Spreag cuid oibre na heagraíochta Aisling i Londain an stiúrthóir scannán Tom Collins le scannán a dhéanamh mar gheall ar na himircigh Éireannacha sa chathair sin agus anois, mar a mhíníonn Ciara Nic Gabhann, tá seans ann go bhfaighidh an saothar ainmniúchán do Ghradam Oscar.
“Is féidir liom a rá go macánta gurb í an obair a bhíonn ar siúl ag an tionscadal Aisling a thug an spreagadh dom an scannán Kings a dhéanamh,” a dúirt an stiúrthóir, Tom Collins, agus é ag caint faoina scannán nua, a tháinig amach ar na mallaibh, agus faoin dea-obair a dhéanann Aisling i measc na nÉireannach a chuaigh ar imirce go Londain blianta ó shin agus atá anois fágtha gan dídean nó aon cheangal leis an bhaile.
“Chonaic mé mná agus fir de bhunadh na hÉireann agus iad beo ar shráideanna Londan agus mhothaigh mé go raibh orm rud éigin a dhéanamh nó a rá,” ar seisean.
Tá a scannán bunaithe ar an dráma amharclainne The Kings of Kilburn High Road le Jimmy Murphy agus dírítear ann ar scaifte fear a fhágann a mbaile i gConamara sna seachtóidí lán de bhrionglóidí faoin saol úr atá rompu i Londain, agus ar na deacrachtaí a bhíonn acu ag dul i ngleic leis an saol úr seo mar atá sé i ndáiríre.
Chuaigh an dráma go mór i bhfeidhm ar Collins nuair a chonaic sé é sa Tricycle ar Kilburn High Road agus thosaigh sé ag iarraidh na cearta a cheannach ón scríbhneoir le scannán a dhéanamh de.
“Nuair a bhuail mé le Jimmy Murphy bhí feck all airgead agam le tabhairt dó ach chonaic sé go raibh an-spéis agam sa dráma agus fonn mór orm scannán a dhéanamh de.”
Shocraigh Collins an scannán a dhéanamh trí Ghaeilge seachas i mBéarla, teanga an dráma amharclainne, agus deir go raibh sé ag iarraidh níos mó béime a chur ar an mhearú sóisialta a mhothaigh na fir agus iad ag teacht go húrnua go Londain, agus gur chuir an dráma ag smaoineamh fosta é ar na mílte eile ó thíortha éagsúla a bhaineann an Bhreatain amach sa lá atá inniu ann gan focal Béarla acu.
“Tá Gaeilge á labhairt ag carachtair an scannáin seo leis an nasc atá eatarthu féin mar chomhluadar agus leis an nasc atá acu le hÉirinn a chur in iúl. Is beart dlúthpháirtíochta é, an beart deireanach den chineál sin acu, b’fhéidir. Seo scéal nár insíodh go dtí seo faoin sruth imirce sin agus faoin uaigneas a lean é, agus atá ag tarlú go fóill i measc na mílte imirceach ón Liotuáin, ón Pholainn agus ón tSín.”
Tagann an scéal le chéile agus tríocha bliain caite ar imirce i Londain ag na fir, iad bailithe i dtábhairne ag fágáil slán le duine den gang a fuair bás go tragóideach. Gloine ar ghloine, cuirtear an ruaig ar an chur i gcéill go bhfuil ag éirí go maith le gach duine acu agus sleamhnaíonn an fhírinne shearbh isteach sa scéal nuair a insíonn gach fear acu a scéal truamhéalach féin.
Aisteoirí den chéad scothD’admhaigh Collins gur shíl sé ag an tús go mbeadh deacrachtaí aige tacaíocht airgid a fháil do scannán a bhí faoi fhir mheánaosta agus faoin alcól ach, mar a tharlaíonn sé, ní raibh.
“Thaitin an smaoineamh go mór le Micheál Ó Meallaigh, ar eagarthóir coimisiúnaithe é le TG4. Is as Dún na nGall dó féin agus d’aithin sé na fír sa scéal.”
D’éirigh le Collins aisteoirí den chéad scoth a fháil don scannán, Colm Meaney, Dónal O’Kelly, Brendan Conroy agus Seán Ó Tarpaigh ina measc, agus cé nach raibh an Ghaeilge ar a dtoil ag gach duine acu, bhí go leor spéise acu sa tionscadal agus gnaoi acu ar an teanga le ham a chaitheamh i gConamara ag cur snasa ar a mblas.
Dúirt Colm Meaney go raibh sé tógtha leis an scannán mar go raibh dhá theanga i gceist ann agus gur thaitin sé sin go mór leis, in ainneoin gurbh é féin, dar leis, an duine ba lú Gaeilge ar an fhoireann.
“Ba dhúshlán mór dom é,” a dúirt sé agus é ag caint faoi fhoghlaim na Gaeilge don scannán, “ach ceann a raibh mé iontach sásta glacadh leis.”
Tá Kings san iomaíocht d’ainmniúchán do Ghradam Oscar don scannán is fearr i dteanga iasachta – an chéad uair riamh ar tharla sé seo i gcás scannán Gaeilge – agus tá Tom Collins ag súil go gcuideoidh an scannán agus an phoiblíocht ar fad le haird a tharraingt ar an dea-obair atá á déanamh ag muintir Aisling agus ar an dóchas atá á thabhairt ag an obair sin do na céadta Éireannach a bheadh cráite agus caillte gan é.
“Is é an rud atá go maith ná nuair a thagann daoine amach ón scannán leis an cheist, ‘Cad é a thig liomsa a dhéanamh le cuidiú?’ is féidir linne an freagra a thabhairt – cuidigh leis an Aisling Project, le hairgead nó le do chuid ama,” a deir sé.
Tá tuilleadh eolais le fáil faoin tionscadal fiúntach seo ach scríobh chuig info@aisling.org.uk
Is as Doire ó dhúchas í Ciara Nic Gabhann ach tá sí ina cónaí i mBaile Átha Cliath anois, áit a bhfuil sí ag obair mar mhúinteoir ealaíne.