Bhí Ciara Nic Gabhann ag caint le lucht ealaíne ó thuaidh a bhfuil roinnt den athrú saoil feicthe acu.
»»»Is ealaíontóir tréitheach é Ken Walters a tháinig ar a chuid buanna cruthaitheacha gan choinne. Insíonn Ciara Nic Gabhann scéal an fhir spreagúil seo ar éirigh leis an lámh in uachtar a fháil ar dhrochshláinte.
»»»Chaith Ciara Nic Gabhann seal draíochta san India le gairid, in áit ar a dtugtar Kerala. Anois, tá fonn uirthi filleadh arís is arís eile.
»»»Labhair Ciara Nic Gabhann leis an scríbhneoir agus stiúrthóir Dave Duggan, fear a bhfuil aitheantas idirnáisiúnta faighte ag a shaothar, agus ar foilsíodh bailiúchán dá dhrámaí le gairid.
»»»Is deacair don té a mhaireann i sochaí shíochánta uafás na cogaíochta a thuiscint. Sin an fáth, dar le Ciara Nic Gabhann, a bhfuil tábhacht ar leith ag baint le taispeántas speisialta atá ar siúl i Nua-Eabhrac faoi láthair.
»»»Is ait an mac an saol, rud a fhíoraíonn lucht ceannaithe Real Dolls go paiteanta. Tugann Ciara Nic Gabhann léargas ar na fir arbh fhearr leo caidreamh a bheith acu le bábóg ná le fíorbhean.
»»»Is iomaí saothar osréalaíoch ealaíne atá le feiceáil i Stáit Aontaithe Mheiriceá. Tugann Ciara Nic Gabhann léargas suimiúil san alt seo ar an ealaín osréalaíoch atá le fáil sa tír.
»»»Tá íomhánna beo ar taispeáint i mBaile Átha Cliath faoi láthair, ach ní i ndánlann atá siad le feiceáil. Insíonn Ciara Nic Gabhann dúinn faoin saothar atá ag siúl ar Shráid Uí Chonaill.
»»»Má tá tú ag éirí rud beag bréan den saol laethúil atá agat is féidir leat anois saol eile ar fad a chruthú duit féin gan stró. San alt seo, tugann Ciara Nic Gabhann léargas ar fheiniméan comhaimseartha, an saol fíorúil.
»»»Tá meon an phobail scoilte maidir le cé acu ar chóir dúinn amharc ar shaothair ghaifítí mar ealaín, nó ar chóir dúinn iad a rangú mar shamplaí den loitiméireacht. San alt seo, díríonn Ciara Nic Gabhann ar an cheist.
»»»Duine aisteach ab ea an t-ealaíontóir Andy Warhol. Agus níl aon ní níos aistí ná na rudaí a choimeád sé i mboscaí cairtchláir ar feadh na mblianta, mar a mhíníonn Ciara Nic Gabhann.
»»»Ciontaíodh beirt phinsinéirí agus a mac le gairid as bob ollmhór a bhualadh ar [i]cognoscenti[/i] shaol na healaíne. Insíonn Ciara Nic Gabhann scéal an teaghlaigh a raibh gnó luachmhar brionnaithe acu ar feadh na mblianta.
»»»Foilsíodh leabhar le gairid a thugann léargas ar an bhua ó thaobh na healaíne de a bhí ag Sylvia Plath, an scríbhneoir cráite Meiriceánach a chuir lámh ina bás féin ag tús na seascaidí. Tá an saothar suimiúil seo díreach feicthe ag Ciara Nic Gabhann.
»»»Spreag cuid oibre na heagraíochta Aisling i Londain an stiúrthóir scannán Tom Collins le scannán a dhéanamh mar gheall ar na himircigh Éireannacha sa chathair sin agus anois, mar a mhíníonn Ciara Nic Gabhann, tá seans ann go bhfaighidh an saothar ainmniúchán do Ghradam Oscar.
»»»Tá comhoibriú ar siúl i dtionscadal ealaíne idir iarphríosúnach poblachtánach agus dílseoir a d’fhéadfadh cabhrú go mór leis an chaidreamh trasphobail. Cúlra an scéil ó Chiara Nic Gabhann.
