CÚINNE NA nEALAÍON
Na Ballaí agus a Scéalta
Ciara Nic Gabhann Ciara Nic Gabhann Ciara Nic Gabhann

Bhí Ciara Nic Gabhann ag caint le lucht ealaíne ó thuaidh a bhfuil roinnt den athrú saoil feicthe acu.

Tá ag éirí chomh maith sin leis an togra trasphobail Re-imaging Communities i dTuaisceart Éireann go raibh ar an Chomhairle Ealaíon ansin iarrataisí nua a chur ar an mhéar fhada i rith an tsamhraidh.

Thosaigh an feachtas cruthaitheach seo trí bliana ó shin leis an sprioc go mbeadh deis ag daoine áitiúla a bheith rannpháirteach i dtionsnaimh ealaíne lena gceantar a athmhaisiú le híomhánna nach raibh conspóideach, polaitiúil, foréigeanach, paramíliteach nó seicteach.

Bhí i gceist go mbeadh ionadaithe ón phobal i gcomhair le healaíontóirí, ábalta athbhreithniú a dhéanamh ar cheisteanna a bhain le féiniúlacht, cultúr agus le stair agus go bhfásfadh as an iniúchadh sin íomhánna nua do mhúrphictiúir, a rachadh in áit na seaníomhánna conspóideacha.

Deir ráiteas ó Chomairle Chathair Dhoire go spreagann an tionscadal seo: ‘the creation of vibrant and attractive shared public space through the use of the creative arts in the public realm, which will celebrate life, enhance the physical and natural environment and help people feel part of the community in which they live.’

Is le linn na dTrioblóidí (1969 -1994) a tháinig an chuid is mó de na múrphictiúir seo sa tuaisceart chun tosaigh, agus is minic a thug siad léargas ar na mothúcháin a bhí ag na gnáthdhaoine chomh maith leis na dreamanna paramíliteacha a bhí ag feidhmiú sna ceantracha éagsúla. Thaispeáin cuid mhór acu an líne teorann a bhí idir eastáit títhiochta náisiúnacha agus dílseacha agus d’fhógair siad go soiléir an an ghráin a bhí ag an dá thaobh dá chéile.

Mhothaigh roinnt daoine sa dá phobal san am corraithe sin gurb iad ballaí na dtithe agus na sráideanna an t-aon spás a bhí ar fáil acu féin lena racht a ligean, nuair a bhí cinsireacht ar bun sna gnáthmheáin chumarsáide agus nuair a bhí bac ar dhaoine labhairt amach.

Tá scéal tragóideach an tuaiscirt le feiceáil i ndathanna ildaite ar bheanna tithe ar fud na tire agus déanann siad blianta cráite stair na dTrioblóidí a léíríú le héífeacht. Tá an chuid is mó acu cruthaithe ag daoine neamhaitheanta agus taispeánann cuid mhór acu ardscileanna ó thaobh an cur i láthair agus coincheap ealaíne de. Is díol speise iad do thurasóirí a thagann ina sluaite anois, ó tharla an sos cogaidh agus bíonn fonn orthu siúl thart agus grianghrafanna a tharraingt.

An bhfuil sé de cheart againn na pictiúir seo a bhaint anuas mar sin nó an bhfuil siad mar chuid shuntasach d’oidhreacht fhuilteach an tuaiscirt ? An cóir iad a shábháíl nó an uafás iad a ghoilleann ar an intinn agus a choinníonn an nimh beo i gcuisle daoine agus ar cheart dúinn a bheith réidh leo?

Dar leis an ealaíontóir áitiúil Peadar Seoighe, atá ag obair ar an cheathrú pictiúr i lár eastát tithíochta protastúnach i nDoire go bhfuil daoine sásta go bhfuil athrú ag teacht ar a dtimpeallacht.

Baineann an saothar poiblí a chruthaíonn sé le téamaí a roghnaigh na daoine iad féin le ceiliúradh/comóradh a dhéanamh ar choinceapa ar nós : Cath an Somme, agus Rotha Mór an tSaoil. Tá brí agus dóchas ag baint leo. Bhí breis is 300 duine páirteach i dtogra amháin a rinne sé, a thaispéain lámha daoine ag dul thart timpeall ar an bhalla i gcruth bláth mór ildaite. Suimiúil go leor, i measc na ndaoine a chuidigh go deonach agus a d’fhág lorg a mboise ar an bhalla, bhí iarphríosúnach, bean a bhí sna 90í agus bhí leanbh nach raibh ach trí lá d’aois.

“Chuir lorg na mná a bhí sna 90í agus lorg an linbh an ghruaig ina colgsheasamh ar mo chloigeann” a dúirt Peadar agus é ag caint faoin tionscadal. ‘Tús agus deireadh rotha an tsaoil’.

Mhínigh sé dom go raibh an-tacaíocht aige ón phobal agus nach ndearnadh aon scrios ar na pictiúir ó rinneadh iad – go raibh an pobal ag glacadh seilbhe orthu.

Níl achan duine den tuairim gur rud fiúntach é an tionscadal tuaisceartach seo agus go bhfuil cur i geill ar siúl ag údarás na tíre go bhfuil an bhearna idir an pobal caitliceach agus an pobal protastúnach ag laghdú. A mhalairt ar fad atá fíor, dar le Kevin Rooney, a scríobhann ina bhlag Northern Ireland – painting over the cracks (www.spiked-online.com)

“Níl an tionscadal seo ach ag scríobadh ar chraiceann na faidhbe agus is léiriú maith é ar chomh beagchumhachtach agus bréagach is tá an próiseas síochána é féin. Cinnte, tá de bhuntáiste ag na dathanna geala sna pictiúir seo nach bhfuil na ballaí teorann seo chomh cosúil anois le ballaí príosúin agus a bhíodh siad, ach ní cheileann siad an fhírinne lom go bhfuil dhá phobal an tuaiscirt níos scartha anois ná riamh ó thosaigh an próiseas síochána.”

Spreagann an saothar seo na mballaí sa tuaisceart mothúcháin agus tuairimí láidre i ndaoine agus cén fáth nach spreagfadh siad a leithéid? I ndiaidh an iomláin, d’fhás siad amach as tréimhse a bhí pianmhar agus brúidiúil. Fágfaidh mé an focal scoir ag fear óg a nocht a thuairim liom ach nach raibh sásta a ainm a thabhairt. Dúirt sé go raibh sé fíorbhródúil as na múrphictiúir ina cheantar agus in áiteanna eile i mBéal Feirste a fhad is thaispéain siad an rud ceart.

“Ní rud ceart an seicteachas, íomhánna den bhás, de chloigne agus fir faoi aghaidh fidil ag cothú fuatha i measc na ndaoine. Ach is rud ceart an tsaoirse agus a bheith saor ón chos ar bolg. Ní shílim go gcaithfidh Béal Feirste a fháil réidh leis na pictiúir seo le dul chun cinn a dhéanamh. Caithfidh muid glacadh lena chéile agus lenár ndifríochtaí agus is féidir leis na pictiúir seo léargas a thabhairt ar ár n-éagsúlachtaí cultúir.”

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.