THALL IS ABHUS
Ar chóir glacadh le Chandlerisms?
Breandán de Gallaí Breandán de Gallaí

Ar cheart don dream a bhíonn ag scríobh scripteanna trí Ghaeilge do chláracha daoine óga ar an teilifís aithris a dhéanamh ar chaint an aosa óig nó arbh fhearr leaganacha “cearta” den teanga a úsáid, a fhiafraíonn Breandán de Gallaí.

Íomhá
Íomhá
Íomhá
Tá neart "Chandlerisms" i gcuid Gaeilge an aosa óig

Dúirt mé ar “Ardán” (clár Pháidí Uí Lionáird ar TG4) uair amháin go bhfuil muid ciontach mar Ghaeilgeoirí as a bheith ag labhairt i bhfad barraíocht faoin Ghaeilge féin agus muid ag labhairt i nGaeilge. Bhí mé ar an chlár le Síle Seoige le bolscaireacht a dhéanamh ar shraith cláracha a rinne muid do Sheachtain na Gaeilge 2004. Chuir Páidí ceist orm cad é a bhí go maith nó speisialta faoi na cláracha agus dúirt mé gur sraith a bhí inti faoi dhaoine a raibh Gaeilge líofa acu, a raibh jabanna suimiúla acu, agus a bhí gafa le rud éigin a bhí go hiomlán difriúil leis an sórt ruda a raibh cáil orthu mar gheall air. Aisteoir as “Rós na Rún”, cuir i gcás, a bhí iontach gafa leis an Capoeira.

Agus cé go gcreidim go bhfuil muid róthugtha de bheith ag caint inár dteanga féin faoin teanga í féin, tá mé chun sin a dhéanamh anois. Mar sin, déan neamhiontas de Thadhg an dá thaobh anseo.

Bím féin ag plé le cúrsaí teilifíse ó am go ham, corruair le RTÉ, corruair le TG4, ach san earnáil neamhspleách i dtólamh. Caithfidh an léiritheoir a bheith dírithe i gcónaí ar an lucht féachana atá aige. Más clár faisnéise atá ann, beidh aoisghrúpa faoi leith ag amharc air; más sobaldráma é, beidh aoisghrúpa agus gnéas áirithe (mná go speisialta) i gceist ar an mheán.

I gcás na Gaeilge, caithfidh muid an teanga a bheith go mór inár n-aigne againn agus clár á chur le chéile. Má tá clár dírithe ar dhaoine fásta a tógadh le Gaeilge, nó a rinne staidéar uirthi, sin rud amháin. Ach cad é má tá an clár dírithe ar an aos óg? (Sula dtéim a dhath níos faide, caithfidh mé a rá, agus béim a chur air seo, nach bhfuil anseo ach dearcadh. Níl aon taighde déanta agam. Níl ann ach mo bharúil.)

Tchímse trí rannóg de chainteoirí óga Gaeilge. (Níl mé ach ag caint ar dhaoine a bhaineann úsáid as an Ghaeilge go laethúil, nó muna bhfuil siad á húsáid go laethúil, is féidir a rá go bhfuil siad líofa.)

glúin amháin ann, b’fhéidir tríocha bliain d’aois nó níos sine, a bhfuil a gcuid Gaeilge ar chaighdeán chomh maith is a bheadh cuid a muintire, nó a dtiocfadh leat a rá go bhfuil a gcuid Gaeilge chóir a bheith go maith lena gcuid Béarla.

Ansin tá lear páistí ag teacht ar an saol agus ag fás aníos agus Gaeilge iontach acu – níos fearr fiú na cuid Gaeilge na seanmhuintire. Tá tuismitheoirí na bpáistí seo á dtógáil agus polasaí dian teanga acu. Is é sin, níl le cluinstin thart orthu ach Gaeilge amháin, agus níl le feiceáil acu ach TG4. Tá na naíonáin seo ag dul chun na scoile den chéad uair le fiche nó tríocha bliain anuas gan Bhéarla. Is cuma cén cineál Gaeilge a bhíonn i gceist, cén chanúint, cén luas a bhíonn sa chaint, leanann na páistí seo achan rud gan stró ar bith. Tá siad giota maith níos fearr ná na daoine fásta atá thart orthu!

Ach an rud atá ag titim amach ná go bhfuil glúin eile ann atá á fágáil ar lár. Seo dream a tógadh le Gaeilge, nach mbaineann úsáid aisti ach amháin nuair a chaitheann siad (i ranganna ar scoil, mar shampla), agus nach bhfuil á labhairt lena gcairde. Diomaite de na hamanna a gcuirtear iallach orthu Gaeilge a úsáid, níl siad ag labhairt na teanga, agus dá bhrí sin seans nach bhfuil an saibhreas céanna acu i nGaeilge is atá ag daoine as an scoil nó ceantar céanna, nó as an teach céanna fiú (deartháireacha agus deirfiúracha móra) atá deich mbliana nó 15 bliana níos sine ná iad.