»»»D’éirigh le John Drewe agus John Myatt bob ollmhór a bhualadh ar shaol na healaíne i rith na n-ochtóidí agus na nóchaidí. Ach anois, táthar i mbun léiriúcháin ar scannán a bheidh bunaithe ar scéal na beirte míchlúití, mar a mhíníonn Ciara Nic Gabhann.
»»»Tá stair shuimiúil ag baint le lúbra i Sasana, Julian’s Bowers, atá á atógáil faoi láthair. An cúlra ó Chiara Nic Gabhann.
»»»Tá Ciara Nic Gabhann ag súil go mór le cuairt a thabhairt ar thaispeántas de shaothar an ealaíontóra Shasanaigh Lucian Freud a bheidh le feiceáil i mBaile Átha Cliath ón mhí seo ar aghaidh.
»»»Spreag buamáil bhaile Gernika i dtrátha an ama seo seachtó bliain ó shin an t-ealaíontóir Picasso leis an phictiúr cáiliúil Guernica a phéinteáil. Ach ní raibh gach duine chomh tógtha sin leis ag an am, mar a mhíníonn Ciara Nic Gabhann.
»»»Tá cinneadh déanta ag an údarás áitiúil i Learpholl ligean don dealbhóir Anthony Gormley saothar dá chuid a fhágáil ar thrá ansin go buan ach ní gach duine atá sásta leis an chinneadh sin, mar a mhíníonn Ciara Nic Gabhann.
»»»Beidh an pictiúr de chuid Vincent Van Gogh a cheannaigh Gailearaí Náisiúnta na hÉireann i mBaile Átha Cliath an mhí seo caite ar taispeáint ansin go luath. Féachann Ciara Nic Gabhann ar chúlra an tsaothair.
»»»Díoladh pictiúr de chuid Rembrandt, Naomh Séamas Mór, ar $25.8 milliún i Nua-Eabhrac an mhí seo caite. Míníonn Ciara Nic Gabhann cén fáth, dar léise, a bhfuil oiread fiúntais ag baint le saothar an ealaíontóra Ollannaigh seo.
»»»Féachann Ciara Nic Gabhann siar ar shaol an bheochantóra Joseph Barbera a fuair bás roimh an Nollaig.
»»»Tá an déantóir scannán Phil Collins, atá ar ghearrliosta Dhuais Turner i mbliana, ag díriú ina shaothar ar dhaoine leochaileacha a ndearna an seal a chaith siad ar chlár de chuid Theilifís na Réaltachta dochar dóibh. Ach an bhfuil Collins féin ag teacht i dtír orthu chomh maith, a fhiafraíonn Ciara Nic Gabhann.
»»»Tá bradaíl curtha i leith Damien Hirst, an t-ealaíontóir Sasanach, agus ní seo an chéad uair dá leithéid tarlú, mar a mhíníonn Ciara Nic Gabhann.
»»»Dhiúltaigh coláistí éagsúla ealaíne áit a thabhairt do Mark “Rasher” Kavanagh ar a gcúrsaí i lár na nóchaidí ach anois tá cáil idirnáisiúnta bainte amach aige mar ealaíontóir agus tá Tom Cruise i measc a chuid custaiméirí. Labhair Ciara Nic Gabhann leis le gairid.
»»»Tá grúpa eolaithe tar éis teicneolaíocht a fhorbairt a chuireann ar chumas daoine píosa ealaíne digití a athrú le dreach a n-aghaidhe. Tuairisc ó Chiara Nic Gabhann.
»»»Cur síos ó Chiara Nic Gabhann ar chúlra an phictiúir le Gustav Klimt a díoladh ar $135 milliún le gairid.
»»»I rith na bliana seo, tá Ciara Nic Gabhann ag tabhairt eolais mar gheall ar na dánlanna agus áiteanna eile ar fiú cuairt a thabhairt orthu i gcathracha éagsúla timpeall na hEorpa. An mhí seo: Barcelona.
»»»Tá léargas den scoth le fáil ar an saol in Éirinn le caoga bliain anuas i dtaispeántas grianghraf atá ar siúl i mBaile Átha Cliath faoi láthair. Thug Ciara Nic Gabhann cuairt ar an taispeántas.
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil.
Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.