THALL IS ABHUS
Cosa siúlacha (Cuid 8)
P.J. Mac Gabhann P.J. Mac Gabhann

Tar éis di cúpla mí a chaitheamh ag taisteal san Afraic, thug Máire Ní Chuagáin aghaidh ar an Astráil. San ochtú tuairisc seo uaithi, déanann sí cur síos ar chuid de na hiontais a chonaic sí ansin.

Íomhá
Foraois Bháistí Daintree

Is cinnte go raibh lionn dubh ar mo chroí agus mé ag fágáil mhór-roinn iontach na hAfraice, ag eitilt ó Johannesburg go Perth, ach ag an am céanna bhí mé ar bís leis an mór-roinn nua seo a bhí ag feitheamh orm a fheiceáil. Ní raibh sé i gceist agam dul go dtí an Astráil ar an turas seo in aon chor, ach nuair a shocraigh mo chairde dul ann, chinn mé féin ar sheal a chaitheamh in éineacht leo agus blaiseadh a fháil de shaol na hAstráile.

Ní raibh mórán ar bun agam an chéad seachtain, ach ag malartú scéalta le mo chairde, ag ní mo chuid éadaí agus ag socrú isteach i saol a bhí go hiomlán difriúil le saol na hAfraice. Tá an Astráil an-spéisiúil mar thír, toisc go bhfuil an oiread sin cultúr éagsúil le fáil ansin. Bunaíodh an tír “nua” seo san 18ú haois, agus rinne go leor príosúnach as Sasana, Albain, Éirinn agus tíortha eile an turas fada ar bháid mhóra go dtí an áit aineoil seo. Cé go ndúirt na fir gheala nach raibh duine nó deoraí ina chónaí sa tír, ar ndóigh ní raibh sé sin fíor in aon chor. Bhí na céadta míle Bundúchasach sa tír, ag maireachtáil go síochánta mar a bhí déanta acu leis na mílte bliain. Ach d’athraigh sé sin ar fad tar éis don fhear geal teacht i dtír.

Bhí tuairim éigin agam faoi chultúr agus stair na mBundúchasach sula ndeachaigh mé go dtí an Astráil, agus fós féin chuir an méid a fuair mé amach faoin gcaoi ar caitheadh le pobail dhúchasacha na tíre déistin agus uafás orm. Go dtí na 1960í, níor glacadh leis na Bundúchasaigh mar dhaoine – bhí siad clúdaithe ag an Acht Flora agus Fauna. Maraíodh na mílte díobh agus rinneadh slad ar a gcultúr agus ar a slí mhaireachtála. Faoin am a thug an rialtas a gcuid botún faoi deara, bhí an díobháil déanta.

Chaith mé cúpla lá thart ar Uluru (ar glaodh Ayres Rock air cheana), Kata Tjuta (ar glaodh The Olgas air roimhe seo) agus Kings Canyon. Is dócha go bhfuil na céadta pictiúr feicthe ag gach duine d’Uluru, agus fós féin ní léiríonn ceann ar bith acu chomh hiontach is atá sé. Ar an gcéad dul síos, tá an charraig féin ollmhór – thóg sé uair go leith orm siúl timpeall uirthi. Athraíonn na dathanna gach cúpla nóiméad, ag brath ar an solas. Tá gach cuid di chomh héagsúil sin, agus bhí ról lárnach ag áiteanna áirithe ar Uluru i ngnáthshaol Bhundúchasaigh an cheantair. Bhí sé mar chuid de thraidisiún na mBundúchasach riamh anall gan Uluru a dhreapadh, toisc, dar leo, go mbeadh sé iontach maslach dá sinsear a leithéid a dhéanamh. Iarrann siad ar thurasóirí gan an charraig a dhreapadh, ach tugann na mílte turasóir faoin dreapadh gach bliain. Dar liomsa nach gá an charraig a dhreapadh – tá an oiread sin draíochta ag baint leis an áit agus an méid sin le tuiscint fúithi gur leor sin. I mo thír dhúchais, bím ag súil go mbeadh meas ag cuairteoirí ar mo chultúr féin, agus déanaim mo dhícheall an meas sin a léiriú ar chultúir eile.

Lár na hAstráile

Tá sé dochreidte chomh mór, tirim agus dearg is atá lár na hAstráile! Bíonn na réaltaí an-gheal istoíche, tá an t-aer glan agus tá an-chuid cangarúnna, nathracha nimhe agus damhán alla gránna ann ar féidir leo dochar ceart a dhéanamh duit! Ach chaith mé cúpla uair an chloig ar eitleán go Cairns agus bhí mé i lár crann pailme agus an t-aer meirbh agus trom. Glacaim leis go raibh na damháin alla fós thart ach ní fhaca mise iad agus, mar sin, ba chuma liom! Chaith mé lá amuigh ar an Mórsceir Bhacainneach, ceann de sheacht n-iontas nádúrtha na cruinne. Bhí domhan eile ar fad le feiscint thíos faoin uisce: dathanna iontacha an choiréil, an t-iasc ildaite, beag agus mór, agus fiú corrshiorc sceire ag snámh tharam. Ach, faraor, bhí i bhfad an iomarca bád amuigh ar an sceir – bheadh imní ort go ndéanfadh an ollturasóireacht seo an-damáiste don sceir.

Cé gur áit dheas é Cairns, bhí mé ag iarraidh éalú ó na sluaite, agus bhí Cape Tribulation foirfe dá leithéid. Tá Foraois Bháistí Daintree díreach in aice leis an Mórsceir Bhacainneach – dhá Shuíomh Oidhreachta Domhanda taobh le taobh. Tá Daintree ar cheann de na foraoiseacha is sine ar domhan agus d’fhan mé dhá oíche i lár na foraoise. Bhí gach saghas torainn le cloisteáil taobh amuigh agus go leor ainmhithe, éan agus plandaí éagsúla le feiceáil. Ach, faraor, bhí gach saghas muiscíte ann freisin; bhí mo chosa bochta ite, deich ngreim bainte as ceann amháin agus dhá cheann déag as an gceann eile. Ag deireadh mhí Dheireadh Fómhair, thosaigh mé ar thuras síos cósta thiar na hAstraile – mé féin agus na mílte cúlphacálaí eile! Is cinnte go raibh a draíocht féin ag baint leis an Astráil, ach dar liomsa nach raibh ag éirí léi an Afraic a shárú. Bhí mé sásta seans a thabhairt don tír, áfach, agus don chósta cáiliúil seo.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.