CÚINNE NA nEALAÍON
Ealaín a athraíonn de réir mar a athraíonn do ghiúmar
Ciara Nic Gabhann Ciara Nic Gabhann Ciara Nic Gabhann

grúpa eolaithe tar éis teicneolaíocht a fhorbairt a chuireann ar chumas daoine píosa ealaíne digití a athrú le dreach a n-aghaidhe. Tuairisc ó Chiara Nic Gabhann.

Íomhá
Saothar cáiliúil Edvard Munch, An Scread
Íomhá
Léiríonn na grianghraif seo an tionchar a bhí ag bean a d'úsáid an bogearra ar phíosa ealaíne

Is minic a deirtear go dtugann an ealaín eochair dúinn chun léargas níos fearr a fháil ar an saol thart timpeall orainn. B’fhéidir go spreagtar mothúcháin dhoimhne ionainn agus muid ag amharc ar

shaothar tochtmhar péintéireachta – smaoinigh, mar shampla, ar an tslí a gcuireann saothar Philip Rothko fonn machnaimh ort agus tú ag meabhrú ar na dathanna fíneálta a úsáideann sé. Mar an gcéanna, d’úsáid Vincent Van Gogh agus Edvard Munch péint ar bhealach a scaoil amach mothúcháin a bhí chomh héagsúil le dathanna tuair cheatha agus a thug doras isteach dúinn sa domhan céasta racánach inar mhair siad.

Úsáidtear dathanna go minic mar aidiachtaí radharcacha le cur síos a dhéanamh ar ghiúmar duine agus is é an bunsmaoineamh sin a spreag grúpa eolaithe ó na Stáit Aontaithe agus an Bhreatain le bealach a aimsiú chun ealaín a léiriú a athraíonn de réir mar a athraíonn dreach an duine atá á breathnú.

Baineadh úsáid as ceamara gréasáin le scrúdú a dhéanamh ar aghaidh duine chun príomhthréithe na haghaidhe a aithintcruth an bhéil, mar shampla, malaí cruinnithe nó éadan rocach – agus an t-eolas sin a sheachadadh chuig bogearra speisialta a dhéanann anailís air agus a dhéanann íomhá dhigiteach de. Is éard a tharlaíonn ansin ná go n-athraíonn an íomhá sin ar an toirt de réir chomharthaí sóirt na mothúchán a bhaineann leis an duine atá “sainmhínithe” ag an cheamara gréasáin.

Is féidir leis an ghléas, a dhear grúpa eolaithe ó Ollscoileanna Bath agus Bhostúin, pictiúr digiteach a thaispeáint mar a bheadh píosa péintéireachta ann. Spreagann aghaidheanna feargacha íomhá le dathanna dorcha agus marcanna garbha scuaibe agus spreagann aghaidh ghealgháireach dathanna bríomhara atá measctha go fíneálta.

Is é an cuspóir atá ag an ghrúpa ná taithí idirghníomhach a chur ar fáil do lucht leanúna na healaíne. Dúirt an taighdeoir an Dr John Collomosse ó Ollscoil Bath go ndearna an grúpa taighde ar íomhánna ó thaobh na síceolaíochta de chun teacht ar thuiscint níos fearr ar an dóigh is fearr le cur síos a dhéanamh ar staid mhothúchánach.

“This kind of empathic painting only needs a desktop a computer and a webcam to work, so once you have the program and calibrated it for the individual viewer, you are ready to start recreating personalised art based on your mood,” a dúirt Collomosse.

Gan amhras, is tionscadal suimiúil é seo, tionscadal a osclaíonn amach romhainn féidearthachtaí iontacha maidir leis an teicneolaíocht dhigiteach agus an ealaín, ach is é an cheist mhór a ardaíonn sé ná an ealaín é seo nó cluiche intleachtúil de chineál éigin?

Cé gurb iontach an rud é go bhfuil muid anois ábalta ealaín a bheith againn atá cruthaithe go speisialta le fóirstean do shaol pearsanta duine aonair agus don ghiúmar ar leith atá air ag an am, an gcuidíonn an cineál seo ealaíne linn tuiscint níos fearr a fháil ar an saol sin nó athrú chun feabhais a dhéanamh air?

Cad é faoin ealaín a chuireann dúshlán romhainn agus a spreagann mothúcháin úra ionainn nó a chuireann ar bhealach suntasach leis an léargas atá againn ar an saol atá thart timpeall orainn?

Is as Doire ó dhúchas í Ciara Nic Gabhann ach tá sí ina cónaí i mBaile Átha Cliath anois, áit a bhfuil sí ag obair mar mhúinteoir ealaíne.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.