AR NA SAOLTA SEO/SCÉALTA ÓN ASTRÁIL
Michael Dwyer san Astráil
Dáithí Ó Colchúin Dáithí Ó Colchúin Dáithí Ó Colchúin

Níl dearmad déanta fós san Astráil ar dhuine de réabhlóidithe na hÉireann ag tús an ochtú haois déag. Tuairisc ó Dháithí Ó Colchúin.

Domhnach Cásca, 15 Aibreán, léadh Aifreann mar a dhéantar chuile Dhomhnach Cásca le fada ag leacht cuimhneacháin laochra 1798 i reilig Waverley in oirthear Sydney, atá buailte ar an Aigéan Ciúin. Tar éis an Aifrinn, léadh Forógra na Poblachta (1916) i nGaeilge agus i mBéarla. Chuir na cainteoirí éagsúla a labhair ag an ócáid i mbliana béim ar an deichniúr a fuair bás sa stailc ocrais scór bliain ó shin i 1981.

Tógadh an leacht seo in 1898 mar chomóradh ar Éirí Amach na bliana 1798 agus nuair a tógadh i dtosach é, rinneadh athadhlacadh ar Michael Dwyer, duine de cheannairí na bliana 1798 i gCill Mhantáin agus go ceann tamall de bhlianta ina dhiaidh sin. Díbríodh as Éirinn in 1805 é agus chaith sé an chuid eile dá shaol san Astráil. Nuair a cuireadh Michael Dwyer in 1825 agus a bhean Mary in 1898, tuairiscíodh go raibh breis is 200,000 duine i láthair ag an tsochraid ó lár na cathrach.

Tar éis an Éirí Amach, bhí Dwyer agus a chuid comrádaithe mar a bheadh bior sa mbeo ag na Sasanaigh i ngleannta agus sléibhte Chill Mhantáin, go dtí gur chuir sé deireadh leis an troid in 1803 nuair a chlis ar Éirí Amach Roibeard Emmet. Fhad is bhí sé ar a theitheadh, thóg an t-arm an Bóthar Míleata i gContae Chill Mhantáin (atá fós ann) mar iarracht ar throdairí an chontae a chur faoi smacht.

Díbirt

Nuair a stop an troid, gealladh do Dwyer go gcuirfí i gcéin go Meiriceá é, seachas é a dhaoradh chun báis, rud a bhí i ndán do mhórán eile de réabhlóidithe na linne. Ach i ndeireadh na dála, tar éis seala i bpríosún Chill Mhaighneáin, ba go dtí an Astráil a díbríodh é. Ní mó ná sásta a bhí sé faoi sin. Bhain sé an Astráil amach in 1806 agus tugadh 100 acra talún dó in aice le Sydney, áit ar chaith sé a chuid ama le feilméaracht. Chaith sé tamall ina chonstábla freisin agus bhí teach tábhairne aige ar feadh scaithimh.

Níor fhill sé ar Éirinn riamh. Ní raibh sé ach 53 nuair a cailleadh é in 1825. Rugadh triúr clainne leis san Astráil agus tháinig ceathrar eile, a fágadh in Éirinn nuair a díbríodh é, go dtí an Astráil ach níor bhain said Sydney amach go dtí seachtain tar éis a bháis.

sliocht Dwyer scaipthe ar fud na hAstráile anois agus bhí triúr acu i láthair ag an Aifreann cuimhneacháin Domhnach Cásca.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.