AR NA SAOLTA SEO
Tábhacht dhaonáireamh na Sé Chontae
Robert McMillen Robert McMillen Robert McMillen

Den chéad uair riamh, mhol an SDLP agus Sinn Féin i mbliana do náisiúnaithe an tuaiscirt na foirmeacha daonáirimh a líonadh. Dá bharr seo, ní bheidh an míchruinneas céanna ag baint leis na torthaí is a bhí go dtí seo. Tuairisc ó Robert McMillen.

Íomhá
Mitchel McLaughlin

Tá an Mhatamaitic an-tábhachtach i saol an pháiste agus níos tábhachtaí fós i saol pháistí na Sé Chontae. Beidh aird á tarraingt sna míonna atá romhainn, ní hamháin ar an chóimheas agus ar an iolrú a chleachtann na páistí seo sa seomra ranga, ach ar an chuntas polaitiúil ar a bunaíodh an stát, cuntas atá anois ag tuar athruithe bunúsacha i nádúr an Tuaiscirt é féin. Beidh tionchar ag cuid de na hathruithe seo ar an chineál sochaí ina dtiocfaidh na páistí seo i méadaíocht.

Táthar ag dúil go mbeidh olltoghchán Westminster ann ar an 7 Meitheamh ach Dé Domhnaigh seo caite (29 Aibreán) glacadh an chéad daonáireamh ó thuaidh le deich mbliana, agus táthar ag súil go mbeidh ardú suntasach i líon na gCaitliceach le sonrú ann. Is doiciméad cinniúnach é an daonáireamh.

Ó 1911 ar aghaidh cuireadh ceisteanna faoi chreideamh agus ba é an daonáireamh sin a chuir síolta na críochdheighilte. An bhliain sin, fuarthas amach go raibh 33.2 faoin chéad de mhuintir oirthuaisceart Éireann ina gCaitlicigh agus gur Phrotastúnaigh iad an chuid eile.

Nuair a bhí cinneadh le déanamh an mbeadh Fear Manach mar chuid den Saorstát nó den Ríocht Aontaithe, bhí an cinneadh a rinneadh bunaithe ar thorthaí dhaonáireamh 1911; agus de bharr gur ghlac daoine leis gurbh ionann an creideamh agus an pholaitíocht, tá Fear Manach fós sa Ríocht Aontaithe.

Fás an phobail Chaitlicigh

Le 50 bliain anuas, níorbh aon chúis imní do na hAontachtaithe líon na gCaitliceach. Níor thug torthaí na dtrí dhaonáireamh is déanaí sonraí beachta faoi fhás an phobail Chaitlicigh ó thuaidh. I 1971, bhí na hagóidí ar siúl in éadán an bhraighdeanais agus mhol go leor ceannairí pobail gan na foirmeacha daonáirimh a líonadh isteach. Tháinig cuntas na bliana sin ar shála fheachtas Ghluaiseacht na gCeart Sibhialta, a dhírigh aird ar an leatrom in éadan na gCaitliceach agus bhí leisc ar naisiúnaithe a gcreideamh a fhógairt ar fhoirm oifigiúil. Deich mbliana níos moille, tugadh pictiúr míchruinn fosta. Glacadh daonáireamh 1981 le linn na stailceanna ocrais agus tugadh drochíde d’fhoireann an daonáirimh i gceantair naisiúnaíocha. Maraíodh Joanne Mathers, cailín óg Protastúnach a bhí ag bailiú foirmeacha i nDoire, an lá roimh bhua Bobby Sands i dtoghchán Westminster.

Ach ba é 1981 an chéad bhliain nárbh éigean do dhaoine a gcreideamh a fhógairt ar an fhoirm. An bhliain sin, níor luaigh ocht faoin chéad cén creideamh a bhí acu agus measann iniúchóirí a rinne staidéar ar thorthaí 1981 gur naisiúnaithe bunús mór na ndaoine sin.

