Measann Robert McMillen go bhfuil am an-chontúirteach i ndán do mhuintir na Sé Chontae.
»»»Bearna idir tuiscint agus dearcadh na gceannairí polaitiúla agus tuiscint agus dearcadh na ngnáthdhaoine - sin rud atá le feiceáil ar scála idirnáisiúnta sa lá atá inniu ann.
»»»An dtiocfaidh na vótálaithe amach? Sin ceann de na príomhcheisteanna atá ag Tony Blair, William Hague agus Charles Kennedy agus olltoghchán na Breataine ag druidim linn.
»»»Chaith Balor a shúil ar an chéad eagrán de ‘Beo.ie’ agus ní raibh sé róthógtha leis.
»»»“In vino veritas” a deir an seanfhocal. Más fíor sin, tá tionscal fíona na hAstráile ar a mhíle dícheall ag tacú leis an bhfírinne.
»»»Dar ndóigh tá difríochtaí idir Tuaisceart Éireann/na sé chontae (nó pé ainm is mian leat a thabhairt air) agus an chuid eile den oileán. Gan amhras tá an chríochdheighilt tar éis éagsúlachtaí a mhúnlú i meon agus i gcultúr mhuintir an dá stát. Mar sin pléann meáin chumarsáide na Poblachta le Tuaisceart Éireann mar aonad ar leith. Bíonn comhfhreagraithe agus iriseoirí ar leith lonnaithe i mBéal Feirste acu. Dúirt Beo.ie liomsa go bhfuilim in ainm is a bheith ag plé le cúrsaí reatha an deiscirt. Tá Robert McMillan ag plé leis an Tuaisceart. Is socrú deas néata é. Cúrsaí eachtrannacha, cúrsaí Éireannacha agus cúrsaí Thuaisceart Éireann.
»»»Ag an am seo den bhliain, tagann an ghrian amach (má bhíonn an t-ádh orainn), tagann na hOráistigh amach, agus tagann na páistí amach fosta. Tosaíonn mórshiúil na nOráisteach ar Luan Cásca. Cruinníonn siad le chéile taobh amuigh den Halla Oráisteach agus téann siad suas síos, arís is arís eile, ag bualadh a ndrumaí ollmhóra Lambeg. Plimp! Plimp! Plimp! Deir lucht ardnósach na n-ealaíon gur rud cultúrtha é an Lambeg ach tá go leor daoine anseo nach mbeadh den bharúil chéanna.
»»»Ar an gcéad lá de mhí na Bealtaine thóg tuismitheoirí ón bpobal suite a gcuid páistí amach as dhá bhunscoil i gContae Luimnigh. Rinne siad é seo mar agóid i gcoinne pholasaí na Roinne Oideachais páistí de chuid an Lucht Taistil a chur sa rang céanna le páistí ón bpobal suite, fiú má bhíonn roinnt mhaith den scoilbhliain caillte ag na Taistealaithe. Measann Gearóid Ó Riain gur biogóideacht a spreag na tuismitheoirí chun gnímh.
»»»Níl dearmad déanta fós san Astráil ar dhuine de réabhlóidithe na hÉireann ag tús an ochtú haois déag. Tuairisc ó Dháithí Ó Colchúin.
»»»An oibríonn laissez-faire faoin tuath? Sin an cheist atá á cur ag cuid mhór d’fheisirí Pháirtí an Lucht Oibre i Westminster agus iad ag smaoineamh ar rialtais Thatcher/Major, rialtais nach raibh trua ar bith acu do na mianadóirí guail ná don lucht oibre sna monarchana agus sna longchéartaí nuair a chaill siadsan a slí bheatha.
»»»Tá gné scanrúil den scéal is deireanaí faoi Thriail na nArm nach bhfuiltear tar éis aird cheart a thabhairt uirthi. Aontaíonn gach duine gur chuir an clár ‘Prime Time’ a rinne Michael Heney an mhí seo caite eolas fíorthábhachtach os comhair an phobail. Chruthaigh an fhianaise a chuir an clár i láthair go rabhthas tar éis ráiteas duine de na príomhfhinnéithe sa chéad triail a athrú. Tá sé soiléir don saol mór go n-ardaíonn sé seo ceisteanna tromchúiseacha.
»»»Cad é mar atá sibh? Is mise Liz agus tá mé i mo chónaí i dTuaisceart Bhéal Feirste. Is as Londain mé agus tháinig mé anseo beagnach sé bliana ó shin.
»»»Den chéad uair riamh, mhol an SDLP agus Sinn Féin i mbliana do náisiúnaithe an tuaiscirt na foirmeacha daonáirimh a líonadh. Dá bharr seo, ní bheidh an míchruinneas céanna ag baint leis na torthaí is a bhí go dtí seo. Tuairisc ó Robert McMillen.
»»»Caitheann Balor a shúil ar imeachtaí sa tír le tamall anuas.
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil.
Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.