CÚINNE NA nEALAÍON
Léiriú ar uafás na cogaíochta in Manhattan
Ciara Nic Gabhann Ciara Nic Gabhann Ciara Nic Gabhann

Is deacair don té a mhaireann i sochaí shíochánta uafás na cogaíochta a thuiscint. Sin an fáth, dar le Ciara Nic Gabhann, a bhfuil tábhacht ar leith ag baint le taispeántas speisialta atá ar siúl i Nua-Eabhrac faoi láthair.

Íomhá
An t-oifigeach cabhlaigh Christopher Brownfield le cuid de na saothair ar tháinig sé orthu i mBagdad. Ní theastaíonn ón ealaíontóir atá sa ghrianghraf leis a aghaidh a thaispeáint ar chúiseanna sábháilteachta.
Íomhá
Dealbh de Saddam á leagan chun talaimh i mBagdad sa bhliain 2003.
Íomhá
Tá léiriú glinn le fáil i saothair mar "Guernica" le Picasso ar uafás na cogaíochta

Nuair a thosaigh an t-oifigeach cabhlaigh Christopher Brownfield a sheal dualgais i mBagdad, ba bheag duine a shamhlaigh sé go mbeadh sé ag sárú an dlí go luath ina dhiaidh sin agus saothair ealaíne ón Iaráic á smuigleáil go dtí na Stáit Aontaithe aige.

Bhí Brownfield lonnaithe i gCrioslach Glas Bhagdad, ar ceantar faoi chosaint throm é. Tá Ambasáid na Stát Aontaithe agus Parlaimint na hIaráice lonnaithe sa Chrioslach agus tá cuid mhór de bhunadh Bhagdad ina gcónaí ann.

Tharla go raibh sé amuigh sa cheantar céanna ag lorg carbhait dó féin nuair a tháinig sé ar shiopa ina raibh cuimhneacháin agus bric-a-brac ar díol agus thosaigh sé a chaint leis na húinéirí faoi chúrsaí ealaíne.

“Nuair a thosaigh mé a chaint leis na daoine sa siopa, fuair mé amach go raibh go leor saineolais acu ar an ealaín agus go raibh céim sa Mhínealaín ag cuid acu fosta. Bhí fonn orthu tuilleadh eolais a fháil mar gheall ar chúrsaí ealaíne sna Stáit Aontaithe,” ar sé.

Cuireadh tús le caidreamh neamhchoitianta eatarthu agus rinne siad leabhair Mheiriceánacha ealaíne agus cinn Iarácacha a mhalartú lena chéile.

Nasc cultúrthaBhí teorainn lena raibh siad ábalta a rá lena chéile i mBéarla nó in Araibis; ba trí na leabhair agus na pictiúir a d’éirigh leo nasc cultúrtha a chothú agus cumarsáid a dhéanamh lena chéile.

Baineadh preab as Brownfield, i ndiaidh dó a bheith cairdiúil leo ar feadh cúpla mí, nuair thosaigh na healaíontóirí ag taispeáint saothar dá gcuid féin dó. Ní raibh na saothair seo ar díol sna siopaí turasóireachta agus léiríodh iontu an foréigean agus an t-anord a bhí i gceist ó cuireadh tús leis an chogadh.

Mar gheall ar chaighdeán agus ar fhairsinge na saothar seo, spreagadh Brownfield le teacht ar bhealach éigin le cuidiú leis na healaíontóirí seo a raibh streachailt chrua á déanamh acu le slí bheatha a bhaint amach dóibh féin. D’iarr sé orthu ligean dó a saothar a thaispeáint agus a dhíol sna Stáit Aontaithe agus, in ainneoin go raibh drogall agus eagla orthu iad féin a chur i gcontúirt, ghlac siad lena mholadh.

Ba dhúshlán é 100 canbhás a smuigleáil as an Iaráic trí chóras poist arm na Stát Aontaithe agus, lena chinntiú go dtiocfaidís ar fad slán sábháilte go Nua-Eabhrac, níor inis Brownfield an fhírinne iomlán agus é ag comhlánú na bhfoirmeacha custaim.

Tá cuid de na saothair anois le feiceáil sa Pomegranate Gallery, Manhattan, agus léirítear iontu radhairc agus dearcaidh éagsúla maidir leis an chogadh san Iaráic.

Sraith íomhánnaTá tús áite tugtha sa dánlann do shraith íomhánna le Mohammed al-Hamdany dar teideal Laylat al-Nar (Oíche na Tine), ar léiriú í ar an ionradh a rinneadh ar an Iaráic in 2003. Tá 25 pictiúr sa tsraith seo, ina léirítear daoine ag stánadh amach óna n-árasáin ar an fhoréigean atá ar siúl sna sráideanna thíos fúthu.

Maraíodh deartháir al-Hamdany faoi réimeas Saddam Hussein agus léiríonn sé an dealbh den deachtóir a leagadh chun talaimh i mBagdad i lár an chanbháis mar chomhartha go bhfuil deireadh tagtha leis an tseanré.

alltacht, uafás agus brúidiúlacht an chogaidh le mothú sna pictiúir ach is léir fosta go bhfuil an t-ealaíontóir idir dhá chomhairle maidir le ról na bhfórsaí Meiriceánacha ina thír.

Tá sé deacair dúinn an cogadh san Iaráic a mheas go hoibiachtúil mar go gcaithfear an tionchar atá ag na meáin chumarsáide agus ag na polaiteoirí ar an dóigh a n-amharcann muid ar rudaí a chur san áireamh. Go minic, ní fhaigheann daoine léargas fírinneach i dtuairiscí meán mar gheall ar an uafás agus an dobrón a leanann cogaí.

Ach is minic go mbíonn ealaíontóirí ábalta éalú ón laincis sin agus an fhírinne shearbh, lom a insint. Bua mór na healaíne is ea é gur féidir léi aird a tharraingt ar an rud atá faoi cheilt i dtuairiscí eile – an tsraith pictiúr Los Desastres de la Guerra

(Uafáis na Cogaíochta) le Francisco Goya agus “Guernica” le Picasso, cuir i gcás.

Ar an dea-uair, ní cuid dár saolna í an chogaíocht agus is deacair dúinn, dá bhrí sin, an dóigh a dtéann sí i bhfeidhm ar dhaoine a shamhlú. Sin an fáth a bhfuil tábhacht agus fiúntas ag baint le saothar Mohammed al-Hamdany agus a leithéid, atá ábalta léargas fírinneach a thabhairt dúinn ar shaol mhuintir na hIaráice, atá ag maireachtáil faoi chrann smola na cogaíochta. Is as Doire ó dhúchas í Ciara Nic Gabhann agus tá sí ag obair mar mhúinteoir ealaíne i meánscoil nua lán-Ghaelach in Inis Eoghain ó bhí mí Mheán Fómhair 2007 ann.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.