CÚINNE NA nEALAÍON
“Stróc” den ádh
Ciara Nic Gabhann Ciara Nic Gabhann Ciara Nic Gabhann

Is ealaíontóir tréitheach é Ken Walters a tháinig ar a chuid buanna cruthaitheacha gan choinne. Insíonn Ciara Nic Gabhann scéal an fhir spreagúil seo ar éirigh leis an lámh in uachtar a fháil ar dhrochshláinte.

Íomhá
Fuair Ken Walters amach go bhfuil buanna ealaíonta aige i ndiaidh do stróc é a bhuaileadh
Íomhá
"Spotlight on a Page": saothar a chruthaigh Walters ar a ríomhaire
Íomhá
Tugadh coimisiún do Walters carachtair a chruthú don chluiche Spore de chuid EA Games

Go díreach nuair a shíl an t-innealtóir Ken Walters nach dtiocfadh le rudaí éirí ní ba mheasa ina shaol, d’éirigh. Tharla dó timpiste agus é ina fhear óg agus fágadh a dhroim briste dá bharr; thit an galar dubhach air; bhuail cúpla taom croí é agus, sa bhliain 2005, fuair sé stróc. Shilfeá go mbriseadh an buille deireanach sin é ach tharla dó rud éigin dochreidte a d’oscail doras go saol úrnua.

Ní raibh mórán suime ag Ken Walters san ealaín go dtí gur bhuail an stróc é, ach fuair sé amach ansin go raibh buanna doshamhlaithe aige a bhí lena shaol a athrú agus a bhí le hé a thiontú ina ealaíontóir suntasach.

Thosaigh athraithe ag tarlú ina intinn, rud a spreag rachtanna spleodracha cruthaitheachta ann. Níor thuig sé cad é a bhí ar siúl go dtí gur mhínigh dochtúir gur mar thoradh ar a stróc a bhí siad ag tarlú; gur minic a dhéanann an intinn “athchóiriú” uirthi féin ar mhaithe le damáiste a sheachaint.

D’fhág an stróc pairilis ar thaobh amháin dá choirp agus b’éigin dó nótaí a scríobh le cumarsáid a dhéanamh le daoine. Ba ansin a thuig sé go raibh rud éigin neamhghnách ag tarlú; bhí a lámh ag breacadh síos íomhánna ar an pháipéar agus bhraith sé go raibh sí á dhéanamh as a stuaim féin.

“Bhí sé chomh haisteach sin, níor tharraing mé íomhá ar bith ó bhí mé i mo pháiste...ach thosaigh mé ag líníocht go hiomlán neamh-chomhfhiosach, thosaigh mo lámh dheas ag fánaíocht thart ar an leathanach agus nuair a d’amharc mé síos, bhí patrúin le feiceáil achan áit air.”

Thosaigh sé ag múscailt go moch ar maidin agus ag tarraingt pictiúr go dtí breacadh an lae. Dúradh leis nach mairfeadh an nós agus go raibh gach seans ann go dtiocfadh sé ar ais chuige féin. Ach nuair a d’fhág sé an t-ospidéal le dhul

abhaile bhí sé chomh tógtha céanna leis an líníocht.

Íomhánna teibí“Lean mé de bheith ag tarraingt pictiúr, an t-am seo ar an ríomhaire. Ba dhuine praiticiúil mé – innealtóir a bhí ionam – agus ansin, go tobann, bhí smaointe agus cuimhní ag teacht chugam i bhfoirm íomhánna teibí. Tá sé deacair é a mhíniú, ach bhí an líníocht chomh nádúrtha céanna agam leis an análú, ní raibh an dara rogha agam ach leanúint ar aghaidh léi.”

Chuala sé faoi Second Life, an domhan fíorúil idirlín, agus roimh i bhfad, bhí a chuid saothar ar taispeáint i ndánlanna ansin. Bhí an-toir orthu; ceannaíodh dhá íomhá dhéag ar an toirt agus bhí duine eile ag iarraidh fíorphictiúir dá chuid a cheannach chomh maith. Le linn an chéad bhliain dó a bheith ag feidhmiú mar ealaíontóir proifisiúnta, shaothraigh sé £30,000 agus tá sé ag dul ó neart go neart ó shin.

Chuaigh a chuid oibre oiread i bhfeidhm ar an chomhlacht digiteach EA Games gur tugadh coimisiún do Walters 100 dionosár digiteach a dhearadh do chluiche nua oideachasúil darb ainm Spore atá á chruthú ag an chomhlacht sin. Beidh a

chuid oibre faoi chóipcheart aige agus íocfar leis céatadán áirithe in aghaidh an chluiche a dhíolfar.

Is féidir le galair ar nós Ghalar Alzheimer agus an néaltraithe dul i bhfeidhm ar dhaoine ó thaobh cruthaitheachta de agus ó thaobh an dóigh a léiríonn siad a gcuid mothúchán, rud a thugann spreagadh dóibh iad féin a chur in iúl ar bhealaí nár ghnách leo a dhéanamh roimh ré. Tá samplaí eile ann d’ealaíontóirí ar tháinig athrú iomlán ar a stíl i ndiaidh dóibh stróc nó taom croí nó galar a fháil.

Deir Ken nach n-athródh sé rud ar bith ina shaol ó tháinig sé ar a fhéith nua.

“Bíonn orm liomóg bhaint asam féin anois is arís. Tá an t-ádh dearg orm; cloiseann tú faoi go leor daoine tragóideacha a fhágfar go buan gan aithne gan urlabhra i ndiaidh dóibh stróc a fháil. D’fheadfaí sé tharla gur mar sin a d’fhágfaí mise, ach níor fágadh agus anois tá mé i ndiaidh theacht ar an phaisean is mó a bhí agam riamh i mo shaol. Tá sé dochreidte.”

Tá samplaí de shaothar suntasach Ken Walters le feiceáil ar a shuíomh idirlín www.easyart.com/academy/kenwalters

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.