AR NA SAOLTA SEO
Go leor daoine i Sasana ar n¢s cuma liom faoi
Tony Birtill Tony Birtill Tony Birtill

An oibríonn laissez-faire faoin tuath? Sin an cheist atá á cur ag cuid mhór d’fheisirí Pháirtí an Lucht Oibre i Westminster agus iad ag smaoineamh ar rialtais Thatcher/Major, rialtais nach raibh trua ar bith acu do na mianadóirí guail ná don lucht oibre sna monarchana agus sna longchéartaí nuair a chaill siadsan a slí bheatha.

‘Fat cat farmers’ a thug an Feisire Dave Watts ar na feirmeoirí saibhre atá ag déanamh go maith as an chúiteamh atá á fháil acu de bharr an ghalair crúibe is béil. ‘Chaill 200 oibrí a bpost i monarcha gloine i mo thoghcheantar féin (St Helens i Merseyside) ar na mallaibh agus ní bhfuair siadsan ach íosairgead iomarcaíochta. Tá an t-airgead uilig á thabhairt do na feirmeoirí,’ a dúirt sé.

Ní fhaigheann Páirtí an Lucht Oibre mórán vótaí faoin tuath i Sasana ar ndóigh, áit a bhfuil an Campaign for the Countryside go hiomlán in aghaidh an rialtais, maidir le fiach sionnach, cearta spaisteoireachta, praghas an bhreosla agus mar sin de. D’eagair siad mórshiúl an-mhór i Londain anuraidh in aghaidh an rialtais agus bhí ceann eile beartaithe acu don 18 Márta i mbliana, sular chuir an galar crúibe agus béil stad leis.

Bhí an TGWU, ceardchumann na n-oibrithe talmhaíochta, i gcoinne an mhórshiúil, mar tá siad i bhfábhar cearta spaisteoireachta agus tá siad sásta seasamh a ghlacadh in aghaidh na dtiarnaí talún.

Idirghabháil stáit

Is feirmeoirí tionónta iad an chuid is mó d’fheirmeoirí Shasana, agus tá an-tionchar ag na tiarnaí talún orthusan agus ar mhuintir na tuaithe i gcoitinne. Is sampla maith é Diúc Westminster de thiarna cumhachtach: tá talamh aige i Lancashire, Cheshire, Londain agus i bhFear Manach, fiú. Is Coimeádach é, ar ndóigh, agus oifigeach in arm Shasana fosta - an sórt duine a thug tacaíocht do Margaret Thatcher nuair a bhí sí ag moladh eacnamaíocht an tsaormhargaidh agus ag argóint in aghaidh idirghabháil an stáit nuair a bhí gnólacht ar bith i dtrioblóid. Ach in ionad na teoirice gan trua sin tá port eile le cloisteáil ó na feirmeoirí: tá siad ag iarraidh gach sórt idirghabhála ón rialtas anois. Ach tá cuimhne fhada ag cuid d’fheisirí Tony Blair.

‘Is cóir cuidiú a thabhairt d’fheirmeoirí beaga agus d’fheirmeorí tionónta ach ní do dhaoine saibhre,’ a dúirt an tUasal Watts, atá ina chathaoirleach ar ghrúpa feisirí ó iarthuaisceart Shasana agus atá mór le rá sa pháirtí. Dúirt sé fosta nach bhfaigheann feirmeoirí beaga mórán airgid de réir an chórais atá ann anois, ach faigheann na feirmeoirí móra 80% den airgead. ‘Tá praghas na talún i ndiaidh dúbailt le bliain anuas agus mar sin de gheobhaidh na feirmeoirí a lán airgid cibé a tharlóidh,’ a dúirt sé.

Is léir anois go bhfuil a lán feisirí ag cailleadh trua do na feirmeoirí, go mór mhór nuair a chloiseann siad faoi ‘leaba agus bricfeasta’ (an leasainm a thugtar ar an chalaois a tharlaíonn nuair a thugann feirmeoirí caoirigh ar iasacht d’fheirmeoirí eile chun iad a chur i bhfolach ar chigirí) nó faoi fheirmeoirí a bheith ag thabhairt an ghalair do na caoirigh atá acu d’aon turas chun cúiteamh a fháil.

Míshásamh

I measc an lucht gnó faoin tuath fiú tá míshásamh ann faoin dóigh a bhfuil an ghéarchéim ag cur isteach orthu - géarchéim a tháinig chun cinn an chéad lá riamh mar gheall ar dhrochghrúdarlach muc a bheith á cheannach ag feirmeoirí áirithe. Tá an turasóireacht ag cailleadh £200 milliún gach seachtain sa Ríocht Aontaithe, mar shampla, agus is fiú dhá oiread í mar thionscal ná an fheirmeoireacht, ach níl sí ag fáil na tacaíochta céanna ón rialtas. I gCumbria, cuir i gcás, áit a bhfuil an Lake District, tá 60,000 post ag brath ar an turasóireacht. I ngleann amháin, Langdale, tá ceathrar ag obair leis na caoirigh agus 400 i dtionscal na turasóireachta.

Gan amhras, bhí freagairt an rialtais i Londain an-lag ag tús na géarchéime, i gcomparáid le rialtas na hÉireann, ach níl an chúis deacair a thuiscint nuair a amharcann tú siar ar bheartas an Campaign for the Countryside: ag cur béime ar fhiach sionnach mar shampla, in ionad na ndeacrachtaí atá ag feirmeoirí beaga.

Nuair a fheiceann muintir na mbailte móra daoine faoin tuath ar an teilifís ag sodar i ndiaidh lucht na gcótaí dearga agus iad ag marcaíocht go hardnósach trasna na tíre (cosúil le radharc as úrscéal de chuid Thomas Hardy), ní bhíonn mórán suime acu sna fiorfhadhbanna atá le fáil faoin tuath.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.