D’fhoghlaim Ruth Nic Giolla Iasachta níos mó le gairid faoin nasc idir tíreolaíocht na Nua-Shéalainne agus seanchas na Maorach.
Cúpla mí ó shin, chuaigh mé go Rotorua le freastal ar chomhdháil de chuid léiritheoirí Maoracha teilifíse. Tá an baile i lár an Oileáin Thuaidh agus ciallaíonn an logainm "dhá loch". Dhá lá lán de chaint agus de dhíospóireacht, gan trácht ar cheol, spraoi agus dheochanna, a chaith mé ansin. D’fhan mé thar oíche i marae, ar cineál tí de chuid phobal traidisiúnta na Maorach é. B’iontach an rud é dúiseach agus snoíodóireacht adhmaid na Maorach mórthimpeall orm.
Tá brí ar leith ag baint le chuile bhall adhmaid sna tithe seo - ar nós dealbh i séipéal. Ach, murab ionann agus séipéil, ní léirithe de naoimh iad baill adhmaid na Maorach, ach léirithe dá sinsear diaga.
Léiriú ar thús an domhain atá le feiceáil in ailtireacht na maraes. Fadó, ní raibh tada ann, coincheap a dtugann na Maoraigh Te Kore air. Ansin, tháinig an dorchadas, ar a dtugtar Te Pō. Leis an dorchadas, tháinig beirt leannán - Rangi, a chiallaíonn spéir, agus Papa-tua-nuku, a chiallaíonn talamh.
Saolaíodh clann dóibh, ach lean an bheirt orthu ag atáirgeadh go dtí nach raibh go leor spáis ann do na mic. Shocraigh na mic go scarfaidís a dtuismitheoirí óna chéile ionas go dtiocfadh an solas isteach. Mar sin, bíonn léirithe de Rangi le feiceáil i ndíonta na maraes, bíonn léirithe de na páistí ar na rachtaí agus léirithe de Papa-tua-nuku ar na hurláir.
De réir an tseanchais, nuair a scar na tuismitheoirí óna chéile, bhí Ruaumoko, duine de na mic, ina leanbh fós. De bhrí go raibh sé á chothú leis an gcíoch, d’fhan sé lena mháthair. Ní mó ná sásta a bhí Rangi agus Papa leis an scaradh; bhí baol ann go mbeadh na mic báite ag deora Rangi ag titim ón spéir. Mar sin, d’iompaigh na mic a máthair sa chaoi is nach mbeadh a haghaidh ag tabhairt údar bróin dá fear céile. Ach d’fhág sin Ruaumoko bocht fuar sa dorchadas. Thug a dheartháireacha tine dó, ach níor leor é, dar leis.
Is léir go bhfuil Ruaumoko, ar dhia na mbolcán é, ar buile go fóill mar tá na bolcáin in Rotorua, a bhfuil gal agus foinsí teo ag borradh astu, fós beo. Tagann gal trí ghreillí na ngáitéar sa bhaile. Tá locha beaga in Ruaumoko ar féidir suí iontu, mar a dhéanfadh duine i Jacuzzi.
"Baile faoi thalamh"
Athbhunaíodh an baile faoi thalamh, mar a thugtar air, mar láthair turasóireachta cúig bliana is seachtó ó shin. Ba theaghlach bocht, na Smiths, a bhunaigh an láthair turasóireachta. Mhair siad, ar éigean, ar mhuca fiáine a sheilg siad sna coillte agus bhí siad ag brath chomh maith ar na bradáin ar rug siad orthu san abhainn lena líonta. Bhí saol crua acu go dtí lá samhraidh sa bhliain 1932 nuair a d’aimsigh máthair an teaghlaigh díon seantí faoin talamh. Cuireadh tús le tochailt seandálaíochta an bhliain ina dhiaidh sin, agus nochtadh an chuid eile den bhaile a bhí i ndiaidh a bheith clúdaithe faoin talamh ar feadh níos mó ná caoga bliain.
Bhí léibhinn bhána agus bhándearga, a rangaíodh i measc iontais nádúrtha na cruinne, le feiceáil in Te Wairoa go dtí an 19ú haois. Radharc faoi leith a bhí sna clocha ag glioscarnach le mianraí. Chaitheadh na bolcáin, atá le feiceáil go fóill i gceantar Tarawera, na clocha seo aníos.
B’iomaí cuairteoir a chaith seal sa bhaile beag Maorach Te Wairoa, a chiallaíonn "an t-uisce fada", chun na léibhinn a fheiceáil agus chun folcadh a bheith acu sna locha teo.
Tháinig misinéirí chun na háite agus d’fhág siad rian na hEorpa ar an mbaile. D’oibrigh na daoine, idir mhisinéirí agus dhúchasaigh, as lámh a chéile chun turasóirí a mhealladh. Bhí Sophia Hinerangi, bean a raibh máthair Mhaorach agus athair Albanach aici, ina treoraí cáiliúil san áit. Thugadh sí lóistín do neart daoine ar oíche a n-imeachta. Ach ar an 10 Meitheamh 1886, phléasc Tarawera agus clúdaíodh an baile le scamaill, deatach agus ábhair eile. Cailleadh 153 duine an oíche sin, agus bhog an chuid eile de dhaonra an bhaile go háiteanna eile.
