí tagtha ar chúrsaí airgeadais. Tá muintir na hÉireann suaite go dona ag an tubaiste seo ar fad: tá daoine ciaptha ag an imní agus tá fearg mhór chiúin faoin chroí ar go leor leor daoine.

Ní iontas ar bith é go bhfuil daoine ag leagan an mhilleáin ar an chóras polaitíochta. Is iad na ceannairí polaitiúla a riarann an tír agus ar ndóigh b’iadsan a bhí freagrach as an tír a stiúradh agus muid ag dul amú. Tá macasamhail an Dr. Elaine Byrne ag agóid go tréan ar son athruithe bunúsacha bunreachtúla a chuirfeadh, dar léi, cuma úrnua ar fhorais pholaitiúla na tíre agus a thabharfadh ar oifigigh an stáit a bheith ionraic, freagrach agus iad i mbun a gcuid dualgas. http://elaine.ie/

Dar leis an Dr. Byrne, tá athbhunú na poblachta de dhíth chun an tír a chur ar bhealach a leasa. Is é barúil Byrne go bhfuil laigí móra ag baint le hinnealra daonlathach an stáit seo. Ba chóir go gcuirfí feabhas ar shaoráil faisnéise, ar an chaoi a gceaptar oifigigh do áisineachtaí stáit, ar chumas an oireachtais i dtaobh freagracht a chur ar an rialtas, agus mar sin de.

Tá an port céanna ag Fine Gael. Tá ceannairí an pháirtí ag déanamh staidéir le tamall anuas ar athleasuithe ba mhaith leo a chur faoi bhráid na ndaoine i reifreann ar an bhunreacht. I measc na leasaithe tá:

  • deireadh a chur le Seanad Éireann- 15 TD a roghnú de réir córas nua liosta (fíorchosúil leis an chaoi atá sa Ghearmáin)- aitheantas bunreachtúil a thabhairt do cheithre choiste dála- téarma oifige an uachtaráin a laghdú go 5 bliana- ceart chun achainí a dhéanamh os comhair na Dála

Feicim go bhfuil roinnt mhaith daoine ag scrúdú an chórais lochtaigh atá againn faoi láthair. (Féach http://politicalreformireland.wordpress.com/).

Athrú ó Bhun

Cuirim fáilte roimh an díospóireacht seo ach nuair a bhreathnaím scéal an tíogair ina iomláine, áfach, ní hé an córas polaitíochta is mó a thagann i mo cheann, ach tréithe na nÉireannach iad féin.

Shíl mé gur thuig mé céard ba bhrí le ‘sotal’ go dtí gur léigh mé scéal David Drumm, iar-phríomhfheidhmeannach Anglo Irish Bank, ar an pháipéar le déanaí. Fuair sé iasacht de beagnach 8 milliúin ón bhanc nuair a bhí sé ina phríomhfheidhmeannach ar Anglo. Nuair a thit an tóin as Anglo ina dhiaidh sin agus nuair a tháinig caimiléireacht Sean Fitzpatrick chun solais, b’éigean do Drumm éirí as an phost mór. Mar atá a fhios againn, tá Anglo faoi úinéireacht an stáit anois agus fuair an banc sin na mílte milliúin €uro ón cháiníocóir. Tá an banc ag iarraidh go n-aisíocfadh Drumm an t-airgead a fuair sé ar iasacht. Ní hamháin go bhfuil sé ag diúltú don bhanc an t-airgead a aisíoc ag an phointe seo, ach tá sé ag cur an dlí ar Anglo as anbhroid a chur air agus as é a chiapadh!

Ar ndóigh bhí scéal Michael Fingleton go mór i mbéal na daoine fosta. Ghlac sé bonus mór ó Irish Nationwide agus a fhios aige gur scrios sé an comhlacht agus go raibh cuidiú ó cháiníocóirí de dhíth ón eagraíocht chun í a thabhairt slán. Mar sin, ní hamháin go raibh Fingleton sotalach ach bhí sé santach freisin.

