CÚINNE NA nEALAÍON
Saothar Freud san Áras Nua-Ealaíne
Ciara Nic Gabhann Ciara Nic Gabhann Ciara Nic Gabhann

Tá Ciara Nic Gabhann ag súil go mór le cuairt a thabhairt ar thaispeántas de shaothar an ealaíontóra Shasanaigh Lucian Freud a bheidh le feiceáil i mBaile Átha Cliath ón mhí seo ar aghaidh.

Íomhá
Féinphortráid de chuid Lucian Freud
Íomhá
Portráid chonspóideach Freud den Bhanríon Eilís II

Beidh taispeántas suntasach ollmhór de shaothar an ealaíontóra cháiliúil Lucian Freud le feiceáil in Áras Nua-Ealaíne na hÉireann i mBaile Átha Cliath ón 6 Meitheamh. Taispeántas é seo a chaithfidh súil chuimsitheach siar ar a shaothar, chomh maith le léargas a thabhairt ar na hábhair a bhí mar fhoinsí inspioráide aige i rith a shaoil.

Léiríonn an taispeántas seo, a bhfuil breis is 50 píosa péintéireachta le feiceáil ann, saibhreas Freud mar phéintéir agus tá cuid den saothar ar taispeáint den chéad uair go poiblí. Tá saothar eitseála agus obair déanta ar páipéar mar chuid den taispeántas chomh maith. Is minic a ceanglaíodh a stíl phéintéireachta le gluaiseachtaí ealaíne éagsúlaan réalaíochas, osréalaíochaseispriseanachas, cuir i gcás – ach is é an saothar dá chuid ina stíl shainiúil ionraic féin, a d’fhorbair sé thar na blianta, is mó a gcuirfidh daoine spéis ann sa taispeántas seo. Baineann an saothar seo leis an chorp nocht chomh maith le féinphortráidí, portráidí de chairde, gaolta agus leannáin agus iad léirithe aige ar bhealach díreach neamheaglach.

Is garmhac é de sheanmháistir na síceolaíochta Sigmund Freud agus, cé gur saolaíodh i mBeirlín i 1922 é, bhog an teaghlach go Londain i 1933 mar gheall ar bhagairt an Naitsíochais, agus is i Sasana a fuair sé a chuid oiliúna agus a bhfuil cónaí air go fóill.

Bhí claonadh osréalaíoch go minic i saothar luath Freud agus léiríodh sé daoine agus plandaí ar bhealaí neamhghnácha. Tháinig athrú ar a stíl phéintéireachta sna 50í agus ba é an corp nocht a bhí mar ábhar spéise aige feasta thar aon rud eile agus in áit é a phéinteáil le péint thanaí, mar ba nós leis, thosaigh sé ag úsáid péint thiubh agus dathanna maolaithe. Bhí an stíl seo le bheith ina comhartha sóirt ar a shaothar sna blianta a bhí le teacht – stíl a bhí go hiomlán úr agus stíl amh fheolmhar a thaitin go mór leis an phobal.

Tá trácht ag Freud air seo ina dhírbheathaisnéis agus tá sé ráite aige go bhfuil “dóchas, cuimhne, collaíocht agus caidreamh” ag baint lena shaothar, rud a léiríonn an dlúthchaidreamh go minic a bhí idir é féin agus an duine a bhí faoi scrúdú aige. I measc na bportráidí a bheidh le feiceáil sa taispeántas, tá a chuid iníonacha, agus pictiúr taibhseach den ealaíontóir stáitse Leigh Bowry a rinneadh i 1994.

D’admhaigh Freud go bhfuil sé tíoránta ó thaobh na slí a scrúdaíonn sé a mhainicín agus é á phéinteáil agus bhí an easpa trócaire seo le feiceáil sa phortráid oifigiúil a rinne sé den Bhanríon Eilís II in 2001. Cáineadh go géar sna meáin chumarsáide é agus rinne The Sun gearán, mar shampla, nach raibh mórán míneadais ag baint leis an phortráid agus fiú go raibh Freud i ndiaidh *5 o’clock shadow *a thabhairt di!

Mar sin féin, tá clú idirnáisiúnta bainte amach ag Freud lena shaothar chomh maith le duaiseanna luachmhara (is Companion of Honour é agus bronnadh an Order of Merit air fosta) ach in ainneoin sin ní rómhinic a bhíonn an deis ag an phobal taispeántas chomh leathan agus chomh saibhir leis an cheann seo a fheiceáil.

ceangal aige leis an tír seo le fada agus chaith sé tréimhsí anseo ar cuairt anuas trí na blianta agus a rian sin le feiceáil ar a shaothar. Rinneadh an pictiúr Interior Scene i gConamara i 1948, mar shampla, ina dtaispeánann sé radharc brionglóideach de bhean agus a corp leathchlúdaithe ag géag sméar dubh agus cuirtín. Sa phictiúr Dead Cock’s Head, a rinne sé i 1951 agus é ar cuairt i mBaile Átha Cliath, is léir an tionchar a bhí ag an chathair sin air.

Beidh an taispeántas seo le feiceáil go dtí 2 Meán Fómhair.

Breis eolais: www.imma.ie

Is as Doire ó dhúchas í Ciara Nic Gabhann ach tá sí ina cónaí i mBaile Átha Cliath anois, áit a bhfuil sí ag obair mar mhúinteoir ealaíne.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.