Labhair Ciara Nic Gabhann leis an scríbhneoir agus stiúrthóir Dave Duggan, fear a bhfuil aitheantas idirnáisiúnta faighte ag a shaothar, agus ar foilsíodh bailiúchán dá dhrámaí le gairid.
Is scríbhneoir agus stiúrthóir ildánach é Dave Duggan, a bhfuil idir aitheantas náisiúnta agus idirnáisiúnta bainte amach aige lena chuid drámaí stáitse agus scáileáin agus a chuid leabhar. Ainmníodh a dhráma scáileáin Dance Lexie Dance do Ghradam Oscar agus bhain sé Gradam Stuart Parker ar na mallaibh as a cheoldráma Gaeilge Gruagairí.
Tá cónaí air féin agus a chlann i nDoire ó na hochtóidí agus is as an tréimhse shuaite sin den stair a thagann go leor den ábhar ina shaothar.
Foilsíodh cnuasach dá shaothar le déanaí faoin teideal Plays in a Peace Process, agus tá na drámaí a scríobh sé idir na blianta 1996 agus 2007 le fáil ann. Bailiúchán suntasach atá ann a mheabhraíonn ar agus a scrúdaíonn tréimhse chinniúnach leochaileach i saol mhuintir na sé chontae.
Ní neart taithí ag Dave Duggan ar shaol atá lán d’éagsúlacht agus de chlaochlú. Rugadh i Londain é i ndiaidh dá thuismitheoirí dul anonn ó Phort Láirge, cosúil le go leor eile de mhuintir na hÉireann, ag lorg oibre sna caogaidí. Chuir siad fúthu in Paddington agus is le gean a chuimhníonn sé ar na comharsana ilnáisiúnta a bhí acu ansin agus ar an mhúinteoir bunscoile ar thaitin a chuid scéalaíochta léi.
“Bean ó Bhéal Feirste a bhí mar oide sa scoil, agus is cuimhin liom í mé a mhealladh amach os comhair an ranga agus mise ag insint scéalta; mé i mo sheasamh ar stól ag scéalaíocht liom. Caithfidh go raibh rud éigin ann.”
Bhog an teaghlach ar ais go Port Láirge le cónaí i dteach a mamó agus d’fhreastail Dave ar scoil de chuid na mBráithre de la Salle ar chomhairle a sheanathar, a cheap go mbeadh na Bráithre Críostaí ródhian air agus é gan taithí orthu i Londain. Tosaíonn sé ag gáire agus é á insint seo dom agus fiafraíonn sé díom go magúil an bhfuil mé ábalta na cnapáin a fheiceáil ar bharr a chloiginn go fóill! Thaitin sé go mór leis a bheith ar ais i bPort Láirge i measc a mhuintire, a chairde agus a phobail féin agus, in ainneoin go raibh tréimhsí deacra ann, bhí sé sona go maith ansin.
“Bhí bochtanas ann cinnte; bhí m’athair agus mo mháthair dífhostaithe ar feadh tamaill fhada ach ní bochtanas ar leibhéal Frank McCourt a bhí ann. Mar a deir scríbhneoirí áirithe: “Ní thig liom aon rud a scríobh; bhí óige normálta agam!”
D’éirigh go maith leis ó thaobh a chuid scolaíochta de agus bhain sé scoláireacht amach dó féin agus é sé bliana déag d’aois le freastal ar aon cheann de na hollscoileanna móra sa tír chun eolaíocht, innealtóireacht nó leigheas a dhéanamh. Ba dheis é nach raibh aon taithí ag a theaghlach nó duine ar bith ón eastát tithíochta air ach sa deireadh shocraigh sé ar an eolaíocht a dhéanamh sa Choláiste Ollscoile i mBaile Átha Cliath.
Thaitin a chuid ama leis ansin ar go leor dóigheanna ach thit an tóin as a shaol acadúil agus shocraigh sé ar philleadh ar ais go Port Láirge i ndiaidh an dara bliain le machnamh a dhéanamh ar an bhóthar roimhe.
“Bhí mé ró-óg. Thug an briseadh seo seans dom amharc ar mo shaol. Bhí mé ar scoil gan stad go dtí sin agus anois lig seo domh mo mhachnamh a dhéanamh ar rudaí. Theip orm go hacadúil ach d’fhoghlaim mé a lán rudaí (sa bhliain amuigh) faoin saol, cúrsaí eacnamaíochta, agus araile. Chuaigh mé ar ais agus chríochnaigh mé an tríú bliain. Bhí sé níos fearr agus bhain me i bhfad níos mó suilt as.”
