Measann Breandán de Gallaí go bhfuil aeróstaigh curtha ar an domhan seo le daoine mar é a chrá.
»»»Tá go leor taistil déanta ag Máire Ní Chuagáin le dornán blianta anuas ach tháinig sí ar an tuiscint an mhí seo caite go bhfuil áiteanna speisialta níos cóngaraí do bhaile freisin.
»»»Ba mhinic a thaistealaíodh Breandán de Gallaí sa ghrád gnó agus an bille á ghlanadh acu siúd a raibh sé ag obair dóibh. Agus é i Meiriceá an iarraidh seo, áfach, b’éigean dó úsáid a bhaint as modh iomlán éagsúil taistil: bus Greyhound!
»»»Thug Máire Ní Chuagáin cuairt ar Chraców le déanaí agus thaitin an áit go mór léi, idir shainchomharthaí na sean-Pholainne atá le feiceáil inti agus gnéithe na cathrach nua-aoisí.
»»»Beidh féile na Manainnise, [i]Yn Chruinnaght[/i], ar siúl i Manainn ó 16-20 Iúil i mbliana. San alt seo, tugann John Walsh eolas faoi stair na teanga, faoin tslí ar tháinig meath uirthi agus faoin athbheochan bheag atá ag tarlú le roinnt blianta anuas.
»»»Is minic a dhéantar an damhsa comhaimseartha a cháineadh, ach dar le Breandán de Gallaí, tá go leor fiúntais ag baint leis ach tuiscint a bheith agat ar an [i]genre[/i].
»»»Tar éis di bliain a chaitheamh sa Mhaláiv, braitheann Máire Ní Chuagáin go bhfanfaidh ithir dhearg na tíre sin go dlúth ina hanam go deo. San alt seo, insíonn sí dúinn mar gheall ar a seal draíochta thall.
»»»Rinneadh obair thógála i dteach Bhreandáin de Gallaí le gairid. Tá sé anois den tuairim gurbh fhiú an tairbhe an trioblóid, cé nach bhfuil sé mór le cuid dá chomharsana a thuilleadh!
»»»Agus Ardteist na bliana seo beagnach buailte linn, beidh an dream atá ar tí an scoil a fhágáil ciaptha leis an imní. Ach is cóir dóibh siúd ar mian leo freastal ar an ollscoil a bheith ar bís faoin mbliain atá rompu, dar le Johanna Ní Mhurchú. Tá an t-alt seo dírithe ar dhaltaí Ardteiste ó thaobh leibhéal deacrachta na teanga de.
»»»Chuaigh Breandán de Gallaí chun na hOstaire le gairid le triail a bhaint as an sciáil agus as na traidisiúin uilig a bhaineann léi – an [i]après-ski[/i], na sabhnaí agus na buataisí sciála ar geall le gléasanna céasta iad!
»»»Tá teannas láidir idir na Maoraigh agus Rialtas na Nua-Shéalainne le roinnt míonna anuas, ó cuireadh sceimhlitheoireacht i leith baill de threibh na Tūhoe. Cúlra an scéil ó Ruth Nic Giolla Iasachta.
»»»Tá frustrachas an-mhór ag baint le bheith ag cleachtadh do chuid Fraincise sa Fhrainc, dar le Breandán de Gallaí.
»»»Chuaigh Nollaig Ó Neill chun na Spáinne le gairid agus é ag súil le harásan a cheannach ansin. Cé nár cheannaigh sé réadmhaoin sa deireadh, fuair sé léargas suimiúil ar an áit, agus ar chleachtais tréandíola na ngníomhairí eastáit.
»»»Ar cheart don dream a bhíonn ag scríobh scripteanna trí Ghaeilge do chláracha daoine óga ar an teilifís aithris a dhéanamh ar chaint an aosa óig nó arbh fhearr leaganacha “cearta” den teanga a úsáid, a fhiafraíonn Breandán de Gallaí.
»»»Theip ar Bhreandán de Gallaí tae ceart a fháil agus é i Nürnberg na Gearmáine agus ní go rómhaith a d’éirigh lena chuid iarrachtaí léargas a fháil ar stair na cathrach sin ach oiread.
