Beidh féile na Manainnise, [i]Yn Chruinnaght[/i], ar siúl i Manainn ó 16-20 Iúil i mbliana. San alt seo, tugann John Walsh eolas faoi stair na teanga, faoin tslí ar tháinig meath uirthi agus faoin athbheochan bheag atá ag tarlú le roinnt blianta anuas.
“Gura mie ayd son shiaulley linn” (go raibh maith agat as seoladh linn). Bhí abairt Mhanainnise ar an admháil a tugadh dom sa bheár ar bord na loinge Ben My Chree agus sinn ag seoladh amach as cuan Bhaile Átha Cliath tráthnóna gréine mí Lúnasa seo caite. Bhí an turas go Manainn déanta agam cúpla babhta cheana ar an eitleán ach ó tharla seirbhís báid as Baile Átha Cliath a bheith ann sa samhradh, agus mise a bheith ag cuimhneamh ar an lorg carbóin a d’fhágfainn i mo dhiaidh, shocraíos dul i dteagmháil leis an Isle of Man Steam Packet chun na socruithe taistil a dhéanamh.
Ní fada uainn Manainn in aon chor ó thaobh na tíreolaíochta – dhá uair an chloig ar an mbád, 35 nóiméad san eitleán – ach is mó ár suim na laethanta seo i gcríocha tarraingteacha carbónbhunaithe i bhfad i gcéin uainn. Bhíodh tóir ag go leor Éireannach ar Mhanainn, áfach: ba mhinic na báid ghaile ag imeacht ó Bhaile Átha Cliath go Doolish tráth nach raibh trácht ar Ryanair ná Michael O’Leary. Ach seans maith gur chaith tuismitheoirí Uí Laoire seal i Manainn: chuaigh mo mháthair chríonna sall ar saoire uair amháin agus is cuimhin le m’athair seal a chaitheamh ann agus é ina gharsúinín beag.
Go deimhin, bhí an turasóireacht ina cnámh droma ag geilleagar Mhanann ar feadh nach mór céad bliain ón mbliain 1830 amach nuair a cuireadh tús leis na báid ghaile ó Learpholl. Cé go raibh roinnt mhaith paisinéirí ar an mbád as Baile Átha Cliath an tráthnóna gréine sin, ba bheag é a líon i gcomparáid leis na seanlaethanta. Agus an ghrian ag dul faoi ag 9.30 pm, thosaigh an Ben My Chree ag tarraingt le cé i gcalafort Dhoolish. “Failt erriu dys Mannin” (Fáilte romhat go Manainn) a bhí scríofa ar chomhartha agus mé ag teacht i dtír.
An teanga a thug go Manainn mé tar éis dom eolas a fháil uirthi blianta ó shin agus mé i mo pháiste i mBaile Átha Cliath. Tá Raidió Mhanann ar fáil go soiléir ar chósta an oirthir ar na meántonnta agus d’éistinn le Claare ny Gael, clár na
MANAINN: FÍRICÍ
Tíreolaíocht: I lár Mhuir Éireann, idir Éirinn agus an Bhreatain.
Daonáireamh 2006: Tuairim is 80,000 duine.
Airgeadra: An Punt Manannach, ceangailte le Sterling.
Stádas bunreachtúil: Níl Manainn sa Ríocht Aontaithe ná san Aontas Eorpach ach tá ceangal láidir aici leis an mBreatain mar ‘spleáchríoch chorónach’.
Príomhbhaile: Doolish, 26,000 duine.
Geilleagar: Seirbhísí airgeadais,
turasóireacht, talmhaíocht.
Córas iompair: Busanna, traenacha gaile, traenacha sléibhe agus tramanna capaill.
Manainnise, a chraoltaí tráthnóna Domhnaigh an uair sin. Mheall an teanga mé láithreach: bhraitheas í a bheith aduain agus muinteartha ag an am céanna. Bhí cuid den stór focal cosúil le stór focal na Gaeilge ach bhí na fuaimeanna an-deacair dom agus bhí cuma an-ait go deo ar an ngramadach.