Neart airgidAch is aoisghrúpa an-tábhachtach é. Tá siad óg – idir cúig bliana déag agus 30 bliain d’aois. Caitheann siad cuid mhór airgid – a gcuid airgid féin. Tá lear den ioncam indiúscartha seo acu, agus níl mórán acu lena chaitheamh air, ach amháin ar goodies dóibh féin. Seans maith nach bhfuil siad pósta. Níl morgáiste le híoc acu, nó cúram páistí, nó iasacht cairr. Ach tá dúil bhocht ag na fógróirí iontu, agus caithfidh na craoltóirí iad a mhealladh chuig a gcuid líonraí. Do mhacasamhail TG4, tá seo ag dul a bheith deacair. Tá an dream seo doiligh a mhealladh. Caithfear cláracha a chur ar an scáileán a tharraingeoidh isteach an scaifte guagach seo. Is maith leo a bheith ag féachaint ar dhaoine óga atá dóighiúil, neamhspleách agus cool, an dóigh atá siad féin ag iarraidh a bheith i súile na hollsochaí. Caithfidh siad dáimh a bheith acu leis na carachtair atá siad a fheiceáil agus muna gcuirfear saol na ndaoine seo i láthar ar bhealach a chreideann siad ní bhíonn meas acu air. Seo mar a bhíonn siad le cláracha i mBéarla. Samhlaigh chomh deacair is atá sé cur ina luí orthu clár a choimhéad i nGaeilge!

Ar ais chuig an Ghaeilge. Má tá tú ag obair i saol na Gaeilge, seans go bhfuil stór focal maith go leor agat. Níl ach fíorbheagán daoine ann a bhfuil stór focal níos fearr acu i nGaeilge ná mar atá i mBéarla. Má tá tú i do chónaí sa Ghaeltacht agus ag úsáid na Gaeilge chomh minic céanna is a úsáideann tú an Béarla (nó níos mó) achan lá, tá tú go breá. Cinnte ní bhíonn a fhios againn gach focal úr, nó teicniúil, nó comhaimseartha a chloiseann muid, ach tá leibhéal maith go leor teanga againn go dtig linn brí focal a thomhas.

Níl an fhoighid sin ag an aoisghrúpa óg seo. Níl siad cineálta. Níl siad ag iarraidh “seans” a thabhairt do rud. Tá siad cruálach agus róghasta ag "flicéail" ó stáisiún go stáisiún! Caithfidh íomhá an chláir a bheith tarraingteach.

Ach cad é faoin chaint? Cén cineál Gaeilge atá ag an aos óg seo nuair a labhraíonn siad í, nó dá labhródh siad í, lena gcairde? Tá leagan faoi leith acu den Bhéarla, agus níl amhras ar bith ach go bhfuil acu den Ghaeilge fosta. Caithfear an chaint seo a úsáid nuair atá aithris á déanamh ar na daoine óga seo ar an teilifís. Agus caithfear glacadh leis go dtagann cuid de seo as an “OC”, agus gur Chandlerisms as “Friends” cuid de, ach é aistrithe go Gaeilge. An drochaistriúcháin dhíreacha atá iontu, nó an bhfuil siad aistrithe ar bhealach éifeachtach agus greannmhar? Más drochaistriúcháin atá iontu, ar chóir do scríbhneoirí scripte bail a chur orthu, nó ligean leo?

Abair gur tógadh an aoisghrúpa seo le Gaeilge amháin. Abair go raibh Béarla acu go hiomlán mar dhara teanga. Cén sórt cainte a bheadh acu? Cén cineál stór focal agus cora cainte a bheadh in úsáid acu? Ar chóir do na scríbhneoirí atá ag scríobh scripte don aois seo cloí le corr-dhrochleagan cainte, nó ar chóir dóibh nathanna seanfhaiseanta a bhrú orthu. B’fhéidir leagan beacht atá caillte ag an aoisghrúpa seo a athbheochan?meascán de gach rud?

Ar chóir dúinn Gaeilge mhianaidhme a úsáid ar an teilifís, agus glacadh leis go mbeidh sé deich mbliana eile sula mbeidh naíonáin an lae inniu ina ndéagóirí agus ag súil go mbeidh siad ag caint mar sin? An bhfuil cumhacht ag lucht scripte ár modh cainte a athrú?

mo bharúil féin agamsa. Cad é do bharúilse?Is as Gaoth Dobhair é Breandán de Gallaí agus chaith sé seacht mbliana ag obair mar dhuine de phríomhdhamhsóirí Riverdance. Bíonn sé le feiceáil go minic ar chláracha teilifíse ar RTÉ agus TG4.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.