AR NA SAOLTA SEO
Tuiscint níos fearr á fáil ar an ghalar crúibe agus béil
Micheál Ó Dochartaigh Micheál Ó Dochartaigh Micheál Ó Dochartaigh
Íomhá
Cartún le Seán Ó Domhnaill
Íomhá
Ag stopadh ag an teorann

Ar an 18 Feabhra tháinig 291 caora go deisceart Ard Mhacha ó Carlisle Shasana. Deich lá ina dhiaidh sin, ar an chéad lá de mhí an Mhárta, aimsíodh an galar crúibe agus béil i Magh i gContae Ard Mhacha; 21 lá ina dhiaidh sin, dearbhaíodh go raibh an galar ar chaoirigh ar leithinis Chuaille, Contae Lú. Faoi láthair, tá tréidlianna na Roinne Talmhaíochta san airdeall ar an ghalar ag an teorainn, ag aerfoirt agus ag calafoirt, agus tá cosc ar iompórtáil ainmhithe agus táirgí ainmhithe.

Tá ceisteanna tábhachtacha ag teacht chun cinn de bharr na ráige seo. Gan dabht, tá cothromaíocht leochaileach idir saoirse trádála agus sláinte ainmhithe. Seo scéal atá á phlé ag gairm na tréidliachta ó rinneadh na margaí níos oscailte sa Chomhphobal Eorpach ag tús na nóchaidí. Ina theannta sin, tá ceisteanna móra á n-ardú faoin mhéid taistil a bhíonn ar chaoirigh a dheánamh agus iad ag dul ó fheirm go seamlas.

Tógálach

Tá an galar crúibe agus béil an-tógálach mar aicíd agus aistríonn sé go gasta ó ainmhí go hainmhí; bíonn tréimhse goir idir dhá lá agus lá is fiche aige. Is iad na hainmhithe crúbacha atá tugtha don ghalar seo: eallach, caoirigh, muca, gabhair agus fiara. Is féidir leis an ghalar aistriú ar dhóigheanna éagsúla, ar an ghaoth ina measc. I 1981, d’aistrigh an galar ar an ghaoth ón Bhriotáin sa Fhrainc go hOileán Jersey agus ina dhiaidh sin go hOileán Wight. Aistríonn an víreas níos fusa ar an ghaoth nuair a bhíonn muca tinn, as siocair go gcuireann siad amach an oiread sin víreas ar an aer.

Trácht á stopadh ag an teorainn

Caithfear a rá go bhfuil cuid mhór foghlamtha againn uilig faoin ghalar crúibe agus béil de bharr na ráige is déanaí. Craoladh pictiúirí na n-ainmhithe tinne ar an teilifís agus ar an idirlíon ag tús na ráige sa Bhreatain. Bhí siad seo drámatúil ach ba phictiúirí iad de ghalrú trialach i saotharlanna, ní galrú ar fheirm. Tá sé soiléir anois nach ionann ar chor ar bith an galar nádúrtha atá tagtha chun cinn ar fheirmeacha. Na comharthaí a i gcás na gcaorach, níor mhair siad i bhfad - d’imigh an bhacaí agus an fiabhras i gceann lá nó dhó agus go minic bíonn an galar ciúin i measc na gcaorach. I gcás amháin sa Bhreatain, fuarthas dhá chaora thinne i dtréad 600 caora. Lena chois sin, tá bacaí na gcos, an chrúibíneach (footrot sa Bhéarla), an-choitianta i measc chaoirigh na hÉireann. Tá dúshlán fáthmheasa ann do thréidlianna an galar crúibe agus béil a aithint ar chaoirigh atá bacach leis an chrúibíneach seo.

Bíonn comharthaí an ghalair níos soiléire i gcás na mbó. Tagann fiabhras ar an ainmhí agus tagann spuaiceanna ar an teanga agus ar an chraiceann idir na crúba. Éiríonn siad bacach, cailleann siad meáchan agus stopann siad ag táirgeadh bainne. Bhí mé ag caint le tréidlia a raibh taithí phearsanta aige ar an ghalar i Sasana i 1967. Ba chuimhin leis fuaim uafásach na mbó agus iad ag baint smeacha as a liopaí de bharr na péine.

An ráig dheireanach

Tharla an ráig dheireanach in Éirinn i 1941. Aimsíodh an galar ar dtús i gcontae Dhoire. Díreach cosúil leis an ráig atá linn faoi láthair, grúdarlach á thabhairt do mhuca ba chúis leis. Cuireadh an locht go sonrach ar ghrúdarlach (brock a thugtar air i nDoire) a bailíodh sa champa míleata Meiriceánach a bhí i gCathair Dhoire ag an am. I gceann cúpla lá aimsíodh an galar ar fheirm in aice leis an teorainn, idir Magh agus Bun na hAbhann, Co. Dhún na nGall agus taobh istigh de sheachtain, scaip sé go Co. Bhaile Átha Cliath, Co. Chill Chainnigh, Co. Laoise agus Co. Thiobraid Árann. Ag an am, maraíodh thart fá 27,000 bó, 10,000 caora, 3,000 muc agus 1,000 gabhar dá bharr. Bhí mé ag caint le daoine in Inis Eoghain, Co. Dhún na n nGall a bhí beo ag an am sin. Ba chuimhin leo na sagairt ag dul ó fheirm go feirm, ag croitheadh uisce coisricthe agus salann beannaithe ag na geataí le cosaint a chur ar fáil.

tagairt don ghalar crúibe agus béil sa bhéaloideas scríofa fosta. Sa leabhar The Last of the Name a scríobh Charles McGlinchey faoi bhéaloideas Inis Eoghain, luaitear go ndearna fear áitiúil, Eoin O’Kerrigan, fiosrú faoi ráig den ghalar crúibe agus béil i mBun Cranncha. Rugadh Eoin i 1805, agus tharla eipidéim mhór den ghalar in Éirinn agus sa Bhreatain idir 1869 agus 1870. Bhí clú agus cáil ar Eoin mar ‘dhochtúir bó’ agus, rud atá spéisiúil faoin scéal seo, ná gur athraigh Eoin a chuid éadaigh ag sruthán, roimh dhul trasna agus isteach go dtí a fheirm féin. Fear ciallmhar ab ea é a thuig cé chomh tógálach agus a bhí an galar crúibe agus béil.

Is tréidlia é Micheál Ó Dochartaigh atá ag obair i Roinn an Staidéir Chliniciúil ar Ainmhithe Móra i nDámh an Leighis Tréidliachta, An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.