AR NA SAOLTA SEO
Am an-chontúirteach romhainn
Robert McMillen Robert McMillen Robert McMillen

Measann Robert McMillen go bhfuil am an-chontúirteach i ndán do mhuintir na Sé Chontae.

Fáilte romhaibh ar ais go dtí an ghealtlann. Tá na Sé Chontae ag fíorú na híomhá sin atá ag an tsaol taobh amuigh gur duine mire achan uile chréatúr againn.

Bhí clár an-suimiúil ar an teilifís i mí an Mheithimh fá George Best, an t-imreoir sacair ab fhearr ar domhan - b’fhéidir - agus a streachailt leis an alcólachas. “Ní bheidh deireadh leis an streachailt go dtí go bhfaighidh mé bás,” a dúirt sé agus an chuma air gur ag géilleadh go suaimhneach dá chinniúint a bhí sé.

Faoi láthair, tá na Sé Chontae mar a bheadh George Best ann, é doirte don nimh a fhágfas ar an trá fholamh é. In ainneoin go n-aithníonn muid an t-aimhleas a dhéanann buidéal eile Seicteachais, nó leathcheann eile Seirbhe dúinn, ní thig linn stopadh.

Go minic téim chuig mo chuid oibre fríd cheantar na Seanchille, croí dílseach Uladh. Is é an graffitto is úire ar bhinn na dtithe beaga néata sna heastáit a bhfuil an UDA/UFF i réim iontu ná “Roll on Drumcree 2001”. Is é an chúis is mó eagla ba cheart a bheith ag daoine ná rannpháirtíocht na bparamíliteach dílseach i bhforéigean fud fad na Sé Chontae. Ba iad a mharaigh John McCormack i gCúil Raithin an mhí seo caite, is iad atá ag eagrú an fhoréigin i dtuaisceart Bhéal Feirste, ba iad a bhí ciontach as an iliomad ionsaithe buamaí peitril i lár Aontroma agus in áiteanna eile, agus tá siad ag ullmhú do Alamo Dhroim Cria lena n-anamchairde san LVF.

Díchoimisiúnú

Tá an Fíor-IRA réidh le teacht i dtír ar dhiongbháilteacht na nAontachtach i leith an dhíchoimisiúnaithe. Agus mé á scríobh seo, níl David Trimble éirithe as a phost go fóill, ach tá gach cuma ar an scéal go ndéanfaidh sé amhlaidh. Níor cuireadh tús féin leis an díchoimisiúnú, agus mar sin de, beidh an Trimbleach ina sheasamh ar an talamh ard morálta. Ar an drochuair, tá an píosa áirithe talaimh sin ag titim isteach sa chlábar agus lucht féachana scanraithe ag breathú air le fonn caointe.

Sílim go bhfuil Sinn Féin ag fanacht le fáil amach an mbeidh seirbhís cheart phóilíneachta ann ó thuaidh. Measaim go bhfuil siad á dhéanamh seo sa dóigh is go mbeidh siad cinnte nach mbeidh macasamhail 1969 ann arís, nuair a d’ionsaigh dílseoirí agus an RUC agus na B-Specials ceantracha náisiúnaíocha. Ní tharlóidh sé sin go dtí go bhfuil muinín ag an phobal náisiúnaíoch (agus deirim náisiúnaíoch in áit Caitliceach mar caithfidh muinín a bheith ag poblachtánaigh níos mó ná dream ar bith eile, is dócha) i cibé seirbhís péas a bheas ann. Ní fheicfidh muid an díchoimisiúnú go dtí go bhfuil sin amhlaidh.

Agus tú á leamh seo, seans mór nach mbeidh an Tionól ag Stormont ag feidhmiú níos mó. Is é an íoróin ná gurb iad na hAontachtaithe a bhain ar shiúl dúshraith an Tionóil nuair a bhí náisiúnaithe ag iarraidh é a choinneáil. Is peata mór poblachtánach é rialtas na Sé Chontae - ach lonnaithe i Stormont - agus a chúis acu.

Comhoibriú trasteorann

An mhí seo caite, foilsíodh plépháipéar ar na seirbhísí otharlainne ó thuaidh. Mhol Coimisiún Hayes athruithe radacacha sa dóigh a reáchtáiltear seirbhísí leighis i dTuaisceart Éireann, ach rud nach dtug mórán faoi deara ná moladh go ndéanfaí tuilleadh forbartha ar an chomhoibriú trasteorann ó thaobh cúrsaí sláinte de.

Ba í an tAire Sinn Féineach Sláinte Bairbre de Brún a leag síos téarmaí tagartha an Choimisiúin agus sin ceann de na thanna a bhfuil Sinn Féin chomh tógtha sin leis na hinstitiúidí logánta rialtais. Tá siad ag iarraidh na Sé Chontae a athrú ón taobh istigh, nascanna leis an chuid eile d’Éirinn a láidriú, ag baint úsáide as an pholaitíocht lena dhéanamh, le beirt Airí chumasacha sa dá roinn is tábhachtaí ó thuaidh.

Ní nach ionadh go bhfuil siad ar theann a ndíchill an Tionól a choinneáil. Ach is cluiche é seo a bheidh sé deacair ag Poblachtánaigh a chailleadh. Tá troid fhíochmhar ar siúl idir na hAontachtaithe bunreachtúla, sprid an ghnáthphobail s’acu in ísle brí (agus is rud an-chontúirteach é seo, rud nach dtug náisiúnaithe a n-aghaidh mar is ceart air go fóill). Tá cluas Tony Blair ag Gerry Adams, agus is léir go gcuirfidh an dá rialtas oiread agus is féidir de Chomhaontú Aoine an Chéasta i bhfeidhm, beag beann ar na hAontachtaithe. Tá Rialtas na Breataine ag iarraidh fáil réidh le Fadhb na hÉireann.

Agus sin an fáth a mbeidh bladhairí Phort an Dúnáin le feiceáil ar na scaileáin teilifíse an samhradh seo. Tá an iomaíocht fhuilteach stairiúil fá thalamh, fá chearta agus fá shiombailí ag toiseacht arís. Creidim go bhfuil am an-chontúirteach romhainn mura dtig leis an dá rialtas coinín a tharraingt amach as an hata.

Is iriseoir leis an Irish News é Robert McMillen.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.