AR NA SAOLTA SEO
Fuarchúis na vótálaithe seasta
Tony Birtill Tony Birtill Tony Birtill

An dtiocfaidh na vótálaithe amach? Sin ceann de na príomhcheisteanna atá ag Tony Blair, William Hague agus Charles Kennedy agus olltoghchán na Breataine ag druidim linn.

Íomhá

In olltoghchán na bliana 1997 bhí caint ar na vótaí inaistrithe agus ar na suíocháin imeallacha ach tá a lán cainte an t-am seo faoi míshásamh agus easpa suime na vótálaithe seasta. De réir tuairisce inmheánaí de chuid Pháirtí an Lucht Oibre, d’fhéadfadh an páirtí 125 suíochán a chailleadh de bharr fhuarchúis an phobail vótála, an dream san aoisghrúpa 18-25 go háirithe.

“Things can only get better” an téamamhrán a bhí ag Páirtí an Lucht Oibre ceithre bliana ó shin, ach “D’fhéadfadh rudaí a bheith níos measa” an port a chloiseann tú ó lucht tacaíochta an pháirtí sin anois.

Bhí an-dóchas ag na gnáthdhaoine nuair a toghadh Tony Blair le móramh mór, go háirithe in áiteanna mar Walton i Learpholl, an áit a bhfuil mé féin i mo chónaí agus ceantar atá ar cheann de na Labour heartlands, mar a thugtar orthu. Bhí an ráta dífhostaíochta ag 18% aimsir an toghcháin dheireanaigh, bhí frithdhúnadh a mhairfeadh fiche mí á dhéanamh ar chúig chéad dugaire agus bhí muintir na háite ag súil le cuidiú go gasta. Ach níor tháinig sé. Ní raibh suim ar bith ag Tony Blair sna dugairí. Ní raibh sé sásta teacht go Learpholl chun labhairt leo fiú, cé go ndearna Robbie Fowler, captaen Learpholl FC, ráiteas os comhair an tsaoil mhóir ar an chlár teilifíse “Match of the Day” nuair a nocht sé foléine a raibh “Support the dockers” scríofa uirthi. Ghearr an Cumann Peile (an FA) fíneáil £5,000 ar Fowler de bharr na heachtra sin, agus thuill Tony Blair drochmheas na ngnáthdhaoine i Learpholl nuair ab éigean do na dugairí éirí as an agóid i mí an Mhárta 1998.

Ba léir ansin cén bhrí a bhí leis an “new” i “New Labour”. Cé gur bunaíodh an páirtí i 1900 mar “The Labour Representation Committee” chun guth a thabhairt i Westminster do na ceardchumainn, ba léir go raibh ról nua ag an pháirtí i 1997: an lucht gnó a choinneáil sásta.

Tá cuid mhaith den dream sa cheantar seo a bhí ina mbaill den pháirtí éirithe as anois agus níl an t-ábhar bolscaireachta chomh feiceálach is a bhíodh ar na sráideanna. D’éirigh ár bhfeisire áitiúil, Peter Kilfoyle, a bhí an-dílis do Tony Blair, as a phost mar aire fiú, ag rá go raibh an páirtí ag briseadh an cheangail leis na gnáthdhaoine. Is “cara cáinteach” den cheannaire é anois, duine a bhíonn ag tabhairt amach go rialta sna meáin chumarsáide faoin treo a bhfuil an páirtí ag dul sa lá atá inniu ann.

Ach anois agus an toghchán ag druidim linn tá tacaíocht an phobail vótála de dhíth ar an pháirtí - ach an cheist atá ag a lán daoine sa cheantar seo, agus in áiteanna cosúil leis ar fud na tíre, ná an fiú vóta a chaitheamh.

“Sula ndéanann tú cinneadh gan vótáil, ba chóir duit liosta a scríobh amach duit féin,” a dúirt dílseoir ón pháirtí liomsa. “Amharc ar na rudaí dearfacha atá curtha i gcrích ag an rialtas: íosphá, ráta íseal boilscithe, suíocháin i dTeach na dTiarnaí bainte de chuid mhaith tiarnaí dúchasacha, cearta spaisteoireachta faoin tuath, deireadh le ‘borradh agus meathlú’; ansin, amharc ar na rudaí diúltacha: beartas fioscach mar a bheadh ag na Coiméadaigh, rátaí úis agus sterling ró-ard don tionsclaíocht, barraíocht spin agus dlí in aghaidh na gceardchumann i bhfeidhm go fóill. Ba chóir cuimhneamh freisin ar an drochshaol a bhí againn nuair a bhí na Coiméadaigh i gcumhacht.”

Tá an t-ádh ar Tony Blair go bhfuil an fhadhb chéana maidir leis na vótálaithe seasta ag William Hague. “ úr” a gheall Margaret Thatcher i 1979 nuair a toghadh í - tír gan boilsciú ar bith ann, airgead ag daoine a bhí sásta a bheith ag obair go crua agus deiseanna fostaíochta do gach duine. Ach tar éis deich mbliana bhí an ráta boilscithe méadaithe go dtí 10.8% agus bhí 3 mhilliún duine ar liúntas dífhostaíochta. Tar éis mheathlú na mblianta 1981 agus 1999 bhí sé soiléir do mhórán Coimeádach (gan trácht ar gach duine eile) nach raibh ag éirí chomh maith is a ceapadh leis an pholasaí laissez-faire ná le fiontraíocht phríobháideach.

Nuair a theip ar an pháirtí i 1997, ba ar William Hague a leagadh an cúram treo nua a aimsiú do na Coimeádaigh - treo nach bhfuil aimsithe aige go fóill, dar le mórán daoine. Cuireann go leor rudaí faoi Hague isteach ar dhaoine, go háirithe blas a chuid cainte. Is as Yorkshire é, dala Mick McCarthy, ach ní dhéanann McCarthy iarracht a bheith ardnósach nuair a bhíonn sé ag caint. Tá guth ait ag Hague agus, lena chois sin, tá cuma ait air, gan trácht ar na polasaithe atá aige. Beidh sé deacair aige lucht tacaíochta an Pháirtí Choiméadaigh a mhealladh amach chun a vóta a chaitheamh.

Agus, dá bharr seo, tá dóchas ag na Liobrálaithe, ag Páirtí Náisiúnta na hAlban agus ag Plaid Cymru.

“Ní bhfuair na Coiméadaigh suíochán ar bith in Albain i 1997 agus tá seans ann nach bhfaighidh siad suíochán ar bith sa Bhreatain Bheag ach oiread an t-am seo,” a dúirt Kiron Reid, iarrthóir de chuid na Liobrálach Daonlathach i Walton liom. Níl seans ar bith aige féin sa toghcheantar seo ach tá sé dóchasach faoi shuíocháin imeallacha mar Oldham, Rochdale agus suas le seasca ceann eile.

Is ag na páirtithe beaga seo atá na polasaithe radacacha agus níl mórán ciniciúlachta i measc a lucht tacaíochta. “Tá muid sásta cáin ioncaim a ardú chun tuilleadh airgid a chur ar fáil don chóras oideachais, don chóras sláinte agus do sheirbhísí eile poiblí,” a dúirt Kiron Reid liom.

Má fhaigheann a pháirtí a lán vótaí san olltoghchán seo, b’fhéidir go mbeadh an misneach ag Tony Blair a bheith níos radacaí in ionad a bheith ina Sheoinín don lucht gnó.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.