Obair thar learIs cuid thábhachtach dá chúlra creideamh láidir a bheith agat sa cheardchumannachas agus a bheith réidh le tacaíocht a thabhairt do do chomhoibrithe, mar sin ba rogha intuigthe é nuair a chinn sé ar sheal ama a chaitheamh ag obair mar mhúinteoir agus bainisteoir tionscadal don eagraíocht VSO (Voluntary Services Overseas), i mBoirneo ar dtús ar feadh dhá bhliain agus ansin dhá bhliain eile in iarthar na hAfraice.
“Léim an-mhór a bhí ann ach thug sé deis dom aithne a chur orm féín agus mo chumhacht phearsanta féin a iniúchadh. Sa tréimhse seo d’fhás mé cuid mhór mar dhuine, sílim’
Is san Afraic a bhuail sé lena bhean chéile, Diane Traynor, Sasanach de shliocht Éireannach, agus nuair a dúirt sise go raibh sí ag iarraidh a bheith níos cóngaraí don bhaile, shocraigh sé féin go raibh sé in am dó pilleadh fosta.
“Ní raibh mé ag iarraidh a bheith i mo ex-pat, fear geal thar lear, don chuid eile de mo shaol. Tháinig mé ar ais agus rinne mé bliain i gColáiste Naomh Pádraig i nDroim Conrach ag dul don mhúinteoireacht agus nuair a fuair Diane post i nDoire mar leabharlannaí, fuair mise post i Leitir Ceanainn mar mhúinteoir bunscoile.”
Plays in a Peace Process an leabhar is déanaí uaidh agus tá trácht ann ar ghnéithe den phróiseas síochána pearsanta trí shúile daoine éagsúla. In gcodanna eile dá shaothar díríonn sé a aird ar ábhair chomh héagsúil le féinmharú i measc an aosa óig (an scannán Tumbleturns), na deacrachtaí a bhaineann le bheith i do thuismitheoir aonair (an scannán Dance Lexie Dance), agus mná óga ag iarraidh a slí a dhéanamh sa saol (an ceoldráma Gruagairí).
D’fhág sé an mhúinteoireacht le bheith ag obair le déagóirí i nDoire ar thionscadal trasphobail sna blianta 1983 go 1988. Blianta corracha a bhí iontu sa chathair agus cé go raibh an obair dúshlánach corruair, thaitin sí go mór leis agus thosaigh sé ag meabhrú ar na dóigheanna le dul i ngleic leis na fadhbanna a bhí le feiceáil thart air agus an foréigean a sheachaint.
“Is é an bochtanas an foréigean is uafásaí ar fad, ní na gunnaí. Tá níos mó daoine ag fáil bháis de bharr an bhochtanais agus tá réiteach simplí ar an fhoréigean sin. Cén dóigh ar féidir linn dul i ngleic leis na trioblóidí sin, na fadhbanna sin, gan foréigean a úsáid?” Is cuid lárnach dá shaothar buncheisteanna mar seo.
Tá iarracht déanta ag Dave Duggan teacht ar dhóigheanna le hamharc ar na ceisteanna seo ar bhealach samhaltach trína chuid scríbhneoireachta – le teagmháil a dhéanamh lena lucht féachana ar bhealach nach bhfuil cointinneach.
Bhí an scríbhneoireacht i gcónaí mar rud lárnach dá shaol agus thuig sé go dtiocfadh an t-am, luath nó mall, nuair a bheadh sé ag scríobh ar bhonn lánaimseartha. Deich mbliana ó shin bhunaigh sé an compántas amharclainne Sole Purpose Productions in éineacht le Patricia Byrne chun plé go cruthaitheach le ceisteanna sóisialta agus poiblí den chineál a raibh sé ag machnamh orthu agus is le linn na tréimhse seo a tháinig an t-ábhar atá in Plays from a Peace Process chun cinn.
Tá a shaothar anois le feiceáil i suímh éagsúla sa tír: ionaid phobail, tithe tábhairne, hallaí de chuid an Oird Oráistigh agus amharclanna traidisiúnta, chomh maith le háiteanna i bhfad i gcéin ar nós Kabúl na hAfganastáine.
“Bealaí eile a theastaíonn uainn. Ní oibríonn an pholaitíocht dúinn; ní oibríonn an foréigean ná an innealtóireacht shóisialta. Bainimis triail as na healaíona. Sin é, dearcadh eile.”
Mar fhocal scoir deir sé, agus aoibh mhagúil air, gurb é seo a thréimhse “ghorm” – ag tagairt do thréimhse ghorm Picasso – agus go mbeidh sé ag bogadh go dtí a thréimhse “bhándearg” gan mhoill!
Is as Doire ó dhúchas í Ciara Nic Gabhann agus tá sí ag obair mar mhúinteoir ealaíne i meánscoil nua lán-Ghaelach in Inis Eoghain ó bhí mí Mheán Fómhair 2007 ann.