CÚINNE NA nEALAÍON
Buamáil Gernika: eachtra uafásach a spreag ealaíontóir chun gnímh
Ciara Nic Gabhann Ciara Nic Gabhann Ciara Nic Gabhann

Spreag buamáil bhaile Gernika i dtrátha an ama seo seachtó bliain ó shin an t-ealaíontóir Picasso leis an phictiúr cáiliúil Guernica a phéinteáil. Ach ní raibh gach duine chomh tógtha sin leis ag an am, mar a mhíníonn Ciara Nic Gabhann.

Íomhá
Gernika tar éis na buamála
Íomhá
Saothar Picasso, Guernica
Íomhá
Pablo Picasso

Ag siúl ar shráideanna ciúine Gernika (mar a thugtar air sa Bhascais), agus mé ar laethanta saoire i dTír na mBascach roinnt blianta ó shin, rith sé liom go raibh an baile cosúil leis an fhéinics, éan na finscéalaíochta, a d’éirigh aníos athbheo as luaithreach tine.

Níl mórán den seanbhaile ársa fágtha sa lá atá inniu ann, taobh amuigh de chúpla foirgneamh mar an tseaneaglais i lár an bhaile, a sheas go dúshlánach in éadan bhuamadóirí Hitler agus Mussolini, a scrios trí cheathrú den baile agus a mharaigh na céadta ar an lá fuilteach úd, an 26 Aibreán 1937. Tagann tocht ort agus tú i do sheasamh i lár na heaglaise, foirgneamh a bhí mar fhinné ar an lá millteanach sin, ag meabhrú ar an chuma a bhí ar an bhaile sular leagadh é agus an saol a bhí ag daoine sular tháinig an t-ollscrios.

Bhí an t-ealaíontóir Spáinneach Pablo Picasso i bPáras nuair a scriosadh Gernika agus é ag obair ar shaothar don Phailliún Spáinneach a bhí le bheith mar chuid den Taispeántas Domhanda níos moille sa bhliain. Cé go raibh ráflaí ann go raibh neamhaird tugtha ag Picasso ar chruachás a thíre dúchais agus go raibh sé báúil leis na Faisistigh, chuir sé amach ráiteas i ndiaidh uafás Gernika ina ndúirt sé:

Tá mo shaol ar fad mar ealaíontóir caite agam ag spairneadh le lucht chúl-le-forás agus le lucht truaillithe na healaíne. Sa saothar atá idir lámha agam faoi láthair, agus a dtabharfaidh mé anois Guernica mar theideal air, agus sa saothar ealaíne uilig atá déanta agam le blianta beaga anuas, níl ach rud amháin á rá agam: go bhfuil gráin shíoraí agam ar an aicme mhíleata sin a bhfuil an Spáinn báite acu i lear dobróin agus báis.

Rinne Picasso an múrmhaisiú Guernica mar fhreagairt ar eachtraí an 26 Aibreán agus cuireadh ar taispeáint sa Phailliún Spáinneach é. Saothar suntasach a bhí ann a bhí 3.5 méadar ar airde agus 7.8 méadar ar leithead. D’úsáid sé siombailí teibí agus scéim datha dubh agus bán chun cur síos pearsanta a dhéanamh ar an lá uafáis sin agus nuair a nochtadh don phobal ar dtús é, spreag sé tuairimí láidre.

Dúirt an scríbhneoir Max Aub, mar shampla, nuair a chonaic sé den chéad uair é:

Beidh trácht ar an saothar seo go ceann i bhfad. Tá léiriú suntasach déanta ag Picasso ar pháis Guernica. Seans go ndéarfar faoin saothar seo go bhfuil sé rótheibí ... duine ar bith a déarfadh a leithéid, is follas nach léir dó os comhair a dhá shúl réaltacht uafásach na Spáinne. Má tá aon locht ar an phictiúr seo le Picasso, is é go bhfuil sé ró-réadúil, rófhíor, uafásach fíor.

Bhí tuairimí eile ann, áfach, go raibh Picasso gafa leis na siombailí teibí a d’úsáid sé sa phictiúr sular tharla an bhuamáil ar chor ar bith agus nach freagairt “mhacánta” ar an lá a bhí ann ach deis do Picasso é féin a shásamh.

B’fhuath leis an ealaíontóir múrmhaisithe Bascach, José Maria Ucelay, an saothar seo agus dúirt sé amach go neamhbhalbh go raibh sé ar “cheann de na píosaí ealaíne is boichte a ndearnadh riamh” agus nach raibh ann ach “pornagrafaíocht ag déanamh múin ar Gernika” agus sa spiorad céanna dhiúltaigh Uachtarán Thír na mBascach do thairiscint Picasso an pictiúr a ghlacadh ar son na mBascach.

Shocraigh Picasso nach bhfanfadh an saothar sa Spáinn fad is a bheadh an rialtas faisisteach i réim agus bhí an pictiúr ar camchuairt ar feadh na mblianta chuig dánlanna ar fud an domhain, go dtí Meán Fómhair 1981, beagnach sé bliana i ndiaidh bhás Franco.

Guernica le feiceáil anois sa Museo Reina Sofia i Maidrid ach tá brú ar na húdaráis ansin scaradh leis an phictiúr de bharr feachtais, íorónta go leor, chun é a thabhairt ó thuaidh go Tír na mBascach. In ainneoin go bhfuil Maidrid ag diúltú don iarratas, ag rá go bhfuil an pictiúr ró-shobhriste lena bhogadh thart, tá tacaíocht láidir ann, go háirithe agus comóradh 70ú bliain na buamála i ndiaidh a bheith ann, don tuairim gur cheart an pictiúr a thaispeáint sa Guggenhéim- an dánlann iontach a dhear an t-ailtire Frank Gehry do mhuintir Bilbao.

Is as Doire ó dhúchas í Ciara Nic Gabhann ach tá sí ina cónaí i mBaile Átha Cliath anois, áit a bhfuil sí ag obair mar mhúinteoir ealaíne.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.