CÚINNE NA nEALAÍON
Treibh Anthony Gormley ag cur fúthu ar bhruach an Mersey
Ciara Nic Gabhann Ciara Nic Gabhann Ciara Nic Gabhann

cinneadh déanta ag an údarás áitiúil i Learpholl ligean don dealbhóir Anthony Gormley saothar dá chuid a fhágáil ar thrá ansin go buan ach ní gach duine atá sásta leis an chinneadh sin, mar a mhíníonn Ciara Nic Gabhann.

Íomhá
Ceann de dhealbha an tsaothair "Another Place"
Íomhá
Angel of the North: saothar cáiliúil Gormley

Tá deireadh leis an fhánaíocht ó thír go tír ag na sluaite fear iarann a mhúnlaigh an dealbhóir Anthony Gormley agus an scéal amuigh, i ndiaidh conspóide a bhí teasaí go leor in amanna, nach i dtíortha i gcéin a bheidh siad ag cur fúthu go buan ach i ndúiche an dealbhóra féin ar bhruach an Mersey i Sasana.

In 2005 a tugadh "Another Place", an t-ainm cnuasaitheach atá ar na céadta deilbh múnlaithe ar chorp Gormley féin, ar an suíomh cois farraige ina bhfuil siad suite, agus is fáilte, a bhí idir chroíúil agus dhoicheallach, a chuir bunadh na háite rompu.

Dála a gcomharsana i Newcastle, a ghléas "Angel of the North", saothar eile de chuid Gormley, i ngeansaí peile Newcastle United, ghlac roinnt Scousers an deis lena mbarúil féin a chur in iúl trí bhreágfholt feamainn a chur ar na figiúirí, agus aisteach go leor, péint bhuí a chur ar a gcuid magairlí!

Ní raibh i gceist ag an tús go mbeadh na figiúirí suite ar an trá ar bhonn fadtéarmach ach nuair a tháinig deireadh leis an chonradh le Gormley le déanaí, thosaigh feachtas áitiúil le iad a choinneáil ann go buan. D’aontaigh Gormley é féin leis an tuairim go raibh an suíomh an-fhóirsteanach don saothar – rud a chuir breis teasa sa chonspóid.

Chuir grúpaí éagsúla in éadan an fheachtais, cuid acu den tuairim go raibh an saothar gránna le feáchaint air agus gur scrios sé áilleacht nádúrtha an cheantair. Chuir an grúpa comhshaoil Natural England ina éadan chomh maith, ag maíomh go raibh na fir mhiotail seo ag cur isteach ar na héin aistreáin a thagann go dtí an trá seo ag lorg bia agus b’ionadh le lucht an gharda cósta nár maraíodh éinne nuair a bhí na figiúirí á lonnú ar an trá sa chéad áit.

Réitigh an Chomhairle Phleanála áitiúil an chonspóid i ndiaidh vóta a chaitheamh inar sheas naonúr as ceithre dhuine dhéag ar son na bpíosaí dealbhóireachta a fhágáil san áit a raibh siad ach coinníollacha a bheith ann leis na héin, an dúlra agus daoine a chosaint ó bhaol.

Chuir an réiteach seo cuid de na comhairleoirí ar deargbhuile agus spreagadh cuid acu chun “Naire!” a scairteadh amach nuair a rinneadh an cinneadh.

Dúirt Gormley, cé gur cinneadh deacair a bhí ann, go raibh an-áthas air go raibh an bua ag a threibh fánaithe.

“Is breá an suíomh é,” ar seisean, “crua agus i dteagmháil leis an saol laethúil.laoch osdaonna an figiúr seo ach ceann a múnlaíodh ar chorp fir meánaosta i monarcha tionscail, atá ag iarraidh fanacht ina sheasamh in éadan na farraige, a anáil a tharraingt agus a aghaidh dírithe ar bhun na spéire atá breac le loingeas tráchtála.”

Tá an-tóir ar shaothar Anthony Gormley, rud nach mbíonn i gcónaí ina ábhar sásaimh i gciorcail ealaíne áirithe. Ach is léir go bhfuil tuigbheáil ag cuid mhór daoine do na figiúirí stuama aonaracha seo agus go spreagann siad machnamh agus tuairimí éagsúla.

Nuair a bhíothas ag bailiú tuairimí ón phobal i rith na conspóide dúirt duine amháin go bhfuil idir uaigneas agus ríogacht ag baint leis na figiúirí meirgeacha seo ar an trá agus go bhfuil níos mó i gceist ná ealaín amháin. Mhothaigh duine eile nach raibh i Gormley ach duine féinchúiseach mar go raibh an chuid is mó den saothar bunaithe ar a chorp féin. Agus, bhí smaoineamh ag duine eile go dtiocfadh leis na figiúirí a bheith mar thomhas ar leibhéal na farraige!

Is as Doire ó dhúchas í Ciara Nic Gabhann ach tá sí ina cónaí i mBaile Átha Cliath anois, áit a bhfuil sí ag obair mar mhúinteoir ealaíne.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.