Tagann sampla eile chun cinn. Rinne Máire Ní Chochlain agallamh ar an BBC i mí Feabhra. Chuir Stephen Sackur ceist uirthi faoi líon na ndaoine atá ag dul ar imirce as Éirinn faoi láthair. Rinne Ní Chochlain a bheag den scéal: ní raibh i gceist ach daoine ó oirthear na hEorpa ag filleadh ar a dtíortha dúchais, agus amach ó sin, is maith le daoine óga an domhan mór a fheiceáil. Ba léir nach raibh trua ar bith ag Ní Chochlain do na daoine a bhfuil fúthu dul thar lear le teacht ar ghléas beo dóibh féin. http://thestory.ie/2010/02/15/mary-coughlan-on-bbc-hardtalk/

Tadhg an Mhargaidh

Má bhí na ceannairí – polaiteoirí agus lucht bainc araon – agus na forbróirí, sotalach agus santach níl Tadhg an mhargaidh gan locht. Thuigeamar mar phobal go raibh na trí dhream seo isteach lena chéile. Bhí a fhios againn go raibh lámh isteach ag na forbróirí le Fianna Fáil; Bhí a fhios freisin nach raibh aon fhís ag Bertie Ahern don tír seo (má bhí, níor chuir sé an fhís sin in iúl dúinn). Dhéanadh Ahern iarracht chuile dhuine a shásamh, ba chuma cén toradh fádtéarmach a bheadh leis. Ach in ainneoin sin is uile, thoghamar faoi thrí é.

Chuaigh an pobalachas go mór chun cinn le linn tréimhse an tíogair. Ní raibh an gnáthdhuine ag iarraidh rud ar bith a fheiceáil nó a chluinstin ach an rud a bhí in ainm is rath a chur air agus an méid sin a dhéanamh gan aon dua. Ghéill na polaiteoirí don zeitgeist: gheall siad go sásóidís gach éileamh (le tuilleadh airgid nó le beartais ghearrthéarmacha) agus chaith siad le muintir na hÉireann faoi mar a bheadh páistí ann.

Níor nocht aon cheannaire mór le rá an fhís a bhí aige/aici don tír i gceann fiche bliain. Níor tugadh aon chinneadh mór i dtaobh todhchaí na tíre. Ba chuma linn faoin todhchaí nó ní raibh ar intinn againn mar dhaoine ach an chéad cúpla punt eile. An é sin an locht a bhí orainn riamh mar phobal.

Má tháinig borradh faoin phobalachas le linn an tíogair, is cinnte go raibh an síol curtha i bhfad roimh ré. Táimid go léir, mar phobal, i bhfad róthugtha don chaidreamh pearsanta, don ghar, don chúlshocrú, agus don eisceacht. Tagann na nósanna seo salach ar an chomhionannas, an fhreagracht, an t-ionracas, agus ar an oscailteacht.

Ba chóir dúinn mar sin ár n-aird a dhíriú ar chroílar na faidhbe, is é sin, orainn féin agus ar an dearcadh atá againn i leith polaiteoirí agus oifigigh stáit, ón chomhairleoir baile go dtí an Taoiseach féin. Sula n-athróimid an bunreacht ba chóir dúinn na ceisteanna seo a fhreagairt: céard iad na bunluachanna a cheapaimid gur cóir a beith ag oifigeach stáit? An bhfuilimid sásta cloí leis na rialacha agus gan a bheith ag iarraidh an t-aicearra a ghearradh le caochadh súile? An bhfuilimid sásta polaiteoir a cháineadh as caimiléireacht fiú má tá baint aige le páirtí a dtugaimid tacaíocht dó? I bhfírinne, an bhfuil an oscailteacht, an t-ionracas, agus an fhreagracht uainn?

Naisc: Breis is dhá bhliain ó shin http://findarticles.com/p/news-articles/daily-mirror-the-london-uk/mi8006/is20081204/aib-plunges-eur500m-debt-fund/ain41160070/Dhá bhliain ó shin http://www.youtube.com/watch?v=aVmLZWVdp7U&feature=relatedBliain agus trí ráithe ó shin http://www.youtube.com/watch?v=vc8ykHoBXmQ&NR=1Bliain go leith ó shin, cuidiú le AIB http://www.youtube.com/watch?v=KdI2Dh4hEI&NR=1Trí ráithe ó shin http://www.youtube.com/watch?v=reZL8Bmjdsw&feature=relatedAn mhí seo caite http://www.washingtontimes.com/news/2010/mar/17/irelands-economic-woes-leave-emerald-isle-blue/Misneach na nÉireannach http://bx.businessweek.com/irish-business--economics/view?url=http%3A%2F%2Fc.moreover.com%2Fclick%2Fhere.pl%3Fr2632514163%26f%3D9791http://en.wikipedia.org/wiki/AngloIrishBankhttp://www.nuacht24.com/nuacht/sean-fitzpatrick-ligthe-saor/An Seanad http://www.irishtimes.com/newspaper/frontpage/2010/0319/1224266597744.html

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.