AR NA SAOLTA SEO/LITIR AS BÉAL FEIRSTE
Ag amharc uaim
Liz Curtis Liz Curtis Liz Curtis

Cad é mar atá sibh? Is mise Liz agus tá mé i mo chónaí i dTuaisceart Bhéal Feirste. Is as Londain mé agus tháinig mé anseo beagnach sé bliana ó shin.

Tá mé i mo chónaí i gcomharsanacht bheag naisiúnach atá díreach in aice le ceantar dílseach. Nuair a amharcaim amach ar mo chuid fuinneog ar thaobh amháin chím bratach na hÉireann ag foluain ar bharr áraslainne. Ar an taobh eile, tá dhá bhratach le feiceáil - bratach Aontachtach agus ceann eile ar a bhfuil Lámh Dhearg Uladh. Tá siadsan ar bharr Halla Oráiste agus dealbh Rí Liam eatarthu. Dealbh chré-umha atá inti, deich dtroithe ar airde. Tá an rí ag beartú a chlaímh inár dtreo.

Ar bhealach, tá na bratacha sin úsáideach. Sula dtéim amach, amharcaim orthu le fáil amach cén treo a bhfuil an ghaoth ag séideadh. Má tá gaoth aduaidh ann, beidh cóta agus hata de dhíth orm.

Tá mé i mo chónaí in árasán ar an tríú hurlár, agus tá roinnt rudaí suimiúla sa radharc. Tá cnoic ag bun na spéire, rud atá go deas. Tá beairic mhór de chuid na bpéas díreach os mo chomhair, rud nach bhfuil chomh deas céanna. Tá ballaí arda déanta as iarann rocach thart timpeall ar an bheairic. Tá dhá chrann chumarsáide ann agus trí cheamara orthu, agus neart gléasanna eile. Má tá rudaí mar sin ag amharc isteach i do sheomra suí, ní féidir dul isteach ann gan do chuid éadaí a bheith ort. Ba cheart domh mo sheomra suí a ligean ar cíos leis an Oifig Turasóireachta mar “viewing point”.

Tá Stormont le feiceáil, pálás mór bán ar thaobh cnoic, ina bhfuil muintir an rialtais tiomnaithe ag plé leo. I lár na cathrach, tá Halla na Cathrach, agus cruinneachán glas aige. Os cionn na ndugaí, tá cuid crann tógála mór buí Harland and Wolff le feiceáil. Tá an longlann sin clúiteach mar gur tógadh an Titanic inti - ach tá droch-chlú uirthi fosta de bharr an leatroim atá déanta le fada ar na Caitlicigh ansin.

Cuairteoirí as Críoch Lochlann

Tá seanreilig mór le rá darb ainm Clifton Street Cemetery an-chóngarach dom. Tá Éireannaigh Aontaithe faoi fhód ann, agus gnóthadóirí, agus a lán daoine bochta gan leac, gan ainm.

D’amharc mé amach ar m’fhuinneog ar na mallaibh agus cad é a bhí le feicéail ach cúpla duine sa tsráid agus teileascóip mhóra acu, agus iad diríthe ar na crainn sa reilig. ‘Tá sin aisteach!’ arsa mise liom féin. ‘Cad é sa diabhal atá siad a dhéanamh?’

Nuair a chuaigh mé go dtí an siopa, tháinig Peadar chugam sa tsráid agus é an-tógtha. Duine deas cairdiúil atá ann agus é ina fhear cúraim ag an mháinliacht atá ag bun na sráide. Ina am féin, is ealaíontóir maith é agus cuireann sé a bhean in éadóchas leis an méid millteanach pictiúr atá sa teach.

Dúirt Peadar liom: “An bhfaca tú na héin sna crainn sa reilig?” D’amharc mé suas agus chonaic mé a lán éan beag sna craobhacha agus iad ag déanamh tríligh gan stad, gan staonadh.

“Is síodeitigh iad as Críoch Lochlann,” arsa Peadar. “Ní raibh siad i mBéal Feirste le cúig bliana is fiche anuas. Bhí a lán éaneolaithe anseo ag amharc orthu. Deirtear go bhfuil aimsir an-chrua i gCríoch Lochlann agus dá bharr sin gur tháinig na héin anseo.”

Nuair a phill mé ón siopa, bhí tríur sa tsráid agus teileascóp mór ar thríchosach acu. Lig siad dom amharc tríd, agus chonaic mé chomh galánta is atá an saghas sin éin. Tá brollach fionn air agus cuircín ar a cheann.

“Tháinig siad anseo mar gur maith leo na caora dearga ar na toim sin,” arsa éaneolaí, agus é ag díriú a mhéire i dtreo an bhóthair mhóir. “Cotoneaster an t-ainm atá ar na toim.”

Tá an líne sin tom idir an bóthar agus cosán, agus tá siad rud beag conspóideach sa cheantar. Tá siad measartha ard agus tiubh, agus téann daoine óga isteach iontu le bheith ag diabhlaíocht - ag ól, ag smúradh gliú, agus a leithéid. In amanna mothaíonn muintir na háite i mbaol agus iad ag siúl ar an chosán.

Téann na páistí beaga isteach sna toim fosta. Tógann siad tithe adhmaid agus lasann siad tinte. Uair amháin ghoid siad na mataí atá roimh na doirse in áraslann s’againne agus chuir siad isteach ina dteach adhmaid iad. Bhí muintir na háraslainne trína chéile, iad ag fiafraí “Cá bhfuil ár mataí?”

De thairbhe rudaí mar sin, síleann roinnt daoine gur cheart na toim a stoitheadh. Ach anois, agus na cuairteoirí ó Chríoch Lochlann lonnaithe iontu, tá seans go mbeidh athrú intinne ann.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.