Tá comhoibriú ar siúl i dtionscadal ealaíne idir iarphríosúnach poblachtánach agus dílseoir a d’fhéadfadh cabhrú go mór leis an chaidreamh trasphobail. Cúlra an scéil ó Chiara Nic Gabhann.
Tá muintir an tuaiscirt cleachta le beanna tí a fheiceáil á n-úsáid mar a bheadh canbhás iontu agus iad ag fógairt stair agus polaitíocht a gceantar le pictiúir de leithéidí Bobby Sands, an Rí Liam ar a chapall agus comhraiceoirí in balaclavas agus gunnaí á n-iompar acu. Tá na beanna céanna aitheanta anois mar ráitis láidre de dhearcadh na bpobal a chruthaíonn iad agus mar phíosaí suntasacha ealaíne, agus tagann cuairteoirí ó gach cearn chun breathnú orthu agus pictiúir a ghlacadh díobh, ó tháinig an sos cogaidh i bhfeidhm.
Is díol suntais, mar sin, agus léargas ar an athrú meoin atá ag tarlú sna sé chontae go bhfuil beirt ealaíontóirí múrmhaisithe – Danny Devenny, iarphríosúnach poblachtánach a d’fhoghlaim a cheird sa Cheis Fhada agus Mark Ervine, mac le iarcheannaire an PUP, David Ervine, a fuair bás i mbliana – i ndiaidh a theacht le chéile agus an sprioc chéanna acu – saothar a dhéanamh i gceantair lucht oibre Learphoill, an chathair atá roghnaithe mar phríomhchathair chultúrtha na hEorpa don bhliain 2008.
Tá saothar a rinne an bheirt acu féin le feiceáil thart timpeall Bhéal Feirste, chomh maith le dhá mhúrmhaisiú shuntasacha ar oibrigh an bheirt acu le chéile orthu – ceann amháin atá bunaithe ar leagan de Guernica, pictiúr cáiliúil Picasso, agus ceann eile a dhéanann ceiliúradh ar na briogáidí idirnáisiúnta a throid in éadan Franco i gCogadh Cathartha na Spáinne.
Ach is ar ábhar níos éadroime atá siad ag iarraidh díriú an t-am seo: ba mhaith leo dhá mhúrmhaisiú dhéag a dhéanamh i gceantair éagsúla i Learpholl, a léireoidh clúdaigh cheirníní na Beatles, leithéidí Revolver, Yellow Submarine agus Sgt. Pepper’s Lonely Hearts Club Band.
Tá clú ar Danny Devenny as an saothar dá chuid ar théamaí poblachtánacha atá le feiceáil thart ar iarthar agus tuaisceart Bhéal Feirste ach an iarraidh seo tá gné eile dá shaol – a mhórdhúil i gceol na Beatles – á léiriú aige.
“Tá mé anois 53 bliain d’aois, agus tá mé ag fáil deise roinnt eile de mo chuid fíorlaochra a phéinteáil. Baineann na híomhánna seo le rudaí atá dearfach, a spreagann fonn i ndaoine miongháire a dhéanamh. Dá dtiontófá coirnéal sráide agus portráid de John Lennon a fheiceáil ar an bhalla os do chomhair, chuirfeadh sé sin miongháire ar d’aghaidh gan amhras! Mheall na ballaí múrmhaisithe i mBéal Feirste na mílte turasóir le cuairt a thabhairt ar an chathair, agus níl cúis ar bith nach bhféadfadh an rud céanna tarlú i Learpholl.”
Comhoibriú leis an aos ógTá baint ag Mark Ervine leis an traidisiún múrmhaisithe ó bhí sé ina bhuachaill óg ag fás aníos i mBéal Feirste. Creideann sé go láidir go n-éireoidh leis féin agus le Danny Devenny comhoibriú leis an aos óg i Learpholl agus go gcuideoidh siad leis an dlúthghaol a bhí riamh idir an dá cathair a choinneáil beo.
“Níor phéinteáil mé gunnadóirí riamh; rinne mé iarracht cloí le hábhair chultúrtha agus stairiúla i gcónaí,” a dúirt Ervine. “Ní shamhlóinn go deo fiche bliain ó shin go mbeinn ag obair mar seo le hiarphríosúnach poblachtánach. Creideann an bheirt againn sa chomhoibriú seo, go háirithe nuair a chuireann tú san áireamh go bhfuil baint ag daoine éagsúla ón dá thaobh den phobal leis. Ní saothar na beirte againne amháin é seo; tá go leor daoine eile páirteach ann chomh maith.”
Chonaic Peter Morrison agus Gregory Brennan saothar na beirte nuair a tháinig siad ar cuairt go Béal Feirste ó Learpholl in 2005. Chuaigh na pictiúir i bhfeidhm go mór orthu, chomh maith leis an chomhoibriú a bhí idir Devenny agus Ervine. Chinn siad ar labhairt leo faoi rud den chineál céanna a dhéanamh i Learpholl.
“Nach iontach an eiseamláir a bheadh ann de chaidreamh trasphobail do mhuintir Learphoill,” a dúirt an tUasal Morrison agus é ag caint faoi Ervine agus Devenny ag obair le chéile. “Thiocfadh leo cuid mhór rudaí a spreagadh agus cuidiú le
háiteanna eile coimhlinte. Nach mbeadh sé go hiontach dá mbeadh ballaí múrmhaisithe i Learpholl nach mbeadh aon bhaint acu le polaitíocht ná le cúrsaí creidimh. Saothar, go díreach, a thabharfadh aitheantas dearfach do Learpholl mar ardchathair chultúrtha na hEorpa agus spreagadh agus ardú meanman dá mhuintir.”
Cé nár éirigh le hiarratas na beirte a bheith mar chuid d’imeachtaí na cathrach don bhliain 2008, tá siad dóchasach go dtiocfaidh athrú ar an scéal roimh i bhfad.
Tá tacaíocht acu ó pholaiteoirí agus lucht léinn Learphoill agus Uladh, chomh maith le tacaíocht ón scríbhneoir Jimmy McGovern. Tá litreacha scríofa acu chuig Paul McCartney agus baintreach John Lennon, Yoko Ono, ag iarraidh orthu a n-ainm a chur leis an tionscadal chomh maith.
Mothaíonn Devenny agus Ervine beirt gur rud dearfach atá i gceist leis an chaidreamh atá eatarthu. Glacann Devenny leis go bhfuil a gcuid tuairimí polaitíochta pearsanta féin acu ach tá go leor rudaí i gcoitinne acu fosta.
“Bhí muid ag iarraidh taispeáint do dhaoine, go háirithe daoine óga, dá mbeadh muidne ábalta a bheith ag obair le chéile go dtiocfadh le duine ar bith é a dhéanamh.”
Is as Doire ó dhúchas í Ciara Nic Gabhann ach tá sí ina cónaí i mBaile Átha Cliath anois, áit a bhfuil sí ag obair mar mhúinteoir ealaíne.