CÚINNE NA nEALAÍON
Barcelona! Barcelona!
Ciara Nic Gabhann Ciara Nic Gabhann Ciara Nic Gabhann

I rith na bliana seo, tá Ciara Nic Gabhann ag tabhairt eolais mar gheall ar na dánlanna agus áiteanna eile ar fiú cuairt a thabhairt orthu i gcathracha éagsúla timpeall na hEorpa. An mhí seo: Barcelona.

Íomhá
Íomhá
La sau: ceann de na hardeaglaisí is suntasaí sa Spáinn
Íomhá
An Sagrada Familília

Is é iontas súiloscailte an pháiste a mhothaíonn an té a chaitheann aon am ar shráideanna spleodracha ildaite Barcelona, príomhchathair na Catalóine. Déanann an chathair ionsaí ar na céadfaí ó thaobh radharcanna, dathanna, fuaimeanna agus blasanna de agus is cinnte nach leor cuairt amháin chun d’fhiosracht agus do mhianta a shásamh.

Cathair fhorchéimnitheach mhuiníneach atá i mBarcelona ina bhfuil port gnóthach agus lárionad trádála rathúil atá ina ábhar mórtais ag bunadh na háite, é sin agus an saibhreas agus éagsúlacht atá le feiceáil sna dánlanna, sna hiarsmalanna agus sna heaglaisí atá le fáil go flúirseach ar fud na cathrach.

Las Ramblas

Tagann an t-ainm Las Ramblas ón fhocal Araibise ramla, a chiallaíonn gaineamh, agus tagraíonn sé don sruthán séasúrach a ritheadh tríd an chathair uair amháin. Ba ar ghrinneall gainmheach an tsrutháin seo a tógadh an tsráid agus sin an fáth gur Las Ramblas a thugtar ar an tsráid is clúití seo de chuid na cathrach. Seo an chéad áit a dtéann tromlach mór na gcuairteoirí a thugann cuairt ar an chathair an-spéisiúil seo.

Bun agus barr cúig shráid le chéile atá sa tsráid eicléicteach seo, agus is tearmann faoi scáth crann agus faoiseamh ón ghrian í an chuid lárnach do choisithe, agus do na céadta díoltóir earraí agus aisteoir a bhíonn in iomaíocht lena chéile chun d’aird a tharraingt. Tá caifí, siopaí agus bialanna le fáil ar dhá thaobh na sráide, rud a thugann deis iontach don chuairteoir tuirseach sos a thógáil agus sult a bhaint as na radharcanna agus as bheith ag amharc ar na daoine ag dul thar bráid.

An Barri Gotic

Is ar an taobh thoir de Las Ramblas atá sráideanna cúnga lúbacha an Barri Gotic agus iad lán de

shamplaí taibhseacha den ailtireacht mheánaoiseach, go háirithe ón 14ú agus 15ú céad. Is fiú go mór fosta cuairt a thabhairt ar La Seu, ceann de na hardeaglaisí is suntasaí sa Spáinn, a tógadh ar shuíomh seanteampaill Romhánaigh agus a críochnaíodh sa bhliain 1450. Moltar, lena chois sin, cuairt a thabhairt ar thuama naomhphátrún na heaglaise, Santa Eulalia, agus ar an chlabhstra álainn ón 14ú céad agus an gairdín gleoite bláthbhreac atá in aice leis.

Palau Reial agus Museu Frederic Mares

Is ar an Placa del Rei, ar chúl na heaglaise, atá an Palau Reial. Pálás chúntaí Barcelona a bhí san fhoirgneamh seo i gcaitheamh an 14ú céad agus is ionad do thaispeántais agus cheolchoirmeacha é anois. Chomh maith leis an Museu d’Historia de la Ciutat, ina bhfuil bailiúchán fairsing d’iarsmaí na cathrach Rómhánaí le feiceáil, is fiú am a chaitheamh ag féachaint ar an chnuasach aisteach de lámhdhéantúsáin Frederic Mares.

Dealbhóir, ealaíontóir agus deisitheoir seod meánaoiseach a bhí i Mares a bhailigh gréibhlí éagsúla go tréan i gcaitheamh a shaoil (1893-1991). Tá dhá urlár san iarsmalann lán de rudaí a bhailigh sé thar 50 bliain: lámhainní, cártaí toitíní, bataí siúil, snaois, seanrothair, tithe bábóg agus go leor rudaí eile. Gan amhras, chuirfeadh an taisce neamhghnách seo iontas ar dhuine ar bith.

