Ciontaíodh beirt phinsinéirí agus a mac le gairid as bob ollmhór a bhualadh ar [i]cognoscenti[/i] shaol na healaíne. Insíonn Ciara Nic Gabhann scéal an teaghlaigh a raibh gnó luachmhar brionnaithe acu ar feadh na mblianta.
Ciontaíodh beirt phinsinéirí agus a mac le gairid as dallamullóg a chur ar institiúidí móra ealaíne an domhain le beagnach fiche bliain anuas agus iad ag déanamh cóipeanna de phíosaí ealaíne agus de sheandachtaí luachmhara.
D’éirigh le George Greenhalgh, a bhean Olive agus a mac Shaun – atá 84, 83 agus 47 bliana d’aois faoi seach – tionscal brabúsach tinteáin inar chóipeáil siad seandachtaí a reáchtáil óna dteach beag sraithe in Bolton, Sasana. Meastar gur ghnóthaigh siad idir £850,000 agus £2m ó chuaigh siad i mbun an ghnó lofa seo faoi choim.
Agus d’éirigh go hiontach leis an tionscal, a bhuíochas ar shárscileanna Shaun Greenhalgh – a bhí freagrach as an chóipeáil – agus a athair George, a mheall na saineolaithe lena scileanna margaíochta, mar a mheallfadh iascaire ardoilte an t-iasc isteach ina líon.
D’éirigh le Shaun dallamullóg a chur ar shaineolaithe na gcomhlachtaí móra seandachtaí in Leeds, i Vín, i Londain agus i Nua-Eabhrac.
“Fear margaíochta ab ea George,” a dúirt Ian Lawson, an bleachtaire a bhí bainteach leis an fhiosrúchán agus é ag cur síos ar chomh plásánta agus a bhí an pinsinéir agus ar chomh furasta is a bhí sé aige an ceann is fearr a fháil ar na saineolaithe móra ealaíne. “Tá cuma mhacánta air,” a dúirt sé, “tá sé aosta agus é i gcathaoir rothaí.”
Tús na comhcheilgeCuireadh tús leis an chomhcheilg i bhfómhar na bliana 1989 nuair a chuaigh George Greenhalgh ar a rothar go hOllscoil Mhanchain agus déantán airgid ina lámh aige a raibh píosa adhmaid istigh ann. Bhí clúdach leathair ar an déantán agus é fliuch báite. D’éirigh le George cur in luí ar shaineolaithe na hollscoile gur tharrtháil sé an píosa ón abhainn in aice le Preston, ag maíomh gurbh é sin ba chúis le hé a bheith fliuch. Taobh istigh den déantán airgid bhí inscríbhinn Angla-Shacsanach a mhaígh gurbh as “Fíor-Chros” Iarúsailéim a bhí an t-adhmad tógtha.
Rinne foireann ó Mhúsaem na Breataine agus English Heritage tástáil ar an déantán airgid agus dhearbhaigh siad nach ndearnadh é sa deichiú haois, ach dúirt siad go raibh seans ann go raibh an píosa adhmaid féin barántúil.
Rinne an teaghlach neart píosaí bréige ina dhiaidh sin, agus cé nár éirigh leo i
gcónaí an bob a bhualadh, bhí siad i dtólamh seasmhach ina gcuid iarrachtaí. Nuair a chuirtí ceist orthu faoin áit ar tháinig siad ar na hearraí, deireadh siad i gcónaí gur le hoidhreacht a fuair an teaghlach seilbh orthu.
Fuair Shaun Greenhalgh a chuid smaointe as seanchatalóg a tháinig as Silverton Park - eastát Iarla d’Egremont - a rinne cur síos ar an airnéis a bhí á ceantáil ar an eastát sa bhliain 1892. Agus earra bréige déanta aige, bhaineadh se úsáid as an chatalóg sin mar fhianaise lena chruthú gurbh é an t-earra barántúil a bhí ann.
ScilBhí éagsúlacht iontach ag baint leis an chaimiléireacht a bhí ar bun acu – d’éirigh leo, mar shampla, saothar de chuid an phéintéara LS Lowry, mar aon le píosa de chuid an dealbhóra Barbera Hepworth, a chóipeáil go foirfe, rud a léirigh cumas agus oilteacht Shaun i réimse leathan stíleanna, tréimhsí agus disciplíní.
Ach sa deireadh, ba é an dealbh a rinne siad den Bhanphrionsa Amarna, iníon na Banríona Nefertiti, a rinne feall orthu. Bhí an t-earra bréige seo ar an phíosa is mó ar ghnóthaigh an teaghlach brabús as nuair a dhíol siad é le Músaem Bolton in 2003 ar phraghas £500,000.
“Ba é an cás brionnaithe ab éagsúla agus ab fhadmharthanaí dá raibh baint agam riamh leis,” a dúirt an Bleachtaire-Sháirsint Vernon Rapley ón Metropolitan Police.
Thit an tóin as a ngnó luachmhar nuair a d’éirigh saineolaithe ó Mhúsaem na Breataine amhrasach faoi thrí rilíf Aisiriacha a bhí déanta as cloch ghreanta a thairg an teaghlach dóibh in 2005. Tugadh faoi deara nach raibh na sonraí orthu ag teacht le rilífe eile Aisiriacha a bhí acu agus go raibh botún gramadaí san inscríbhinn dhingchruthach a bhí orthu.
Cuireadh na póilíní ar an eolas faoin scéal agus tógadh an teaghlach os comhair na cúirte.
Gearradh ceithre bliana agus ocht mí príosúnachta ar Shaun Greenhalgh, gearradh bliain phríosúnachta ar an mháthair, ach cuireadh an phianbhreith ar fionraí, agus tá breithiúnas fós le déanamh agus pianbhreith fós le gearradh ar George.
Is cinnte go bhfuil tallann shuntasach ag baint leis an fhear ciúin cúthail seo Shaun Greenhalgh, agus b’fhéidir i ndeireadh na dála nár cuireadh tús leis an tionscal ar mhaithe leis an airgead. Níor chaith an teaghlach mórán den airgead a bhí gnóthaithe acu agus bhí saol simplí acu; níor léirigh siad riamh go raibh rachmas bainte amach acu. B’fhéidir gurbh é an pléisiúr a bhain siad as an tionscal ná gur éirigh leo bob a bhualadh ar cognoscenti shaol na healaíne. Ní bheidh a fhios againn go dtí go scríobhfaidh duine de na Greenhalghs a leagan féin den scéal.
Is as Doire ó dhúchas í Ciara Nic Gabhann agus tá sí ag obair mar mhúinteoir ealaíne i meánscoil nua lán-Ghaelach in Inis Eoghain i mbliana.