»»»D’fhoghlaim Ruth Nic Giolla Iasachta níos mó le gairid faoin nasc idir tíreolaíocht na Nua-Shéalainne agus seanchas na Maorach.
»»»Thug Ruth Nic Giolla Iasachta aghaidh le gairid ar chuid de na háiteanna is speisialta a bhaineann le cultúr agus spioradáltacht na Maorach.
»»»Cé gurb é an Béarla an teanga is forleithne sa Nua-Shéalainn, tá stádas oifigiúil bainte amach ag an Maoiris ón mbliain 1987. Pléann Ruth Nic Giolla Iasachta cúrsaí teanga agus cultúrtha na Nua-Shéalainne.
»»»Is minic a théann sé dian ar dhaoine idirdhealú idir muintir na Nua-Shéalainne agus muintir na hAstráile, ach tá bunadh na Nua-Shéalainne an-bhródúil go deo as a gcultúr agus féiniúlacht féin, mar a mhíníonn Ruth Nic Giolla Iasachta.
»»»Tá an geimhreadh sa Nua-Shéalainn faoi láthair ach tá ag éirí le Ruth Nic Giolla Iasachta neart ama a chaitheamh amuigh faoin aer mar sin féin.
»»»Tá breis is dhá mhí caite ag Máire Ní Chuagáin sa Mhaláiv agus braitheann sí sona sásta ansin.
»»»Tá sé tugtha faoi deara ag Ruth Nic Giolla Iasachta nach bhfuil bunadh na Nua-Shéalainne chomh sásta céanna a bheith ag canadh is atá na hÉireannaigh ach go gcuireann siad i bhfad níos mó béime ar an spórt agus ar an aclaíocht.
»»»Tá an taisteal atá déanta thar lear le dhá bhliain anuas ag Máire Ní Chuagáin tar éis léargas nua a thabhairt di ar a tír dhúchais.
»»»Ceann de na rudaí is suntasaí faoi bhunadh na Nua-Shéalainne, dar le Ruth Nic Giolla Iasachta, ná a meas ar an gcomhshaol.
»»»Tá Ruth Nic Giolla Iasachta díreach tar éis bogadh go dtí an Nua-Shéalainn agus beidh sí ag scríobh mar gheall ar an tír don iris seo sna míonna atá romhainn. Sa chéad cholún seo, féachann sí ar an gcaidreamh idir na Sasanaigh agus na bundúchasaigh ó bhí an naoú haois déag ann.
»»»D’fhill Máire Ní Chuagáin ar Éirinn le déanaí tar éis di ocht mí a chaitheamh ag taisteal san Afraic agus san Astráil. Sa tuairisc dheireanach seo uaithi, míníonn sí cén fáth nach raibh sí róthógtha le háiteanna áirithe san Astráil.
»»»Tar éis di cúpla mí a chaitheamh ag taisteal san Afraic, thug Máire Ní Chuagáin aghaidh ar an Astráil. San ochtú tuairisc seo uaithi, déanann sí cur síos ar chuid de na hiontais a chonaic sí ansin.
»»»Tar éis cúpla mí a chaitheamh ag taisteal san Afraic, thug Máire Ní Chuagáin aghaidh ar an Astráil le gairid. Sa seachtú tuairisc seo uaithi, déanann sí cur síos ar an tréimhse a chaith sí sa Mhaláiv, díreach sular fhág sí an Afraic.
»»»Tar éis cúpla mí a chaitheamh ag taisteal san Afraic, thug Máire Ní Chuagáin aghaidh ar an Astráil le gairid. Sa séú tuairisc seo uaithi, déanann sí cur síos ar an tréimhse a chaith sí sa tSaimbia, díreach roimh di an Afraic a fhágáil.
»»»Tá Máire Ní Chuagáin san Afraic faoi láthair, agus beidh sí ag triall ar an Áis gan mhoill. Sa chúigiú tuairisc seo uaithi, déanann sí cur síos ar an tréimhse a chaith sí sa Namaib le gairid.
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil.
Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.