CÚINNE NA nEALAÍON
Rasher – ar mhuin na muice
Ciara Nic Gabhann Ciara Nic Gabhann Ciara Nic Gabhann

Dhiúltaigh coláistí éagsúla ealaíne áit a thabhairt do Mark “Rasher” Kavanagh ar a gcúrsaí i lár na nóchaidí ach anois tá cáil idirnáisiúnta bainte amach aige mar ealaíontóir agus tá Tom Cruise i measc a chuid custaiméirí. Labhair Ciara Nic Gabhann leis le gairid.

Íomhá
Rasher le hAli Hewson, ag seoladh na gcártaí Nollag do Thionscadal Páistí Chernobyl
Íomhá
Portráid Rasher de Louis Walsh

Tá an-rath ar an ealaíontóir Mark “Rasher” Kavanagh na laethanta seo. Thosaigh a bhliain le taispeántas mór péintéireachta san óstán clúiteach Le Chateau Marmont i Los Angeles agus tá Colin Farrell, Tom Cruise agus an Banphrionsa Haya ón Iordáin i measc na gcustaiméirí atá aige. Sa bhliain 2004 fuair sé coimisiún mór ón déantóir uisce bheatha Jameson agus in 2002 rinne sé cártaí Nollag a dhearadh do Thionscadal Pháistí Chernobyl.

Ní mar sin a bhí sé i gcónaí i gcás an fhir thréithigh seo as Brí Chualainn – i ndiaidh dó an scoil a fhágáil i lár na nóchaidí agus cúrsa iar-Ardteistiméireachta déanta aige, bhí sé ag súil go mbeadh sé ábalta leanúint lena chuid staidéir i gceann de na coláistí ealaíne sa phríomhchathair. B’éigean dó athsmaoineamh a dhéanamh, áfach, nuair a diúltaíodh dó i ngach ceann acu.

“Bhí sé deacair gan amhras, ach rinne mé cinneadh leanúint leis an ealaín pé scéal é. Fuair mé tacaíocht ó mo thuismitheoirí – ainneoin go raibh m’athair buartha go mbeadh sé an-dian slí bheatha a bhaint amach dom féin sa phéintéireacht. Lig siad dom mo sheomra codlata a úsáid mar stiúideo agus b’ansin a d’fhan mé, ó dhubh go dubh, ag péinteáil liom. Nigh mé urláir ollmhargaidh san oíche agus leag mé síos tíleanna chun airgead a fháil le hábhair phéintéireachta a cheannach. Corruair, bhí mo sheomra codlata mar a bheadh príosún ann!”

D’éirigh leis cúpla taispeántas áitiúil a chur ar siúl, agus mar thoradh air sin agus ar a dhíograis, fuair sé taispeántas aonair i mBaile Átha Cliath, aitheantas i bpáipéar nuachta náisiúnta agus cuireadh chun dul ar an chlár teilifíse “The Late Late Show” ar RTÉ.

Chaith Rasher roinnt blianta ag taispeáint a shaothair i ndánlanna Bhaile Átha Cliath – taithí a ghnóthaigh aitheantas dó i measc phobal ealaíne na tíre. Os a choinne sin, méadaíodh ar an bhrú ina shaol de réir mar bhí an t-éileamh ó na dánlanna ag fás. Ainneoin go ndéanann sé a ghnóthaí féin a láimhseáil anois, le cuidiú ó ghníomhaire ealaíne, tuigeann sé chomh tábhachtach is atá dánlanna i gcás ealaíontóirí óga atá ag dul i mbun oibre den chéad uair.

An chomhairle a chuirfinn ar ealaíontóirí óga ná go gcaithfidh tú brú a chur ort féin dul amach ansin agus a bheith ceanndána agus tú ag iompar do shaothair thart ar na dánlanna,” a dúirt sé. “Fiú muna nglactar leat an chéad uair, is fiú leanúint ort go misniúil le do chuid oibre agus dul ar ais is ar ais go dtí go bhfaighidh tú do sheans. Caithfidh muid ar fad tosú áit éigin!”

Is péintéir imfhiosach é Rasher a fhaigheann a inspioráid ón saol mór thart timpeall air. An rud is mó a spreagann é ná fairsinge agus éagsúlacht an chine dhaonna agus luann sé Edward Hopper, Caravaggio agus Francis Bacon mar chuid de na mórealaíontóirí a chuaigh i bhfeidhm air agus é ag foghlaim a cheirde.

“Is breá liom staidéar a dhéanamh ar dhaoine nuair nach bhfuil siad ag súil leis. Is féidir le haghaidh duine an oiread sin rudaí a rá linn – mothúchán nó scéal a léiriú láithreach. Nuair a thaispeáin mé an pictiúr Tom Trubert’s Blues ar an “Late Late Show” dúirt mé, mar mhíniú air, go bhfaca mé an bheirt seanfhear seo ina seasamh ar an phromanáid i mBré – duine amháin acu agus cuma an-ghléasta shnasta air agus an duine eile, i gcodarsnacht leis, agus cuma bhriste chráite air. Spreag an radharc sin go mór mé.

“Fuair mé glao tamall ina dhiaidh sin ó fhear a mhínigh dom gurbh é a sheanathair marbh an seanduine cráite agus, nuair a chonaic mise é, go raibh sé i ndiaidh a bhean chéile a chailleadh bliain roimhe sin agus gurbh éigean dó bogadh isteach in áras seandaoine i mBré. Bhí iontas air a sheanathair a fheiceáil sa phictiúr agus gur éirigh liom cur síos a dhéanamh ar a chaillteanas agus ar a bhrón i gan fhios dom féin.”

Maidir leis an todhchaí, is cinnte go bhfuil na tuartha go maith agus go bhfuil rath i ndán don phéintéir óg cumasach seo.

Ghnóthaigh sé an leasainm Rasher, dála an scéil, agus é ina ghasúr beag. An rud a tharla ná gur tháinig sé abhaile lá te samhraidh amháin, i ndiaidh dó bheith ag cluiche peile, agus dath ispín dea-chócaráilte air ó bheith amuigh faoin ghrian!

Is fear gnóthach é Rasher. Chomh maith le bheith i gcónaí ag iarraidh a chumas mar phéintéir a fhorbairt agus bheith ag déanamh réidh do thaispeántais (beidh ceann aige i Nua-Eabhrac gan mhoill), tá mac beag aige darb ainm Lucas, nach bhfuil ach cúig mhí dhéag. Idir rud amháin agus rud eile, is beag seans go mbeidh scíste aige go ceann i bhfad.

Chun tuilleadh eolais a fháil faoi shaothar Rasher, is féidir dul i dteagmháil le: jan@cmsmarketing.comTá cuid dá shaothar le feiceáil ag www.rasher.ie

Is as Doire ó dhúchas í Ciara Nic Gabhann ach tá sí ina cónaí i mBaile Átha Cliath anois, áit a bhfuil sí ag obair mar mhúinteoir ealaíne.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.