CÚINNE NA nEALAÍON
Joseph Barbera, rí na gcartún, ar lár
Ciara Nic Gabhann Ciara Nic Gabhann Ciara Nic Gabhann

Féachann Ciara Nic Gabhann siar ar shaol an bheochantóra Joseph Barbera a fuair bás roimh an Nollaig.

Íomhá
Joseph Barbera le cuid de na carachtair a chruthaigh sé.
Íomhá
Íomhá
William Hannah agus JosephBarbera agus cuid de na gradaim a bhuaigh siad

“Chruthaigh Joseph Barbera, in éineacht lena pháirtí William Hanna, ní hamháin sár-réaltaí cartúin ach cuid den phopchultúr Meiriceánach a bhfuil dúil againn uilig – idir pháistí agus dhaoine fásta – ann. Crothnóidh a chlann agus a chairde é ach mairfidh sé ina chuid oibre.”

Barry Meyer, Cathaoirleach agus Príomhfheidhmeannach Warner Bros

Spreagadh go leor cuimhní geanúla ar na mallaibh nuair a fógraíodh go raibh an nuálaí cartúin Joseph Barbera i ndiaidh bás a fháil sa bhaile i Los Angeles. Ceannródaithe a bhí i Barbera agus a pháirtí, William Hanna, agus chuir an bheirt acu spréach agus úire i gcúrsaí beochana le cartúin mar The Flintstones, Scooby Doo, Yogi Bear, The Jetsons *agus *Tom and Jerry. Is cinnte nach raibh a fhios acu ag an am cé chomh híocónach is a bheadh na cartúin seo agus an méid pléisiúir a thabharfadh siad dá lucht féachana líonmhar sa bhaile agus i gcéin.

Saolaíodh Barbera i Nua-Eabhrac i 1911 agus tógadh sa chathair sin é. Cé go raibh bua na líníochta aige, bhí postanna éagsúla aige i dtús a shaoil; chaith sé seal ag obair mar bhaincéir, cuir i gcás, mar scríbhneoir drámaí agus mar dhornálaí amaitéarach.

Fostaíodh mar scríbhneoir agus cartúnaí é i Stiúideo Van Beuren i 1932, agus fuair sé taithí thábhachtach ansin go dtí 1936, nuair a dúnadh an stiúideo. Fuair sé post i Stiúideo MGM ansin agus bhog sé ó Nua-Eabhrac go California, áit ar casadh a pháirtí William Hannah air den chéad uair.

Ba theacht le chéile stairiúil é agus thosaigh an bheirt acu ag obair ar shraith cartún dar teideal *Puss Gets the Boot *– cartúin a thug beirt de na carachtair is clúití i saol na beochana, Tom agus Jerry, chun beatha agus a bhain seacht nGradam Acadaimh do Hannah agus Barbera sna blianta a bhí le theacht.

Chaith an bheirt fhear breis is seasca bliain ag obair le chéile agus le linn na tréimhse torthúla sin d’fhorbair siad stíl bheochana ina raibh cuid mhór cleasaíochta agus grinn. Bhí carachtair shimplí ildaite acu, a bhíodh bunaithe go minic ar phearsantachtaí clúiteacha, agus léiríodh a gcuid cartún mar a léireofaí sitcom beo. Rinneadh an tsraith The Flintstones in ómós don scannán mór a bhí ag Jackie Gleason, The Honeymooners, agus craoladh na cláracha gan stad ó 1960 go dtí 1966 agus arís sna seachtóidí, rith nár sáraíodh roimhe sin nó ina dhiaidh sin, go dtí gur tháinig The Simpsons ar an fhód i 1989. Is díol suime é gur in ómós do Tom and Jerry a forbraíodh na carachtair Itchy and Scratchy i The Simpsons.

Thuig Hannah agus Barbera cúrsaí grinn ó thaobh gluaiseachta agus cleasaíochta de agus ba iad a chruthaigh an stíl ghasta mheargánta atá mar bhuntreoir ag cruthaitheoirí cartún an lae inniu.Is iad Tom and Jerry a leag síos an tslat tomhais do gach rud a tháinig ina ndiaidh i gcúrsaí beochana agus níor sáraíodh riamh iad. Tá foréigean an chait agus é sa tóir ar an luchóg beagnach osréalach agus tá greann fíorchliste in amthomhas na ngeáitsí agus sna cleasa líníochta, greann a bhain an ghoimh as an fhoréigean.

“Tháinig a láidreachtaí éagsúla le chéile go foirfe,” a scríobh an léirmheastóir Leonard Maltin ina leabhar Of Mice and Magic: A History of American Animated Cartoons. “Bhí bua na líníochta agus greann ag Barbera agus thug Hannah daonnacht agus grinntuiscint ar chúrsaí gluaiseachta leis.”

Go deimhin, d’fhag William Hannah agus Joseph Barbera oidhreacht shaibhir ina ndiaidh – oidhreacht a chuireann gliondar ar dhaoine ar fud an domhain a bhfuil gean acu ar na carachtair iontacha a chruthaigh siad le chéile.

Yabba-Dabba-Doo! Slán agus beannacht le Joseph Barbera.Is as Doire ó dhúchas í Ciara Nic Gabhann ach tá sí ina cónaí i mBaile Átha Cliath anois, áit a bhfuil sí ag obair mar mhúinteoir ealaíne.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.