Museu Picasso

Ag tú ag siúl leat sa Barri tiocfaidh tú ar La Ribera, an ceantar ina bhfuil Museu Picasso suite in dhá phálás mheánaoiseacha. Bailiúchán suntasach atá le feiceáil anseo a léiríonn an éagsúlacht stíleanna a bhí ag Picasso i rith a shaoil agus tá samplaí ann óna thréimhse bhándearg, ghorm agus chiúbach chomh maith le saothar luath dá chuid nach mbeadh chomh haitheanta céanna.

Chónaigh Picasso sa Barri le linn a óige agus bhí cion mór aige ar Barcelona agus ar an chultúr Chatalónach. Is féidir na foirgnimh ar oibrigh sé agus ar chónaigh sé iontu a fheiceáil go fóill ann.

An Eixample agus an Sagrada Família

Tháinig an-rath ar Barcelona le linn an 19ú céad agus dá bharr sin bhí gá le méadú a dhéanamh ar an Barri Gotic chun freastal ar an phobal nua saibhir trádála a bhí ag teacht chun cinn. Cuireadh tús le comórtas chun an Eixample, nó méadú ar an tseanchathair, a dhearadh agus a thógáil agus is anseo a chuir go leor den lucht rachmais fúthu. Theastaigh áiteanna cónaithe uathusan a thaispeáin ní hamháin an rath a bhí orthu ach a léirigh an cultúr bríomhar dúchasach Catalónach a bhí acu chomh maith.

B’ag an am sin fosta a tháinig gluaiseacht nua ailtireachta an Modernisme chun tosaigh a d’fhéach le cineál ailtireachta a chruthú a chuir cultúr agus náisiúnachas na Catalóine in iúl agus leis an ghluaiseacht seo tháinig Antoni Gaudi chun cinn lena stíl ailtireachta féin atá go fóill, sa 21ú céad, gan chomparáid.

Temple Expiatiori de la Sagrada Família

Bhí An Sagrada Família le bheith ina eaglais simplí go leor ach nuair a fuair Antoni Gaudi an coimisiún in 1884 chonaic sé gur deis a bhí ann náisiúnachas agus spioradáltacht an phobail Chatalónaigh a chur os comhair an tsaoil. Thosaigh sé ag tógáil na heaglaise atá anois aitheanta mar cheann de na píosaí ailtireachta is neamhghnáiche agus isbunúla sa domhan.

Fuair Gaudi bás i ndiaidh taisme bóthair i 1926 sula raibh an eaglais críochnaithe. D’fhág a bhás an chathair ní hamháin faoi dhobrón ach go mór trína chéile maidir leis an bhealach ab fhearr leis an eaglais a chríochnú nuair nach raibh aon phleananna fágtha ag Gaudi. Sa deireadh thiar, i ndiaidh tréimhse fhada conspóide, thosaigh an obair arís sna caogaidí agus tá dóchas ann go mbeidh sí críochnaithe faoin bhliain 2020.

Saothar eile le Gaudi

Parc Guell

Suite ar chnoc, le radharcanna iontacha ar an chathair, cuireann páirc osréalaíoch Gaudi iontas agus áthas ar shean agus ar óg.

Casa Batlló

Ag déanamh cur síos ar an teach a dhear Gaudi don tionsclóir Josep Batlló, dúirt an

t-ealaíontóir Salvador Dali go raibh sé cosúil le bheith ag amharc ar “uisce ciúin locha”.

Is cinnte nach mbeidh tú díomhaoin agus tú ag tabhairt cuairte ar an cathair álainn seo ach má bhíonn beagán beag ama le spáráil agat, agus go leor fuinnimh agat go fóill, is fiú gan na háiteanna eile seo a chailleadh:

  • An Museu d’Art Contemporani de Barcelona

www.macba.es

  • Fundació Joan Miró

www.bcn.fjmiro.es

  • Museu Nacional d’Art de Catalunya

www.mnac.es

Is as Doire ó dhúchas í Ciara Nic Gabhann ach tá sí ina cónaí i mBaile Átha Cliath anois, áit a bhfuil sí ag obair mar mhúinteoir ealaíne.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.