Dar ndóigh tá difríochtaí idir Tuaisceart Éireann/na sé chontae (nó pé ainm is mian leat a thabhairt air) agus an chuid eile den oileán. Gan amhras tá an chríochdheighilt tar éis éagsúlachtaí a mhúnlú i meon agus i gcultúr mhuintir an dá stát. Mar sin pléann meáin chumarsáide na Poblachta le Tuaisceart Éireann mar aonad ar leith. Bíonn comhfhreagraithe agus iriseoirí ar leith lonnaithe i mBéal Feirste acu. Dúirt Beo.ie liomsa go bhfuilim in ainm is a bheith ag plé le cúrsaí reatha an deiscirt. Tá Robert McMillan ag plé leis an Tuaisceart. Is socrú deas néata é. Cúrsaí eachtrannacha, cúrsaí Éireannacha agus cúrsaí Thuaisceart Éireann.
Is í an fhadhb atá leis na socruithe seo ag na meáin chumarsáide ná go bhfuil siad tar éis cur le meon na críochdheighilte thar na blianta. Nuair a chuireann na meáin cúrsaí na sé chontae agus cúrsaí na sé chontae fichead inár láthair mar aonaid ar leith, an aon ionadh é gur mar sin a thosaíonn muid ag smaoineamh?
B’fhéidir nach bhfuil an fhadhb chomh holc céanna in áit ar nós Thír Chonaill mar go bhfeiceann an pobal ansin an caidreamh atá eatarthu féin agus an pobal ar an taobh eile den teorainn, caidreamh nár cuireadh stop riamh leis. Ach tá sé éasca do dhaoine a bhfuil cónaí orthu i mBaile Átha Cliath nó i gCorcaigh a bheith dall ar na nascanna seo. Fiú mo leithéidse, a thaistealaíonn ó thuaidh ó am go ham, tá sé éasca dom sleamhnú isteach sa mhodh smaoinimh seo.
Ceangal le Tír Chonaill
Chonacthas é sin dom agus mé in iarthar Thír Eoghain ag ullmhú tuairisce faoin iomaíocht fhíorspéisiúil a bheidh sa toghcheantar sin i dtoghcháin Westminster. Dar ndóigh bhí a fhios agam cheana féin gurb as Dún na nGall don bheirt iarrthóirí náisiúnacha, Pat Doherty ó Shinn Féin agus Bríd Rodgers ón SDLP. Nuair a léann tú giota eolais mar sin i nuachtán bíonn an dealramh air nach bhfuil ann ach comhtharlúint shuimiúil. Ach nuair a bhíos ag dul timpeall in éineacht le Bríd Rodgers agus í ag canbhasáil, chuir sé ionadh orm an méid daoine a raibh aithne aici orthu. Níl cónaí uirthi sa cheantar agus ní raibh sí mar iarrthóir toghcháin ann cheana. Níor deineadh cinneadh go mbeadh sí mar iarrthóir anseo go dtí roinnt seachtainí ó shin. Cén fáth, mar sin, a raibh an oiread sin daoine ag beannú di amhail is dá mba rud é gur chomharsa dá gcuid a bhí inti?
Mhínigh Bríd féin an scéal dom: “Castar cuid mhór daoine orm a bhfuil baint acu le Gaoth Dobhair. Is é an fáth atá leis sin ná gur tháinig roinnt mhaith daoine blianta fada ó shin ag obair sa Lagán, sa cheantar seo. Daoine óga a tháinig ag obair d’fheirmeoirí móra a bhí iontu. D’fhan siad anseo agus phós siad agus tá a gcuid páistí nó a gcuid gariníonacha agus garmhac anseo anois. Tá cuid mhór daoine a bhfuil ceangal acu le Gaoth Dobhair agus le Tír Conaill anseo.” Agus tugann Willie Thompson, iarrthóir an UUP, “blow in” ar Bhríd!
Bhí neart samplaí eile den saghas rud a bhfuilim ag trácht air le feiceáil le linn an chúpla lá a chaith mé in iarthar Thír Eoghain. Bhíomar ag cur agallaimh ar aontachtóir a bhí i bhfábhar an chomhaontaithe faoin gcruachás ina raibh sí toisc nach raibh ach iarrthóir aontachtach frithchomhaontaithe ag seasamh sa toghchán. Bhí aithne aici ar mo léiritheoir, Tomás Mac Ardghaill, ar as Muineachán dó, toisc go raibh baint ag an mbeirt acu le féilte drámaíochta, féilte a bhfreastalaíonn compántais ón dá thaobh den teorainn orthu. Agus Pat Doherty féin, ní hamháin gur tháinig sé féin isteach sa toghcheantar ó Dhún na nGall, ach thug sé neart oibrithe toghcháin ón gcontae sin isteach leis. Dar ndóigh, níl a dhath nua nó ait anseo do mhuintir Thír Chonaill/Thír Eoghain, nó mhuintir na gceantar eile cois teorann. (Is dócha gur éirigh siad as an gcolún seo a léamh tar éis cúpla abairt!) Ach ní mar sin do go leor daoine ar an oileán seo.
Formhór na n-eagraíochtaí nuachta eachtrannacha, bíonn comhfhreagraí Éireannach acu don oileán iomlán. Fiú nuacht “náisiúnta” an BBC a chraoltar as Londain, tá “Ireland Correspondent” acu. (Ceist eile is ea an léiríonn sé sin easpa aitheantais don dearcadh aontachtach gur dlúthchuid den Ríocht Aontaithe é Tuaisceart Éireann nó an léiríonn sé easpa aitheantais don Phoblacht mar stát iomlán neamhspléach). Tá sé íorónta gur meáin chumarsáide “náisiúnta” na hÉireann atá ag cothú na deighilte thuaidh/theas seo.