Ag an am seo den bhliain, tagann an ghrian amach (má bhíonn an t-ádh orainn), tagann na hOráistigh amach, agus tagann na páistí amach fosta. Tosaíonn mórshiúil na nOráisteach ar Luan Cásca. Cruinníonn siad le chéile taobh amuigh den Halla Oráisteach agus téann siad suas síos, arís is arís eile, ag bualadh a ndrumaí ollmhóra Lambeg. Plimp! Plimp! Plimp! Deir lucht ardnósach na n-ealaíon gur rud cultúrtha é an Lambeg ach tá go leor daoine anseo nach mbeadh den bharúil chéanna.
Leanfaidh siad ar aghaidh mar sin i rith an tsamhraidh ar fad. Nuair a bhíonn siad i mbun na máirseála, cuireann na péas a landrovers liatha ag bun sráideanna s’againne mar bhac rompu. Bíonn muid ábalta dul tríd chuig na siopaí, áfach. In amanna cuireann siad scáthláin mhóra in airde fosta, iad greamaithe do leoraithe míleata.
Nuair nach mbíonn siad ar scoil, bíonn na páistí amuigh faoin aer an lá ar fad agus leath na hoíche fosta. Cúpla lá ó shin, bhí néalta móra toite ag éirí i dtreo na spéire. “An bhfeiceann tú sin?” a d’fhiafraigh comharsa de mo chuid díom. “Boinn rubair atá ann. Deirtear gur goideadh ó shiopa thart an coirnéal iad.”
An siamsa is fearr a bhíonn ag na páistí ná ag oscailt na hiodrant dóiteáin. Scairdeann brúcht ollmhór uisce amach as an tsráid, agus léimeann na páistí thart ann. Spórt as cuimse a bhíonn ann daofa. Ach ní bhíonn sé chomh deas céanna don té a bhíonn ina chónaí in aice láimhe. Téann tú ‘na bhaile agus ní bhíonn uisce ar bith ann. Mar sin de, tá sé ciallmhar crúsca uisce a choinneáil i leataobh i gcónaí.
Caighdeán an uisce
Níl daoine róshásta leis an uisce anseo i láthair na huaire. “Ní ólaim uisce as an sconsa anois,” a dúirt mo chara Emer. “Fiuchaim é agus cuirim i mbuidéal sa chuisneoir é. Bhí mé tinn cúpla seachtain ó shin, agus bhí mo mhac óg breoite fosta, agus bíonn muid an-sláintiúil de ghnáth. Bhí muid ag cur amach agus bhí an bhuinneach orainn.”
Ní raibh mé róthógtha leis an ábhar seo, ach bíonn sé riachtanach go ndéanfadh daoine an t-eolas seo a roinnt, go háirithe nuair nach mbíonn mórán muiníne agat as na húdaráis. Níor luaigh mé é seo le hEmer, ach bhí mé féin an-tinn an lá i ndiaidh domh dinnéar a réiteach di. Bhí mé buartha go raibh rud inteacht mícheart leis an bhéile. Ach sílim anois go raibh an locht ar an uisce.
Bhí tagairt bheag sa nuachtán do fhríd darb ainm cryptosporidium a chuir tinneas ar scata maith daoine. Fuarthas amach go raibh draein calctha ag oibreacha cóireála uisce agus seans go raibh fearadh ainmhithe ag dul isteach san uisce dá bharr sin. Tharla a mhacasamhail anuraidh agus moladh do na mílte duine a gcuid uisce a bhruith.
Bhí iníon bheag le mo chara Róisín an-tinn fosta. Tá Órlaith trí bliana d’aois. Ní raibh sí ábalta ithe i gceart ar feadh coicise. Thug a Mamaí chuig an dochtúir í agus tháinig dochtúirí chun tí fosta.
“Luaigh mé cryptosporidium le ceathrar dochtúirí,” a dúirt Róisín. “Rinne siad uilig neamhiontas díom. Dá bhrí sin, fuair mé sampla ó m’iníon agus chuir mé i mbuidéal beag é agus chuir mé a hainm air agus dáta breithe. Ansin chuaigh mé chuig an mháinliacht agus chuir mé an buidéal isteach sa bhosca samplaí a théann chuig an tsaotharlann fá choinne scrúdaithe.
“An chéad mhaidin eile, tháinig duine ón Roinn Sláinte Poiblí i Halla na Cathrach chun an tí chugam le rá go raibh an fhríd cryptosporidium ag m’iníon. D’iarr sí orm fáil amach cad é a d’ith sí agus ar uile. Tá mé dubh dóite ar fad de na dochtúirí.”
Eolas ar an idirlíon
Chuaigh mé ar an idirlíon ag lorg eolais faoi cryptosporidium agus d’éirigh liom suíomh maith údarásach a aimsiú. An rud a dúirt sé ná má fhaigheann tú galrú ón fhríd sin, de ghnáth beidh biseach ort taobh istigh de choicís nó trí seachtainí. Ach má bhíonn fadhb agat le do chóras imdhíonach, bíonn an galrú níos contúirtí.
Nach iontach an rud é an t-idirlíon. Nuair a tháinig na héin bheaga chainteacha Lochlannacha anseo - na síodeitigh nó bombycilla garrulus - chuaigh mé ar an idirlíon fosta agus tháinig mé ar shuíomh gréasáin éaneolaithe áitiúla, a bhí ag déanamh tríligh le chéile, mar a déarfá, ar chlár plé.
Scríobh duine acu go raibh cuairt tugtha aige ar cheantar s’againne. “Labhair mé le bean chairdiúil a raibh madadh boxer léi,” ar seisean. B’in í mo chomharsa Síle! “A Shíle,” arsa mise léi, “tá tú luaite ar an idirlíon!” Bhain sí an-sult as sin.
Ar mhaithe le príobháideacht, tá ainmneacha na bpearsan san alt thuas athraithe.