AR NA SAOLTA SEO/AN tSÚIL NIMHE LE BALOR
Caoirigh agus ceardchumainn
Balor Balor Balor

Caitheann Balor a shúil ar imeachtaí sa tír le tamall anuas.

Íomhá
Balor

Is beag cat a chorraíonn nó cú a chacann ar an oileán ciachmhar, ciaptha seo nach dtig a iomrá ‘fhad le Balor na Súile Nimhe luath nó mall. Ar an dóigh sin a chualathas dó ar na mallaibh go bhfuil scéal scannalach, sclamhach dá chur thart: nach é Balor s’againne an Balor bunaidh ar chor ar bith, ach go mbíodh boc den ainm céanna leis ina chónaí ar Thoraigh san am fadó. ‘Cuid mhór seanchac atá sa mhéid sin,’ a mhaígh Balor s’againne, atá ina shaineolaí ar sheanchac. Ansin chuaigh sé i mbun pinn: ‘Níl ann ach sampla eile d’athscríobh stair na tíre seo,’ a scríobh sé i litir ghearáin chuig Ruth Diddley O’Brien Murphy, rúnaí Chumann na Staraithe Samhailteacha. Dar le Balor nach ‘Balor na Súile Nimhe’ a bhí ar bhoc Thoraí ach ‘Balor na Súile Nimhní’ agus gurbh í gaoth ochlánach, ochónach, olagónach, onamataipéach an oileáin sin ba chúis lena shúil a bheith i gcónaí nimhneach. An rud a chuireann Balor i leith Chumann na Staraithe Samhailteacha agus an scaifte sin a bhíonn siad ag iarraidh a shásamh, tá sé le fáil i bhfoclóir Uí Dhónaill díreach faoi bhun an fhocail ársa, álainn sin lena gcuireann sé síos ar ghaoth Oileán Thoraí: an focal ‘onamataipéach’. ‘Bígí ag cuartú faoina bhun, ach ná bainigí sult as!’ a chomhairlíonn Balor do lucht lorgtha na fírinne.

Chaith Balor a shúil nimhe ar chúrsaí caorach an mhí seo agus go háirithe ar Aoirí Maithe na tíre. Agus nach maith mar aoirí iad. Ní imíonn uan ná uascán riamh ar strae faoi shúile airdeallacha na nAoirí Maithe. Nach breá an eiseamláir don chuid eile againn iad sa dóigh a gcaitheann siad leis na teifigh agus na hallúraigh de chineál na gcaorach. Fearann siad fáilte agus fiche rompu isteach sa tír; caitheann siad leo mar chaoirigh na hÉireann; tugann siad béile breá blasta amháin d’fhéar na hÉireann dóibh; ansin díolann siad ar aghaidh iad mar chaoirigh na hÉireann. Dar le Balor gur gasta agus gur fusa a bhronntar saoránacht na hÉireann ar chaora ná ar dhuine. ‘Tá sibh ag teacht isteach sna leoraithe míchearta,’ a chomhairlíonn Balor do lucht cuartaithe na dídine in Éirinn.

Chaith Balor a shúil nimhe fosta an mhí seo ar na múinteoirí míshásta, míchéillí, mírathúla a bhfuil sé de mhí-ádh orthu a bheith freagrach as oideachas a chur ar na daltaí mioscaiseacha a chuaigh amach ar stailc in éadan stailce. Tá na daltaí sin ag iarraidh ceardchumann dá gcuid féin a bhunú. ‘Bíodh acu!’ a deir Balor. ‘Lig dóibh ceardchumann a bhunú.’ Nach beag an mhaith a rinne sé do na múinteoirí ceardchumann a bheith acu. Chaill siad sin an rialtais, meas an phobail agus deich lá pá; agus b’éigean dóibh an ceardchumann a íoc go daor ar a shon sin uilig. ‘Daltaí scoile a fhaightear ciontach i gcoir ar bith as seo amach, ní cóir iad a chaitheamh isteach sa phríosún ach isteach i gceardchumann. Múinfidh sin ceacht dóibh gasta go leor!’ a chomhairlíonn Balor don rialtas.

Mar fhocal scoir, déanann Balor comhghairdeas lena sheanchara, an tUrramach Willie McCrea, as a dhearcadh úr uile-Éireannach. D’admhaigh Willie ar na mallaibh gur beag is fiú an teorainn mar áis leis an ghalar crúibe is béil a cheansú. ‘Ní aithníonn na hainmhithe an teorainn!’ a d’fhógair an tUrramach. ‘Glac sampla na n-ainmhithe!’ a chomhairlíonn Balor dá sheanchara.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.