CÚINNE NA nEALAÍON
Saothar de chuid Van Gogh ceannaithe ag an Ghailearaí Náisiúnta
Ciara Nic Gabhann Ciara Nic Gabhann Ciara Nic Gabhann

Beidh an pictiúr de chuid Vincent Van Gogh a cheannaigh Gailearaí Náisiúnta na hÉireann i mBaile Átha Cliath an mhí seo caite ar taispeáint ansin go luath. Féachann Ciara Nic Gabhann ar chúlra an tsaothair.

Íomhá
D'íoc an Gailearaí Náisiúnta €900,000 ar an phictiúr seo de chuid Van Gogh ó 1886
Íomhá
Féinphortráid de chuid Van Gogh
Íomhá
Páirc Chruithneachta agus Préachain Ann (1890), ceann de na saothair dheireanacha a phéinteáil Van Gogh

Le gairid, cheannaigh Gailearaí Náisiúnta na hÉireann i mBaile Átha Cliath saothar suntasach a rinne an t-ealaíontóir cráite Vincent Van Gogh.

Is é *Vue de Paris aux environs de Montmartre *an pictiúr atá i gceist agus díoladh ar €900,000 é ag ceant ealaín Impriseanaíoch agus Nua-Aimseartha a reáchtáil Sothebys i Londain an mhí seo caite.

Rinne Van Gogh an staidéar ola (atá 18 x 14.5 orlach) de cheantar Montmartre i samhradh na bliana 1886, díreach i ndiaidh do Páras a shroicheadh le stopadh lena dheartháir Theo. Ba cheannaí ealaíne mar aon le bainisteoir dánlainne i Montmartre é Theo agus saothar a bhain leis an ghluaiseacht Impriseanaíoch agus le Barbizon is mó a bhí sa dánlann aige.

Ní raibh ach sé bliana caite ag Vincent mar ealaíontóir lánaimseartha ag an phointe seo ina shaol – cinneadh ar ghlac sé leis mar a bheadh dualgas spioradálta ann. Ba é an cleachtadh a bhí aige go dtí sin ná pailéad dorcha gruama a úsáid agus é ag léiriú an tsaoil laethúil a bhí á scrúdú aige ina thír dhúchais, an Ísiltír. Is léiriú maith é *An Lucht Ite Prátaí, *a bhaineann leis an tréimhse seo, ar an stíl a bhí aige chomh maith leis an chomhbhá a bhí aige le gnáthmhuintir na tuaithe agus an meas a bhí aige orthu.

Is iad na radharcanna iontacha den cheantar a bhí le feiceáil ón árasán ar Rue Lepic a roinn Van Gogh lena dheartháir a spreag na ceithre phictiúr a bhfuil Vue de Paris aux environs Montmartre *ar cheann acu,* agus rinneadh é nuair a bhí sé ar tí a mhodh oibre a athrú de bharr an tionchair a bhí ag na healaíontóirí air ar bhuail sé leo i bPáras.

Deir an Dochtúir Raymond Keaveney, Stiúrthóir an Ghailearaí, go raibh an t-ádh orthu an pictiúr seo a fháil, agus gur sleeper a bhí ann sa mhéid is nár tháinig na buanna agus an tábhacht a bhain leis chun solais láithreach, ach go léiríonn sé cárbh as a tháinig Van Gogh ó thaobh a theicnicí péintéireachta de agus cá raibh sé ag dul.

I bPáras a bhuail sé le ceannródaithe na gluaiseachta Impriseanaí agus Iar-Impriseanaí, leithéidí Claude Monet, Camille Pissarro, Paul Gauguin, Georges Seurat agus Henri de Toulouse Lautrec, agus ba iad siúd a spreag é lena stíl féin a fhorbairt. Chuir Pissarro ina luí air dathanna níos gile a úsáid agus roimh i bhfad bhí sé ag úsáid fíordhathanna gan truailliú agus ag péinteáil ar bhealach scaoilte agus saor.

Níor chaith Van Gogh ach dhá bhliain i bPáras sular fhág sé an chathair sin le dul go hArles sa deisceart in 1888. Spreag an solas geal agus na dathanna iontacha ansin go mór é agus ba as an dá bhliain a bhí fágtha dá shaol tragóideach, sular chuir sé lámh ina bhás féin, a tháinig an chuid is clúití agus is forbartha dá shaothar chun cinn.

Chríochnaigh Van Gogh breis is 800 pictiúr agus 700 píosa líníochta le linn an deich mbliana a chaith sé ag obair mar ealaíontóir, agus is truamhéalach agus íorónta an rud é nár éirigh leis ach pictiúr amháin a dhíol i rith a shaoil chráite. “Is geall le reiligiún í an phéintéireacht,” a dúirt sé, “agus cuireann sí dualgas ar an phéintéir neamhaird a thabhairt ar dhearcadh an phobail.”

Tá i gceist go mbeidh Vue de Paris ar taispeáint i sciathán Dargan an Ghailearaígo luath agus cuirfidh sé go mór leis an chnuasach de shaothar Impriseanaíoch agus Iar-impriseanaíoch atá le feiceáil cheana féin ann.

Is as Doire ó dhúchas í Ciara Nic Gabhann ach tá sí ina cónaí i mBaile Átha Cliath anois, áit a bhfuil sí ag obair mar mhúinteoir ealaíne.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.