CÚINNE NA nEALAÍON
Féiniúlacht fhíorúil
Ciara Nic Gabhann Ciara Nic Gabhann Ciara Nic Gabhann

Má tá tú ag éirí rud beag bréan den saol laethúil atá agat is féidir leat anois saol eile ar fad a chruthú duit féin gan stró. San alt seo, tugann Ciara Nic Gabhann léargas ar fheiniméan comhaimseartha, an saol fíorúil.

Íomhá
Is féidir mianta do chroi a chomhlíonadh ar Second Life
Íomhá
Tá comhlachtaí móra ar nós Nike ag léiriú spéise sa domhan fíorúil
Íomhá
Slart: Iris ealaíne Second Life
Íomhá
Saothar de chuid an abhatáir StarAx Statosky

I rith an lae, is cuntasóir meánaosta é Micheál. Oibríonn sé go héifeachtach dícheallach agus baineann sé slí bheatha réasúnta amach dó féin. Ach nuair a thagann a lá oibre chun críche, athraíonn Micheál go Michelle – mainicín álainn sna fichidí, a shaothraíonn airgead mór as gach taispeántas faisin a mbíonn sí páirteach ann. Tá cónaí ar Michelle i ndíonteach lena peata beag Tiffy agus, nuair nach mbíonn sí ag obair, caitheann sí a laethanta ag dul chuig ceantanna ealaíne le saothair a cheannach dá hárasán agus ag ól Cristal lena cairde.

Ar eagla na heagla go bhfuil tú in amhras faoin scéal seo, caithfidh mé a insint duit go bhfuil sé go hiomlán fíor: is pearsa í Michelle atá cruthaithe ag Micheál dó féin i saol fíorúil ar a dtugtar Second Life.

Is pobal fíorúil idirlín é Second Life (www.secondlife.com) ina gcruthaíonn fíordhaoine íomhánna samhalta,abhatáir, díobh féin. Bíonn na rannpháirtithe ag dul i mbun cúrsaí an tsaoil fhíorúil seo amhail is dá mba é an fíorshaol é.margadh ann do gach cineál gnó – fíor agus fíorúil – ina mbaintear úsáid as airgead fíorúil ar a dtugtar an Linden Dollar. Is féidir an Linden a cheannach le fíorairgead – is é an ráta malairte ná US$1: 268 Linden. Ar an dóigh seo, tá ceangal an-réalaíoch idir an saol fíorúil agus an fíorshaol! Is amhlaidh go bhfuil córas speisialta i gceist, LindeX, leis na malartuithe a chur i gcrích.

Glacann suas le 2.8 milliún duine páirt sa “dara saol” seo ar bhonn rialta. Mar gheall ar go bhfuil an oiread sin spéise á léiriú ann, ní haon ionadh é go bhfuil comhlachtaí agus eagraíochtaí móra gnó san fhíorshaol – Reuters, Nike agus Sony, cuir i gcás – ag teacht i dtír ar an fheiniméan, agus tá leithéidí úinéirí dánlann ealaíne agus ealaíontóirí i measc iad siúd ar mian leo a gcuid féin den ghnó a bheith acu.Cúrsaí ealaíne

Is é an cineál ealaíne a bhíonn ar díol ar Second Life ná cóipeanna de shaothair ón fhíorshaol – is féidir iad a cheannach agus cuirfear sa phost chuig an cheannaitheoir iad. Ach tá saothair eile i gceist chomh maith – dealbha cinéiteacha, cuir i gcás – atá ann sa chiall fhíorúil amháin. Tá réimse leathan saothar ar fáil ó thaobh praghais de – d’íocfá idir 100 agus 15,000 Linden dollar orthu, nó níos mó arís dá mbeadh saothar sainiúil nó bunleagan de shaothar ar leith á cheannach agat.

Déantar plé san iris idirlín Slart *(Second Life Art*) ar gach rud atá ag tarlú sa saol fíorúil agus san fhíorshaol ó thaobh cúrsaí ealaíne de, agus tacaíonn an iris chomh maith leis na dánlanna atá ag gníomhú ar Second Life. Bítear ag déanamh plé san

iris maidir le cé acu an dtiocfaidh méadú faoi luach saothar fíorúil ealaíne ar leith, nó nach dtiocfaidh. Bíonn díospóireachtaí ar siúl inti chomh maith maidir le cé acu an bhfuil an luach céanna ag baint le healaín fhíorúil agus atá ag baint le healaín réalaíoch nó nach bhfuil.

Ealaíontóir amháin atá ag teacht i dtír ar an ghnó nua seo ná Jeffrey Lipsky, nó Filthy Fluno mar is fearr aithne air ar Second Life. Léirítear íomhánna ina shaothar – atá teibí agus a bhfuil tréithe an ghraifítí ag baint leo – de radhairc agus de dhaoine ó Second Life, chomh maith le híomhánna a bhaineann lena fhíorshaol.

codarsnacht mhór idir abhatár Jeffrey Lipsky agus an duine atá ann, dáiríre. Is fear geal é Lipsky ach is Afra-Mheiriceánach é Filthy Fluno, a chuirfeadh Jean-Michel Basquiat – foinse inspioráide Andy Warhol – i gcuimhne duit.

Ealaíontóir eile a bhfuil an-rath air sa saol nua seo ná StarAx Statosky, ar ainm fíorúil é. Cruthaíonn sé saothar aislingeach, brionglóideach nach bhfuil ann ach amháin sa chiall fhíorúil – níl sé ar fáil go fisiciúil san

fhíorshaol. Cé go bhfuil a shaothar rud beag twee – sampla amháin dá ealaín nféileacán ag ainliú os cionn sióige atá ina suí ar bhláth mór is ea sampla amháin den chineál ruda a dhéanann sé – tá an-tóir ar a chuid íomhánna agus tá clú bainte amach aige i measc phobal an dara saol. Bhí taispeántas aisbhreathnaitheach dá chuid saothar le feiceáil san Aho Art Museum, ar dánlann chlúiteach de chuid an tsuímh Second Life í, agus tá cuid mhór bailitheoirí ealaín idirlín i ndiaidh samplaí dá shaothar a cheannach.

Do bharúil an n-amharcfadh an féileacán agus an tsíog go deas i seomra suí dhíonteach Michelle?Is as Doire ó dhúchas í Ciara Nic Gabhann agus tá sí ag obair mar mhúinteoir ealaíne i meánscoil nua lán-Ghaelach in Inis Eoghain i mbliana.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.