Tongariro
Cúpla uair taistil síos an bóthar agus tá tú ag Tongariro, ar sliabh mór maorga é. Bhronn treibh Mhaorach, ar a dtugtar Ngati Tuwharetoa, Tongariro ar an stát agus bhí sé ar gcéad pháirc náisiúnta sa tír.
Tugadh na sléibhte Tongariro, Ngaruhoe agus Ruapehu do mhuintir na Nua-Shéalainne mar anaclanna dúlra. Ach ní raibh an dara rogha acu, i ndáiríre. Tá nós ar a dtugtar *rahui *ag na Maoraigh. Baineann an nós seo le cosaint an dúlra agus an talaimh – goirt a fhágáil bán ar feadh bliana le meas a léiriú orthu, cuir i gcás.
Ní raibh mórán measa ag na coilínigh ar a leithéid de nósanna, agus lean siad orthu ag saothrú ar an talamh bliain i ndiaidh bliana in ainneoin thoil na Maorach. Nuair a achtaíodh dlíthe chun comhshaol agus dúlra na tíre a chosaint, thapaigh neart treibheannaan deis. B’ar mhaithe leis an talamh a chosaint a “thug” siad a gcuid talaimh don stát nua.
Bíonn gníomhaíocht theicteonach timpeall Tongariro mar go bhfuil an ceantar sin agus Rotorua ar an éasclíne chéanna. Tá loch ar bhuaic shliabh Ruapehu atá ar cheann de na locha cráitéir is mó ar domhan. Mar thoradh ar phléascthaí a tharla sna blianta 1995 agus 1996, folmhaíodh an loch cráitéir agus chlúdaigh tephra - *focal ón Maoiris a chiallaíonn luaithreamháin, gaineamh agus clocha - barr abhainn an Whangaehu. Mar sin, bhí smionagar réidh le titim dá n-ardódh leibhéal an uisce sa loch taobh thiar de. Agus sin an rud a tharla san fhómhar, i rith mhí an Mhárta 2007. Ach níor chuir an *lahar, focal Indinéiseach a chiallaíonn meascán de chlocha agus d’uisce a shruthlaíonn as bolcán, isteach ná amach ar an turasóireacht. Bhí an-tóir ar Ruapehu le linn an tséasúir sciála i mbliana.
Cath na sléibhte
De réir na Maorach, ba dhéithe agus laochra iad na sléibhte i lár an oileáin thuaidh. Bhí clú ar Pihanga de bharr a háilleachta, agus bhronn sí a fabhair ar na ceithre shliabh a bhí á mealladh: Taranaki, Tongariro, Tauhara agus Putauaki. Phléasc na sléibhte le háthas, agus bhí an spéir dearg le laibhe agus clocha leáite. Ansin thosaigh iomaíocht eatarthu. D’fhan siad ciúin, ag cothú nirt istigh iontu féin. Ansin cuireadh tús leis an gcath, le toirneach, tuar ceatha cloiche agus rachtanna feirge uathu uilig a mhair ar feadh laethanta fada. Sa deireadh, b’ag Tongariro a bhí an bua, agus phós sé Pihanga.
B’éigean do na sléibhte eile an ceantar a fhágáil chun a gcuid ríochtaí féin a bhunú. Chuaigh Taranaki chuig áit san iarthar, agus tá rian a thurais le feiceáil go fóill in abhainn an Whanganui. Shocraigh Tauhara agus Putauaki go rachaidís i dtreo na farraige le mbeidís in ann breathnú amach ar éirí na gréine, ach b’éigean dóibh bogadh in aon oíche amháin.
Ní raibh Tauhara brónach in ann taisteal tapa go leor de bharr a chuid créachtaí. Níor bhain sé a cheann scríbe amach. Shroich sé Loch Taupo, áit a bhfuil sé go fóill, ag féachaint ar a ghrá, Pihanga. Ar aghaidh le Putauaki ó thuaidh, agus stad sé ag Kaiangaroa. De réir an tseanchais, tá seans go bhfillfidh na sléibhte ar Tongariro le díoltas a bhaint amach.
Is as Contae na Mí do Ruth Nic Giolla Iasachta. Tar éis di máistreacht a bhaint amach, chaith sí tréimhse ag múineadh sa Fhrainc agus sa Nua-Shéalainn. Ó mhí Feabhra 2007, tá sí ag déanamh taighde PhD in Ollscoil Auckland ar an stáisiún teilifíse Maoraise. Tá obair déanta aici ar ghearrscannáin agus ar chláracha teilifíse agus tá drámaí agus scripteanna scríofa aici.
As Co. na Mí do Ruth Nic Giolla Iasachta. Obair déanta aici ar scannáin agus ar chláir theilifíse. Tréimhse caite aici sa Nua-Shéalainn, mar a ndearna sí taighde dochtúireachta ar theilifís na Māori. Ag múineadh in Ollscoil Brest na Briotáine faoi láthair agus ag déanamh taighde faoi na meáin Bhriotáinise.