Ar an gcéad lá de mhí na Bealtaine thóg tuismitheoirí ón bpobal suite a gcuid páistí amach as dhá bhunscoil i gContae Luimnigh. Rinne siad é seo mar agóid i gcoinne pholasaí na Roinne Oideachais páistí de chuid an Lucht Taistil a chur sa rang céanna le páistí ón bpobal suite, fiú má bhíonn roinnt mhaith den scoilbhliain caillte ag na Taistealaithe. Measann Gearóid Ó Riain gur biogóideacht a spreag na tuismitheoirí chun gnímh.
Is cuma cén tuairim atá agat ar an gceist, bhí an cur chuige a roghnaigh siad scannalach. Tá mé ag caint ar an agóid a rinne Comhairle na dTuismitheoirí ó dhá scoil i Ráth Caola, Co. Luimnigh ag tús mhí na Bealtaine.
Ní raibh sé ceart go ndearna siad na páistí a tharraingt isteach sa scéal, a bpáistí féin ná páistí na dTaistealaithe. Tá faitíos ormsa gur ceacht biogóideachta a bhí ann do na páistí a coinníodh amach as an scoil. Is cuma cén casadh a chuireann siad sa scéal, thuig na páistí an ceacht simplí - nach raibh a dtuismitheoirí ag iarraidh go mbeidís sa rang céanna le Taistealaithe.
“Parents to remove children at schools over Travellers” an ceannlíne a bhí san Irish Times ar an 1 Bealtaine. Is cinnte gur thuig na Taistealaithe an rud céanna is a thuig na páistí ón bpobal suite. Samhlaigh an dochar a dhéanfadh a leithéidí seo don chaidreamh idir dhá phobal ar bith.
Fair play do na tuismitheoirí céanna - bhíodar an-eagraithe, de réir gach tuairisce. Bhí an plean leagtha amach go beacht acu, bhí na preasráitis réidh, bhí “an líne” de ghlan mheabhair acu. “Níl tada againn i gcoinne an Lucht Taistil. Nach bhfuil roinnt tuismitheoirí ón Lucht Taistil ar thaobh s’againne!” (Bhí mé ag fanacht le duine acu a rá go raibh baill den Lucht Taistil ar chuid de na cairde is fearr a bhí acu.) Ach cé go ndúirt siad go raibh tacaíocht acu ó roinnt tuismitheoirí de chuid an Lucht Taistil, níor éirigh leis an bplean sin divide and rule - níor ghlac na tuismitheoirí sin páirt san agóid.
Ach, ar an bpointe, thosaigh an agóid. Mhúsclaíodar an t-inneall agus tharraing siad a bpáistí féin amach as a gcuid ranganna. Cén fáth? An raibh an foirgneamh i mbaol titim? An raibh galar tógálach, marfach ag bagairt ar mhuintir na scoile? An raibh a bpáistí i gcontúirt? An raibh an áit ar snámh le francaigh? Ní raibh. Rinne siad é i ngeall ar pháistí ón Lucht Taistil a bheith sna ranganana. Dúirt siad go raibh an polasaí nua deireadh a chur le ranganna “speisialta” an Lucht Taistil, agus na ranganna a bheith meascaithe, ag cur isteach ar oideachas a bpáistí, go háirithe nuair a bhí daoine ag teacht isteach sa scoil i rith na scoilbhliana, tar éis dóibh a bheith ag taisteal. Bhíodar ag cur i gcoinne na bpáistí a rangú de réir aoise, seachas de réir cumais acadúil.
Iad siúd sa tír a bhfuil páiste acu nach bhfuil cumas acadúil ard go leor aige/aici, bíodh siad ar a n-aire.
Comhshamhlú
Beagnach ceathracha bliain ó shin thug an Stát seo aghaidh ar thionscadal áitrithe agus comhshamhlaithe. Bhíodar ag iarraidh “Ceist na dTaistealaithe” a réiteach. An dá straitéis a bhí acu ná stop a chur leis an taisteal, is é sin, iad a chur i dtithe (bhí sé faoina comhairlí áitiúla é seo a chur i bhfeidhm) agus múineadh dóibh cén chaoi le maireachtáil sa saol nua (faoin gcóras oideachais a bhí sé seo). Níor thug siad aitheantas ar bith do cheisteanna cultúrtha ná do chearta cultúrtha na dTaistealaithe.
Féachadh ar na Taistealaithe féin mar shainmhíniú na faidhbe. Ach fiú agus an tionscadal ar strae seo á chur chun cinn, is beag pobal a bhí sásta glacadh leis na Taistealaithe ina gceantar ná ina ranganna scoile. Sna scoileanna, cuireadh i bhfeidhm polasaí aisteach comhshamhlaithe - “ranganna speisialta”, is é sin ranganna scartha ina mbíodh na Taistealaithe ar fad, ba chuma an raibh ceithre bliana acu nó dhá bhliain déag! Ar ndóigh bhí an pobal suite sásta nach raibh siad sna ranganna lena bpáistí siúd agus bhí an Roinn in ann a rá go raibh siad ar scoil.
Ó thaobh oideachas na dTaistealaithe de, bhí an polasaí seo tubaisteach. Bhíodar ag fágáil na scoile, tar éis ocht mbliana go minic, gan a bheith in ann a n-ainm a scríobh. Sna nóchaidí, thosaigh an Roinn ag cur deiridh leis na ranganna speisialta agus ag cur páistí sna ranganna de réir aoise. Cuireadh i bhfeidhm an polasaí seo i Ráth Caola le bliain anuas. Feicimid anois an agóid a spreag sé.
Dúshlán
Is cinnte go dtugann sé dúshlán don chóras oideachais seirbhís a chur ar fáil do dhream atá ag taisteal agus i Ráth Caola tá céatadán eisceachtúil Taistealaithe sa phobal. Níl an spás agam anseo an cheist ghinearálta seo, oideachas agus taisteal, an dá thrá a fhreastal, a phlé. Ach i Ráth Caola tá go leor acmhainní breise (múinteoirí breise san áireamh) curtha ar fáil agus, de réir na n-oideachasóirí gairmiúla, níl argóint na n-agóidithe go bhfuil cuid oideachais páistí eile ag fulaingt slán. Deir na múinteoirí agus an Roinn Oideachais nach bhfuil fianaise ar bith ann ag tacú leis an argóint seo.
An rud ar a mbeidh mise ag faire ná céard a dhéanfaidh an Roinn. An leanfaidh siad ar aghaidh leis an bpolasaí ranganna a mheascadh? Caithfidh siad é sin a dhéanamh, i mo thuairimse, nó beidh siad ag tabhairt ceada d’éinne sa tír nach maith leis/léi go bhfuil Taistealaí sa rang céanna lena pháiste agóid a eagrú ina c(h)eantar féin.
Tá athrú mór ar chúrsaí ó na blianta inar ghlac an Lucht Taistil lena stádas íseal gan cheist. Ach i ndeireadh na dála b’fhéidir gurb é an comhthéacs nua reachtaíochta, leis an Acht um Stádas Comhionainn 2000, a chuirfidh an brú cuí ar an tseirbhís oideachais seasamh a thógáil i gcoinne na bhfórsaí a choinneodh na Taistealaithe ar an taobh amuigh.
Tá Gearóid Ó Riain ag obair leis an eagraíocht don Lucht Taistil, Pavee Point.