CÚINNE NA nEALAÍON
Rembrandt – máistir an ionracais
Ciara Nic Gabhann Ciara Nic Gabhann Ciara Nic Gabhann

Díoladh pictiúr de chuid Rembrandt, Naomh Séamas Mór, ar $25.8 milliún i Nua-Eabhrac an mhí seo caite. Míníonn Ciara Nic Gabhann cén fáth, dar léise, a bhfuil oiread fiúntais ag baint le saothar an ealaíontóra Ollannaigh seo.

Íomhá
Íomhá
Féinphortráid de chuid Rembrandt

corraí mór agus flosc ar lucht stair na healaíne faoi láthair agus iad ag iarraidh brí a bhaint as *Naomh Séamas Mór *(1661), pictiúr as an tsraith dheireanach de shaothar Rembrandt, a tháinig ar an mhargadh le gairid i Sotheby’s i Nua-Eabhrac agus a díoladh ar $25.8 milliún.

Rinneadh an pictiúr seo 350 bliain ó shin, nuair a bhí Rembrandt ar an trá fholamh, agus ba phictiúr é a tháinig amach as cnuasach mistéireach mothálach, a bhí dírithe ar léargas a fháil ar chuid de phearsana an Tiomna Nua. Níl fhios ag duine ar bith go díreach cén fáth a ndearna an seanmháistir na portráidí lán de mhachnamh seo ach léiríonn siad an tuiscint thochtmhar a bhí ag Rembrandt ar an saol céasta a bhí thart timpeall air.

B’as bailiúcháin príobháideach a tháinig an pictiúr seo den naomh a léiríonn mar fhíordhuine é, seachas mar fhigiúr idéalach – tá craiceann a láimhe, mar shampla, briste agus garbh le hobair chrua agus le bochtanas, agus tá a chuid éadaigh chomh salach agus chomh gioblach sin go dtiocfadh leat a shamhlú go raibh boladh bréan ag teacht as.

Tá an naomh le feiceáil ar an taobh chlé den phictiúr agus a lámha tanaí fáiscthe ina chéile. Tá a chuid gruaige in aimhréidh agus gan air ach cóta barrchaite, clóca ar a bharr agus é ceangailte le fáiscín déanta de shliogán muirín. Tá hata d’éadach garbh ar an tábla taobh leis agus tá sé ina sheasamh agus é dírithe go huile is go hiomlán ar a chuid paidreacha.

Nuair a glanadh an pictiúr sular cuireadh ar ceant é, nochtadh na fíordhathanna saibhre a d’úsáid Rembrandt an chéad lá riamh. Nuair a amharcann tú air ar dtús, is é an donn an príomhdhath a fheicfidh, ach má dhéanann tú mionscrúdú ar an phictiúr chífidh tú nach donn amháin atá ann ach dathanna éagsúla, iad curtha le chéile le tuiscint mhín. Thuig Rembrandt, mar a thuig na hImpriseanaithe a tháinig ina dhiaidh, an dóigh ab éifeachtaí le dathanna a thabhairt chun beatha agus iad curtha taobh lena chéile ar an chanbhás.

Daoine daonna

Bhí Rembrandt báúil leis an ghnáthdhuine agus thaispeáin sé tréithe daonna an naoimh, chomh maith le pearsana eile an Bhíobla, sa tsraith. Is daoine daonna a thagann amach as an chanbhás chugat, daoine nach bhfuil fuarchúiseach ach a mhothaíonn paisean, imní agus crá croí ar nós aon duine eile sa saol.

Bhí suim mhór ag Rembrandt san aghaidh dhaonna agus d’fhill sé ar an ábhar sin arís agus arís eile ar feadh a shaoil – seanaghaidheanna agus aghaidheanna óga agus go háirithe a ghnúis féin, ó Rembrandt an t-ógánach spionnúil aigeanta, go dtí an seanduine spíonta, ag machnamh ar an saol. An duine a léiriú ón taobh istigh, b’in a theastaigh uaidh a dhéanamh, agus an té a mheabhraíonn ar na pictiúir seo, cuireann sé aithne ar dhaoine ina gcáilíocht féin, idir a mbuntréithe marthanacha agus a mianta díomuana.

Mac muilleora ab ea Rembrandt agus saolaíodh é nuair a bhí borradh faoin mheánaicme sa tsochaí Ollannach agus, dá bharr sin, bláth ag teacht ar an phéintéireacht réalaíoch, a d’fhéach le gnéithe de shaol an ghnáthdhuine a léiriú chomh maith le portráidí na n-uaisle a chur ar fáil.

Bhí bua nádúrtha ag Rembrandt ó thaobh na péintéireachta de agus d’éirigh go maith leis go luath ina shaol. Is féidir a shlí bheatha agus cúrsaí thuas seal thíos seal a shaoil a fheiceáil sna féinphortráidí a rinne sé suas go dtí an deireadh. Nuair atá an t-ealaíontóir ar an anás agus ag fulaingt cruatain, sin an rud a fheictear go soiléir glé ina shaothar agus is é an t-ionracas lom neamheaglach seo an tréith is mó a théann i bhfeidhm ort agus tú ag breathnú ar a chuid pictiúr.

Is as Doire ó dhúchas í Ciara Nic Gabhann ach tá sí ina cónaí i mBaile Átha Cliath anois, áit a bhfuil sí ag obair mar mhúinteoir ealaíne.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.