Tá a lán athruithe tar éis titim amach sna Stáit Aontaithe ó bhí aimsir na gceart sibhialta ann sna seascaidí de bharr obair na gluaiseachta sin. Is cuimhin liomsa féin an tréimhse go maith de bharr go raibh mé ag éirí aníos sa deep south ag an am. Sa lá atá inniu ann tá daoine dubha le feiceáil i go leor réimsí den tsochaí Mheiriceánach a raibh cosc orthu a bheith páirteach iontu roimhe seo. Ach an bhfuil an ciníochas i Meiriceá athraithe ó bhí na seascaidí ann? Féachfaidh mé le fianaise a chur ar fáil san alt seo a dhéanfaidh an cheist sin a fhreagairt.
Is melting pot cultúrtha é Meiriceá, tír atá ar nós cuma liom faoi dhath craicinn daoine, a bhfuil comhionannas deiseanna agus cothrom na Féinne le fáil inti. Tá sin fíor, nach bhfuil? Bhuel, tá sé in ainm is a bheith. In ainneoin na n-athruithe ar fad atá tar éis tarlú sa tsochaí ó thaobh an chaidrimh idir ciníocha de, an bhfuil rudaí athraithe an oiread sin i ndáiríre? Ba cheart go spreagfadh roinnt eachtraí a tharla le tamall anuas muid le ceist a chur cad é go díreach atá athraithe, cad iad na hathruithe atá i gceist, cad iad na rudaí nár athraigh fós agus cén fáth nár athraigh siad.
I measc na n-eachtraí ba cheart a chur san áireamh, tá triail agus ciontú Thomas Blanton as dúnmharú ceathrar cailíní óga dubha i mbuamáil eaglaise in Birmingham, Alabama ar an 15 Meán Fómhair 1963. Sea, gabhadh é agus ciontaíodh é ach féach chomh fada is a thóg sé an méid sin a chur i gcrích: ocht mbliana is tríocha! Lena chois sin, gearradh téarma príosúnachta saoil air seachas é a dhaoradh chun báis. Ach níl seo neamhghnách sna Stáit Aontaithe. Tá sé coitianta go maith, go stairiúil agus sa lá atá inniu ann, go ngearrtar pionós báis ar dhuine dubh a dhúnmharaíonn duine geal, ach is annamh a ghearrtar an pionós céanna ar dhuine geal a mharaíonn duine dubh. Níl aon athrú ar an scéal seo. An rud a thugann sé seo le fios ná go bhfuil níos mó fiúntais ag baint le beatha an duine ghil ná mar atá le beatha an duine dhuibh. Seo gné amháin den chiníochas nach bhfuil athrú dá laghad tagtha uirthi i Meiriceá.
Triail OJ Simpson
Nuair a cuireadh i leith OJ Simpson gur mharaigh sé Nicole Brown Simpson agus Ronald Goldman, bhí aird an domhain mhóir dírithe ar an triail agus ar gach mionsonra ag baint leis an eachtra. Bhí sé seo amhlaidh de bharr go raibh cáil bainte amach ag Simpson mar imreoir proifisiúnta peile den scoth agus mar aisteoir. Le déanaí, dúnmharaíodh bean chéile Robert Blake, aisteoir a bhfuil seanaithne air. Cén bhaint atá ag seo le cúrsaí? Is é an pointe ar mhaith liom aird a tharraingt air ná gur cuireadh Simpson i gcarcair díreach i ndiaidh dhúnmharú Simpson Brown agus Goldman agus nár ligeadh amach ar bannaí é ag am ar bith le linn na trialach. Ar an lámh eile, tá cead a chinn tugtha do Blake, in ainneoin go bhfuil go leor fianaise ann le hamhras a tharraingt air. Cén fáth? Tá an freagra simplí. Tá Simpson dubh. Is fear geal é Blake. Lena chois sin, bhí an bhean ar cuireadh a dúnmharú i leith Simpson geal, bhí sí fionn, agus tagraíodh di go minic mar ‘trophy wife’. Sa chás seo arís feicimid an éagóir a bhíonn ann ó thaobh an dlí de sna Stáit Aontaithe nuair a bhíonn daoine dubha, agus fir dhubha go háirithe, i gceist. Seo sampla eile de chiníochas atá chomh láidir céanna is a bhí.