I 1991, mheas siad gur Chaitlicigh iad 42 faoin chéad de dhaonra na Sé Chontae. Ag an am céanna, bhí an meon ag athrú taobh istigh den phobal Caitliceach. Dúirt daoine liom gur chuimhin leo grúpaí a raibh baint acu leis an Eaglais Chaitliceach, leithéidí Ridirí Colambanus, ag moladh do Chaitlicigh a gcreideamh a líonadh isteach sna foirmeacha ar an ábhar, dar leo, go raibh an Stát athraithe agus gur measadh riachtanais maidir le seirbhísí oideachais, sláinte agus cultúir de réir fhigiúirí an daonáirimh. Bheadh sé le haimhleas an phobail Chaitlicigh, dar leo fosta, gan iad féin a chur chun tosaigh. Go follasach, choinnigh na páirtithe polaitíochta amach as an cheist achrannach.

Náisiúnaithe ar bís

Den chéad uair i mbliana, áfach, tá na páirtithe polaitíochta, go háirithe Sinn Féin agus an SDLP, ag moladh do dhaoine agus do náisiúnaithe go mór mhór, foirmeacha daonáirimh a líonadh isteach. Tá an chuma ar an scéal go bhfuil naisiúnaithe ar bís a líon a chur in iúl. Ní insíonn figiúirí iomlán an scéil, áfach. Fiú tráchtairí aontachtacha, glacann siad leis go mbeidh móramh Caitliceach ó thuaidh, faoi 2030 ar a mhoille, ach níl ceist na hÉireann fuascailte fós, ar ndóigh.

Ainneoin go bhfuil Caitlicigh breá sásta a gcreideamh a lua le duine ar bith, ní hionann sin is a rá go vótálfadh siad ar son Éireann Aontaithe. Agus sin ráite, thiocfadh leis go ndéanfadh na hathruithe a tháinig nó a thiocfas mar thoradh ar Chomhaontú Aoine an Chéasta (nó cibé comharba a bheas air) an cinneadh i bhfad níos éasca, más fíor do Shinn Féin go réitíonn an Comhaontú an bealach d’athaontú na tíre. Ar an taobh eile den scéal, má léiríonn an daonáireamh go bhfuil an líon céanna Caitliceach agus Protastúnach ann, agus má dháiltear seirbhísí agus urraim dá réir, má tá an “place in the sun” ag Caitlicigh, is lú an fonn a bheidh orthu buntáistí na Ríochta Aontaithe a fhágáil ina ndiaidh. B’fhéidir chomh maith faoin am sin go mbeidh a chuid fiacla caillte ag an Tíogar Ceilteach.

Ach deir cathaoirleach Shinn Féin, Mitchel McLaughlin go bhfuil muid ag tarraingt ar an ‘countdown scenario’ i dtreo Éireann Aontaithe. Ach, tá fíricí ann a dhéanfaidh na Sinn Féinigh míshuaimhneach. Mar shampla, i dtoghcháin an Tionóil i 1998, fuair an SDLP 177,963 vóta, an chéad uair riamh a sháraigh an páirtí sin Aontachtaithe Uladh. I dtoghchán na hEorpa 1999, bhain John Hume 190,731 vóta, an líon is mó vótaí ó bunaíodh an páirtí i 1970. Maíonn foinsí san SDLP gur thit vótaí Shinn Féin 17.5 faoin chéad ó 1998 go 1999.

Chomh maith leis sin, tharla an fás ba lú daonra sa bhliain go dtí Meitheamh 1999 ó bunaíodh an stát i 1921. Tá Sinn Féin ag moladh go mbeadh vótáil ann ar stádas na teorann, rud nach nglacfaidh rialtas na Breataine leis, agus tuigeann náisiúnaithe an chontúirt a bhaineann le móramhachas lom. Tá spiorad na nAontachach in isle brí, meon an léigir níos láidre ná mar a bhí riamh. Caithfidh náisiúnaithe bogadh ar aghaidh le croí mór maith.

Beidh céad torthaí an daonáirimh ar fáil i Samhradh 2002 agus beidh na torthaí iomlána amuigh go luath i 2003.

Is iriseoir leis an Irish News é Robert McMillen.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.