Tá stair shuimiúil ag baint le lúbra i Sasana, Julian’s Bowers, atá á atógáil faoi láthair. An cúlra ó Chiara Nic Gabhann.
Tá saol úr sa 21 haois geallta don lúbra meánaoiseach, Julian’s Bowers i Lincolnshire Shasana, i ndiaidh iarrachtaí dúthrachtacha caomhantóirí comhshaoil leis an lúbra a shábháil agus a atógáil.
Is in Alkborough i dtuaisceart Lincolnshire atá an lúbra claí féir seo suite agus é déanta d’fháinní a lúbann agus a chasann isteach agus amach ar a chéile ar bhealach a chuirfeadh mearbhall ort. Ceanglaíonn na fáinní ar fad le chéile chun ciorcal ollmhór a dhéanamh a bhfuil trastomhas de 13.5 méadar aige ó thaobh amháin go dtí an taobh eile.
Níl mórán eolais faoi stair an lúbra nó fiú cén fáth ar tógadh an chéad lá riamh é. Baineann an t-ainm Julian’s Bower le lúbraí eile sa tír ach tá saineolaithe den tuairim go bhfuil rud éigin speisialta faoin cheann seo i Lincolnshire. Creideann cuid de na saineolaithe gur áis súgartha go bunúsach a bhí ann, cosúil le go leor lúbraí eile - sórt stuara siamsaíochta meánaoiseach – ach tá sé tugtha faoi deara ag daoine eile go bhfuil patrún an lúbra seo an-chosúil le patrún dhearadh urlár Ardeaglais Chartres na Fraince, agus is eol dúinn gur mar áis aithrí a d’úsáidtí patrún an urláir sin. Ba ghnách le cuairteoirí ar an eaglais an patrún a shiúl (go minic ar a nglúine) in éiric a bpeacaí.
Tá lúbra rúndiamhrach Alkborough i ndiaidh na mílte cuairteoir a mhealladh thar na céadta bliain agus is iad cosa (agus glúine b’fhéidir?) na gcuairteoirí fiosracha seo ba chúis leis an droch-chreimeadh a rinneadh ar an láithreán.
“Tá an-rún ag baint leis an iarsma seo,” arsa Keith Miller (cigire de chuid English Heritage). “Is míorúilt é go bhfuil sé againn go fóill. Is rud gearrshaolach agus leochaileach é lúbra den chineál seo, a mbíonn daoine ag siúl air, ach tá féar curtha againn a bhíonn in úsáid ar na páirceanna móra peile sa tír agus cuideoidh
sin le saol níos faide a thabhairt dó – é sin agus na cuairteoirí a gcuid buataisí móra siúlóide a fhágáil sa bhaile!”
D’oibrigh grúpa pobail áitiúil i dteannta leis an chomhairle contae agus English Heritage leis an seanphatrún a leanúint agus na síolta úra féir a chur.
Bhíodh Julian’s Bowers in úsáid ag daoine áitiúla chomh fada siar leis na meánaoiseanna agus creidtear go raibh lúbra eile ann sa cheantar céanna. Scríobh an staraí Abraham de la Pryme ina dhialann sa bhliain 1697:
Tá dhá chluiche Rómhánacha acu ansin (Alkborough), ceann a dtugann siad Gillian’s Bore air, agus ceann eile ar a nglaoitear Troy’s Walls. Níl iontu ach lúbraí móra gearrtha isteach sa talamh agus ardán thart timpeall orthu le go bhfeicfeadh an lucht féachana an spórt.
Rinne William Shakespeare tagairt do lúbraí cosúil leis na cinn seo sna drámaí A Midsummer Night’s Dream agus The Tempest agus b’fhéidir gur tháinig an t-ainm Julian’s Bower ó Iúil, mac le hAeneas na Traí. De réir an bhéaloidis, bhí ballaí sheanbhaile ársa na Traí tógtha ar bhealach chomh casta sin nach dtiocfadh le naimhde ar bith a rinne a mbealach isteach sa chathair a mbealach a dhéanamh amach arís!
Séadchomhartha suimiúil é Julian’s Bowers, agus is suntasach an méid dua (agus airgid) atá á chaitheamh air, ainneoin nach bhfuil an láithreán féin go hard ar liosta tosaíochtaí English Heritage. Is maith an rud nach in Éirinn atá sé suite, in aice leis an M3! Is as Doire ó dhúchas í Ciara Nic Gabhann ach tá sí ina cónaí i mBaile Átha Cliath anois, áit a bhfuil sí ag obair mar mhúinteoir ealaíne.