Tá meon an phobail scoilte maidir le cé acu ar chóir dúinn amharc ar shaothair ghaifítí mar ealaín, nó ar chóir dúinn iad a rangú mar shamplaí den loitiméireacht. San alt seo, díríonn Ciara Nic Gabhann ar an cheist.
Cad é a ritheann leat nuair a smaoiníonn tú ar ealaíontóirí graifítí? An aontaíonn tú leis an tuairim gur ealaíontóirí iontu féin iad, nó an dóigh leat gur lucht scriosta a dtimpeallachta iad? An samhlaíonn tú iad mar dhéagóirí míshocra le hoodies a bhíonn ag spraeáil a gcuid teachtaireachtaí rúnda i gcoim na hoíche ar réadmhaoin agus ar airnéis phearsanta daoine eile, nó an é gurbh fhearr leat amharc orthu mar ealaíontóirí réabhlóideacha a bhfuil a racht ealaíonta á scaoileadh acu ar bhallaí sráide – iad saor ó shrian na ndánlann agus ó shúile an phobail?
An dóigh leatsa gur ealaín luachmhar phoiblí é graifítí a bhfuil sé de chumas aige rud éigin suntasach a léiriú faoinár sochaí, nó an síleann tú gur creachadóireacht leithleasach é a bhíonn á cleachtadh ag daoine nach bhfuil aon mheas acu ar a dtimpeallacht nó ar na daoine a bhfuil cónaí orthu mórthimpeall orthu?
Is éard atá i ngraifítí ná litreacha nó íomhánna a scríobtar, a spraeáiltear nó a phéinteáiltear in áit phoiblí. Nós is ea é ar cuireadh tús leis chomh fada siar leis an tréimhse ársa Ghréag-Rómhánach agus ba bhealach feiceálach, éifeachtach é le haird a tharraingt ar bhuanna ealaíne duine ar leith chomh maith le hé a bheith éifeachtach ó thaobh míshuaimhneas polaitiúil nó sóisialta a chur in iúl.
Sa lá atá inniu ann, úsáideann ealaíontóirí graifítí cannaí péinte agus marcóirí den chuid is mó, agus bíonn iomaíocht ghéar i gceist eatarthu leis an íomhá nó an
teachtaireacht is radacaí a chur os comhair an phobail. Bhí an nós seo le feiceáil den chéad uair tríocha bliain ó shin i stáisiúin na dtraenacha faoi thalamh i Nua-Eabhrac – bhíodh íomhánna agus tags *(is é sin, ainm cleite an ealaíontóra) ildaite agus craiceáilte ar fud na dtraenacha mar a bheadh craiceann coimhthíoch ann. Ba stíl í a tháinig ó na cathracha móra agus bhí sí ina foinse inspioráide do cheoltóirí agus d’fhaisean na haimsire, a bhí uirbeach agus *cool.
Ní thaitníonn an nós le hachan duine, dar ndóigh – go háirithe más ar do dhoras féin atá sé péinteáilte – agus is cosúil go bhfuil meon an phobail scoilte maidir le cé acu an ealaín é an graifítí, nó an loitiméireacht é.
Pionós dianGearradh pionós ar bheirt fhear óga, a raibh na *tags *Krek agus Mers á n-úsáid acu, as a gcuid coireanna ealaíne in Manchester ar na mallaibh – dhá mhí dhéag agus cúig mhí dhéag príosúnachta faoi seach. Idir an bheirt acu, rinne siad an-díobháil i gceantar amháin, a chosnóidh suas le £13,000 le cur ina ceart. Bhí an Breitheamh Anthony Ensor ag iarraidh eiseamláir a dhéanamh díobh, ach mar thoradh ar dhéine an phionóis seo, chuir 2,000 duine a n-ainm le hachainí idirlín inar éilíodh go ndéanfaí an pionós a laghdú. Chomh maith leis sin, eagraíodh cuid mhór imeachtaí éagsúla sa cheantar le haird a tharraingt ar chás na beirte. Is í an cheist a bhí á hardú acu ná an raibh sé ceart an cineál céanna pionóis a ghearradh ar ealaíontóirí graifítí agus a ghearrtar – i gcásanna áirithe – ar éigneoirí nó ar dhaoine dainséaracha foréigneacha? I bhfocail eile, an raibh an breithiúnas cothrom?
Bhí casadh íorónta sa scéal le déanaí sa mhéid is go bhfuil an t-ealaíontóir graifítí Banksy i ndiaidh saothar a rinne sé ar bhalla ar Bhóthar Portobello i Londain a dhíol ar ebay. Íocadh £208,100 as. Fuarthas suas le 69 tairiscint ceannaigh ar an saothar, ar íomhá é ina léirítear ealaíontóir ag críochnú an fhocail “Banksy”. Tá an íomhá péinteáilte ar bhalla foirgnimh ar le comhlacht meán é. Ba é úinéir an chomhlachta seo, Luti Fagbenle, a chuir an saothar ar an mhargadh, agus dar le Bobby Read – atá ina shaineolaí maidir le hárachas ealaíne – is íomhá “speisialta” é an graifítí seo, agus is é an saothar is mó dá chuid atá díolta ag Bansky go dtí seo.
Dúirt Read ina thaobh:
"This sale poses many interesting questions for the art world. How do you move a piece of work like this, how do you display it and how do you insure it?"
Bhí Luti Fagbenle den tuairim go gcosnódh sé £5,000 leis an íomhá a bhaint den bhalla agus leis an bhalla a dheisiú ina dhiaidh – costas ar gá don cheannaitheoir íoc as mar bharr ar an bhunphraghas a íocadh as an saothar é féin.
Cén áit a luíonn an fhírinne, mar sin? Caitheadh Krek agus Mers sa phríosún. Thuill Bansksy £208,100 as a shaothar agus tharraing sé clú air féin i measc na maithe agus móruaisle i saol na healaíne. Ach céard é an difríocht idir an dá chás, i ndáiríre? Is as Doire ó dhúchas í Ciara Nic Gabhann agus tá sí ag obair mar mhúinteoir ealaíne i meánscoil nua lán-Ghaelach in Inis Eoghain i mbliana.