Is iomaí saothar osréalaíoch ealaíne atá le feiceáil i Stáit Aontaithe Mheiriceá. Tugann Ciara Nic Gabhann léargas suimiúil san alt seo ar an ealaín osréalaíoch atá le fáil sa tír.
Ag an am seo den bhliain bíonn daoine ag smaoineamh ar an samhradh agus ar a gcuid laethanta saoire. Mar gheall ar an líon roghanna atá againn sa lá atá inniu ann agus de bhrí go bhfuil an oiread sin áiteanna suimiúla ar féidir cuairt a thabhairt orthu, ní haon hionadh é go mbíonn deacrachtaí ag daoine agus iad ag teacht ar chinneadh maidir leis an áit ar mhaith leo dul.
Más breá leat saoire atá neamhghnách agus a thugann deis duit dul chuig áiteanna atá as an bhealach nó chuig áiteanna a gcasfaidh tú le daoine atá ealaíonta ar bhealaí neamhchoitianta, léigh leat!
Seo thíos léargas suimiúil ar áiteanna éagsúla i Stáit Aontaithe Mheiriceá a bhfuil cuid de na saothair ealaíne is aistí agus is doshamhalta le feiceáil iontu.
Is iomaí ealaíontóir Meiriceánach a raibh a aird dírithe ar rudaí neamhghnácha nó a bhí tógtha le gnéithe imeallacha den saol. Smaoinigh ar Edward Hopper, mar shampla, a bhain cáil amach dó féin as ucht na n-íomhánna inar léirigh sé daoine agus áiteanna uaigneacha. Sampla eile ná Andy Warhol, a chuir earraí coitianta os comhair an tsaoil mar rudaí a bhí kitsch agus íocónach.
Cad é a d’fheicfeá, mar sin, dá rachfá ar thuras timpeall na Stát Aontaithe agus tú sa tóir ar shaothair ealaíne nó ar ealaíontóirí a rinne ceiliúradh ar an rud neamhghnách? Bhuel, coinnigh greim ar do hata mar tá an turas ar tí tosú!
Guma coganta
Cuirfidh muid tús leis an chamchuairt i Seattle – in iarthuaisceart na Stát Aontaithe – agus rachaidh muid chuig an Market Theater, áit a bhfuil saothar dar teideal “The Gum Wall” le feiceáil. Iarrtar ar na daoine a thugann cuairt ar an áit seo a gcuid guma coganta a ghreamú leis an bhalla ar bhealach ealaíonta. Tá an saothar seo breis is cúig mhéadar ar airde agus tá cuid de na híomhánna atá déanta ag daoine áirithe lena nguma coganta an-ealaíonta ar fad. Tá cruthanna de gach saghas le feiceáil ar an bhalla – portráidí agus abairtí, cuir i gcás – agus tá siad uilig múnlaithe as guma athchúrsáilte!
Rachaidh muid ó dheas anois go Yerma in California, áit a bhfeicimid an chéad iontas eile. Táimid chun cuairt a thabhairt ar bhaile beag tréigthe ar a dtugtar Calico. Tháinig an baile seo chun cinn ag deireadh an ochtú haois déag mar gheall ar shirtheoirí a bheith sa tóir ar airgead ansin – bhí dídean saor agus sealadach de dhíth orthu go gasta.
Mar gheall ar líon na ndaoine a bhí ag cur fúthu ansin, bhí an-éileamh ar ábhar tógála – rud a bhí ar fáil go flúirseach agus saor in aisce sa cheantar. Ní raibh ach 1,200 duine ina gcónaí in Yerma ag an am, ach bhí fiche teach tábhairne ann. Ní haon ionadh é, mar sin, gur baineadh úsáid as buidéil fholmha bheorach agus bhiotáille leis na tithe a thógáil do na sirtheoirí. In ainneoin gur rud measartha coitianta é tithe a bheith tógtha as buidéil sa cheantar ag an am, níl fágtha in Calico anois ach teach aon urláir amháin. Sampla breá eile is ea é de luathiarracht ar athchúrsáil a dhéanamh!
Rachaidh muid ar aghaidh anois go dtí Winston-Salem in North Carolina, áit a dtiocfaidh muid ar stáisiún líonta peitril atá tógtha i gcruth an mhuirín mhóir. Tógadh é – agus seacht gcinn eile atá díreach cosúil leis – sna tríochaidí mar chuid d’fheachtas bolscaireachta a bhí ar bun ag an chomhlacht ola Shell, ach ní mhaireann anois ach an ceann seo in Winston-Salem. Chomh maith le hé a bheith mór agus buí, déantar é a lonrú istoíche!
Sula bhfágann muid Winston-Salem, is fiú cuairt a thabhairt ar phota ollmhór caife atá le feiceáil i sráidbhaile Old Salem. Rinneadh an pota seo, atá trí mhéadar ar airde, sa bhliain 1860 – gléas poiblíochta a bhí ann don cheardaí airgid a thóg é. Cé go bhfuil potaí ollmhóra caife le feiceáil thart timpeall na tire, is díol spéise é an pota áirithe seo mar tá sé ar an cheann is sine sa tír.
Leithris
Cuirfidh muid críoch lenár gcamchuairt ar ais in California ag an Joshua Tree, áit a dtagann muid ar an Noah Purifoy Outdoor Desert Art Museum. Mar a thugann ainm an mhúsaeim seo le fios, tá sé suite lasmuigh sa ghaineamhlach.
Fear gorm a rugadh in Alabama sa bhliain 1917 ab ea Noah Purifoy, agus rinne sé músaem d’ealaín a bhaineann leis an saol tuaithe a thógáil ar dhá acra dhéag san áit seo. Tá saothar osréalaíoch le feiceáil sa láithreán gaineamhlaigh seo, a chuirfeadh aislingí Salvador Dali i gcuimhne duit. Shílfeá gur rudaí randamacha iad na saothair seo – leithris carntha ar a chéile ar bhealach craiceáilte, cuir i gcás. Ach ba mhian le Purlfoy go mbainfí siar as daoine agus go ndéanfaidís machnamh ar cheisteanna deacra agus iad ag amharc ar na saothair seo – ceisteanna a bhaineann le cearta daonna, cúrsaí polaitíochta agus stair Mheiriceá, mar shampla. Agus níl aon dabht faoi ach go bhfuil lón machnaimh curtha ar fáil aige.
B’fhéidir nach bhféadfaí a rá gur “ealaín” sa ghnáthchiall iad cuid de na rudaí a ndearna mé tagairt dóibh thuas. Ach má ghlactar leis gurb é an phríomhfheidhm a bhaineann le healaín ná súile daoine a oscailt agus muid a chur ag smaoineamh ar an saol ar bhealach spreagúil nua, b’fhéidir gur chóir go n-áireofaí na saothair aisteacha seo mar shaothair ealaíne chomh maith. Is as Doire ó dhúchas í Ciara Nic Gabhann agus tá sí ag obair mar mhúinteoir ealaíne i meánscoil nua lán-Ghaelach in Inis Eoghain i mbliana.