Tá rud eile ag tarlú sna Stáit Aontaithe ar cúis mhór imní é agus a léiríonn chomh ciníoch is atá an tsochaí. Is éard atá i gceist agam ná an líon mór fear dubh atá á lámhach agus a marú ag na póilíní, fir, go minic, nach mbíonn fiú armtha. Tharla an eachtra is déanaí den chineál seo i Cincinnati, Ohio ar an 7 Aibreán nuair a mharaigh Stephen Roach, oifigeach de chuid na bpóilíní, fear óg naoi mbliana déag darbh ainm Timothy Thomas nach raibh armtha. Is ionann Cincinnati agus go leor cathracha Meiriceánacha eile de bharr gur minic forneart marfach imeartha ag na póilíní ar dhaoine dubha. Ba é Timothy Thomas an cúigiú duine dubh a mharaigh póilíní Cincinnati ó bhí 1995 ann agus an ceathrú duine ó bhí mí na Samhna 2000 ann. Caitheann póilíní Cincinnati le fir dhubha díreach mar a chaitheann ranna eile de chuid na bpóilíní ar fud na Stát Aontaithe leo.
Cásanna eile
Tá go leor cásanna eile den chineál céanna ciníochais i measc na bpóilíní tagtha chun solais le roinnt blianta anuas. Mar shampla, fuair Amadou Diallo bás ar an 4 Feabhra, 1999 nuair a scaoil póilíní i gcathair Nua-Eabhrac naoi n-uaire déag é agus é ina sheasamh i bhforsheomra an bhloic árasán inar chónaigh sé, de bharr go raibh a thiachóg ina lámh aige. Rinne póilín as Brooklyn, Justin Volpe, inimirceach as Háití darb ainm Abner Volpe a chéasadh i seomra folctha stáisiún na bpóilíní trí shuncaire leithris a shá suas ina dhriseachán arís is arís eile. Ar an 3 Márta, 1991, thug póilíní i Los Angeles léasadh brúidiúil do Rodney King. Is liosta gan áireamh é.
Is é an fáth go bhfuil na póilíní ag caitheamh mar seo go fóill le fir dhubha ná nach minic a bhíonn siad thíos leis an mhí-iompar seo. Ní chuirtear pionós cuí orthu riamh. Ligeann pobal na Stát Aontaithe a gcoireanna leo, ceadaíonn siad iad agus spreagann siad iad. Tá ag teip ar na saoránaigh i gcathracha ar fud na tíre ar fad na bithiúnaigh bhrúidiúla seo, a úsáideann suaitheantas na bpóilíní mar chosaint, a smachtú agus pionós a ghearradh orthu. Léiríonn sé seo a gciníochas féin i leith na ndaoine dubha, agus i leith na bhfear dubh go speisialta.
Tá an ciníochas ar nós fuinnimh. Ní féidir fuinneamh a chruthú ná a scrios - ní féidir ach é a athrú ó fhoirm amháin go foirm eile. Tá an scéal amhlaidh i gcás an chiníochais. Níl an sclábhaíocht i gceist sa tír seo níos mó, ná ní dhéantar linseáil ar dhaoine go poiblí a thuilleadh; tá oifigigh de chuid na bpóilíní ann, áfach, atá ciníoch agus tugtha don dúnmharú, agus pobal ciníoch Mheiriceá ag tabhairt cead a gcinn dóibh agus á spreagadh chun gnímh.
Níl i mí-iompar na bpóilíní ach sampla amháin den chiníochas atá le fáil sa tír. Níl an ciníochas athraithe i Meiriceá - tá a riocht athraithe, sin uile. Tá sé beo bríomhar agus borradh faoi, an caimileon fealltach agus gránna seo.
Tá Stephen Brown ina chónaí i Laurel, MD, taobh amuigh de Washington, DC. Is eolaí é atá ag déanamh staidéir ar an Ghaeilge le hocht mbliana anuas agus bíonn sé in Éirinn go minic. Faoi láthair, tá sé ina chathaoirleach cláracha ar Chonradh na Gaeilge, Washington.