CÚINNE NA nEALAÍON
Léargas Collins ar íospartaigh Theilifís na Réaltachta
Ciara Nic Gabhann Ciara Nic Gabhann Ciara Nic Gabhann

Tá an déantóir scannán Phil Collins, atá ar ghearrliosta Dhuais Turner i mbliana, ag díriú ina shaothar ar dhaoine leochaileacha a ndearna an seal a chaith siad ar chlár de chuid Theilifís na Réaltachta dochar dóibh. Ach an bhfuil Collins féin ag teacht i dtír orthu chomh maith, a fhiafraíonn Ciara Nic Gabhann.

Íomhá
They Shoot Horses: cuid de thaispeántas Phil Collins atá ar ghearrliosta Dhuais Turner
Íomhá
Phil Collins ag an ócáid sa Café Royal i Londain
Íomhá
"Oifig" chomhlacht Collins, Shady Lane Productions, sa Tate

Is minic a spreagann na saothair a bhíonn ar ghearrliosta chomórtas bliantúil ealaíne an Turner conspóid agus, go deimhin, ní eisceacht é taispeántas na bliana seo. Agus ceathrar in iomaíocht don duais cháiliúil, mar aon le £25,000 agus aitheantas idirnáisiúnta, ní hionadh ar bith go n-éiríonn an troid níos teasaí agus níos géire le himeacht gach bliana.

Baineann Duais Turner le healaín atá úr agus comhaimseartha, agus dá bharr sin, is minic a tharlaíonn díospóireachtaí fíochmhara i measc an phobail agus na gcriticeoirí ar aon faoi ionracas agus fiúntas na saothar a bhíonn le feiceáil ann. An fiú dúinn aird a thabhairt ar na healaíontóirí a bhíonn ar taispeáint ann nó an séitéireacht chliste a bhíonn ar siúl acu – éadaí nua an impire, mar a déarfá?

Is é an déantóir scannán Phil Collins an duine is mó as an cheathrar atá ar ghearrliosta an chomórtais atá ag díriú ar cheist an ionracais leis an tsraith cláracha a rinne sé bunaithe ar iar-iarrthóirí cláracha de chuid Theilifís na Réaltachta. Creideann an dream seo gur scrios an taithí a bhí acu ar an teilifís a saol. Ligeann sé dóibh a scéalta brónacha féin a insint os comhair an cheamara agus fágtar fúinn féin breithiúnas a thabhairt orthu.

Thug sé cuireadh do naonúr a bhí páirteach i gcláracha réaltachta éagsúla teacht chuig preasócáid a bhí ar siúl aige sa Café Royal i Londain le gairid chun labhairt faoin taithí a bhí acu agus chun ceisteanna a fhreagairt. Tá sé i gceist aige míreanna a úsáid as an agallamh chun a scannán féin – "The Return of the Real" – a dhéanamh, agus go mbeadh sé sin mar chuid den taispeántas sa Tate, chomh maith le sraitheanna eile atá déanta aige cheana féin.

I measc an naonúir, bhí bean ann a chaill a cuid fiacla ar fad i ndiaidh di dul faoi scian chun a bolg a dhéanamh níos lú sa chlár “Brand New You”, agus fear óg a bhí trína chéile i ndiaidh dó a bheith ar chlár cleamhnais agus gan fhios aige gur fear a bhí sa mhainicín dathúil a raibh sé sa tóir air/uirthi.

Deir Collins, arb as Runcorn i Cheshire é ach a bhfuil cónaí air i nGlaschú, go bhfuil spéis aige i ndaoine agus sa rud a tharlaíonn dóibh nuair a nochtann siad iad féin ar bhealach chomh poiblí sin ar an teilifís.

“Cad é mar a éiríonn leo dul ar ais chuig an ghnáthshaol ina dhiaidh sin? Bíonn taithí iontach ag roinnt daoine, ach tá go leor eile ann nach mbíonn sé sin acu. Rinneadh éagóir ar na daoine seo agus scriosadh a saol orthu.”

Tuairimí láidre

Cé go ndíríonn Collins a aird ar na cláracha cainte laethúla, tá tuairimí láidre aige faoi na mórchláracha a imríonn tionchar mór go minic ar shaol daoine.

“Bíonn daoine ar ‘How Clean Is Your House’ agus é breá soiléir nach bhfuil roinnt acu ábalta an ceann is fearr a fháil ar an saol. Daoine, b’fhéidir, a d’fhulaing cliseadh néarógach. Bíonn siad á náiriú os comhair na milliún agus, sa deireadh, caithfidh tú an cheist a chur, ‘Cad é mar tá sé seo ag dul i bhfeidhm ar an chréatúr bhocht seo?’ Bíonn na cláracha céanna le feiceáil ar fud an domhain agus na milliúin punt á dhéanamh orthu.”

Gan amhras, tagtar i dtír go minic ar dhaoine leochaileacha sna cláracha seo agus is in olcas atá siad ag dul – tá na bobanna a bhuailtear ar dhaoine ag éirí níos táirí agus níos gránna le gach sraith nua a chuirtear amach. Aithníonn Collins é seo ina shaothar agus b’fhéidir go dtugann an méid sin féin faoiseamh éigin dóibh siúd atá ag insint a scéalta.

Ach nach bhfuil seisean ag baint sochair astu ar mhaithe lena leas féin agus, ceist níos lárnaí arís, an ealaín atá i gceist leis an saothar seo nó tuairisciú de chineál éigin ar an dúil mhillteanach atá againne, daoine, clú agus aitheantas a bhaint amach dúinn féin, is cuma cén praghas atá le híoc againn?

Tá “oifig” ag Collins istigh sa Tate atá mar chuid den taispeántas agus ina ndéanann sé eagarthóireacht ar a chuid scannán. Shady Lane Productions atá t-ainm atá ar a chomhlacht agus is féidir leis an phobal amharc air trí fhuinneog mhór agus é i mbun a chuid oibre.

“Is mór an phribhléid dom a bheith ag obair anseo,” a dúirt sé. “Is breá liom é ... Ní bheadh sé d’acmhainn agam ar aon bhealach eile a bheith ag obair i lár chathair Londan, gan trácht ar a bheith i mo chónaí ann!”

Is díol spéise é nach bhfuil cárta cuntais nó creidmheasa ag Collins nó fiú fón póca, agus den chéad uair, le linn na tréimhse atá á caitheamh aige i Londain, tá meaisín níocháin aige dó féin. Má bhaineann sé an duais, deir sé go mbainfidh sé úsáid as an airgead chun leanúint lena chuid oibre ag nochtadh na fírinne faoi chláracha Theilifís na Réaltachta.

Fógrófar na buaiteoirí ar an 4 Nollaig.

Is as Doire ó dhúchas í Ciara Nic Gabhann ach tá sí ina cónaí i mBaile Átha Cliath anois, áit a bhfuil sí ag obair mar mhúinteoir ealaíne.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.