Bhí Adrian Cain, Oifigeach na Manainnise, romham ag calafort Dhoolish an tráthnóna sin. Saol beag is ea saol na Manainnise, agus tá lámh ag Adrian i gcuid mhaith de. Is é a chuireann aistriúchán Manainnise ar fáil nuair is mian le comhlachtaí móra airgeadais an oileáin beagán den teanga a chur ina dtuarascáil bhliantúil nó ag an oifig fáiltithe. Is é a shocraíonn cén Mhanainnis a chuirfear ar ainmneacha na mbailte agus ar na comharthaí sráide. Agus is é a mhúineann go leor de na ranganna do dhaoine fásta a bhíonn ar siúl ar fud an oileáin ó cheann ceann na bliana.
Cúrsa teangaBhí ceann de na cúrsaí sin á dhéanamh agamsa: cúrsa samhraidh Manainnise do dhaoine fásta sa halla séipéil i mBallabeg (An Baile Beag), i ndeisceart an oileáin. Is deacair don léachtóir a bheith ar an taobh eile den fhál agus déarfainn gur deacair don mhúinteoir léachtóir mífhoighneach ar mo dhála féin a bheith i measc na mac léinn. B’fhéidir gur deacra é sin fós do na mic léinn bhochta nach léachtóirí iad ach bhí ardseachtain againn agus fágadh “ram Gaelg” (go leor Gaeilge) againn ag a deireadh.
Is ait an t-ainmhí an Mhanainnis don té a bhfuil Gaeilge na hÉireann aige. Nuair a cheapann tú go bhfuil focal agat, a mhalairt atá ceart. Nuair a chuireann tú ainmfhocal sa Tuiseal Ginideach, meabhraítear duit go bhfuair an Ginideach bás sa Mhanainnis i bhfad ó shin agus nach gá é a thuilleadh (ní mhaireann sé ach sna logainmneacha). Agus nuair a chuireann tú copail na Gaeilge i bhfeidhm, deirtear leat nach gá í. Bheadh cuid den chomhréir an-aduain don Éireannach chomh maith: “ta mee geearree jannoo obbyr” (táim ag iarraidh obair a dhéanamh), mar shampla.
Dúshlán mór don chainteoir Gaeilge is ea an litriú neamhghnách chomh maith. Breatnach darbh ainm John Phillips a chuir Manainnis ar Leabhar na hUrnaí Coiteann i 1610. Ba chosúil gur ar an mBéarla a bhunaigh sé an córas litrithe ach d’fhéadfadh tionchar Breatnaise agus Albanach a bheith ann chomh maith. Nuair a théann tú i dtaithí air, tá an litriú an-simplí agus loighciúil, áfach.
Ag deireadh an chúrsa, tháinig cuid de chainteoirí líofa na Manainnise ar cuairt againn, ina measc Brian Stowell, duine a chaith a shaol ag saothrú ar son na Manainnise agus a bhfuil Gaeilge na hÉireann go líofa aige chomh maith. D’ólamar deoch an oíche sin le Phil Gawne, díograiseoir teanga, náisiúnaí mór le rá agus Aire Ta
lmhaíochta Mhanann. Ní dócha go mbeadh deis ag daoine a dhéanfadh cúrsa Gaeilge ar an gCeathrú Rua pionta a cheannach don Aire Ó Cuív ach is áit an-bheag í Manainn.
Bhí deis agam cuairt a thabhairt ar Chreneash, thíos in íochtar Mhanann, áit ar mhair go leor de na cainteoirí traidisiúnta deiridh san fhichiú haois. Tá iarsmalann bheag ann, agus eolas (suarach go maith, mar a tharlaíonn) ar an Manainnis ach bímis ag súil go gcuirfear leis in imeacht ama. Ó bharr na faille, bhí na Beanna Boirche i gContae an Dúin le feiscint an lá breá sin trasna na farraige. Cé go bhfuil sí i bhfad i gcéin inár n-aigne, níl Manainn ach ar leic an dorais againn i ndáiríre. Is fiú go mór seal a chaitheamh ann.
Thug na hÉireannaigh an Ghaeilge go Manainn tuairim is 500 AD agus is cosúla í le canúintí Gaeilge oirthear Uladh (nach maireann) ná aon chanúint eile de na teangacha Gaelacha. Ó 800 AD amach, d’fhág na Lochlannaigh rian láidir ar shochaí agus ar theanga an oileáin agus ceanglaíodh Manainn le hAlbain san aonú haois déag. Ó cuireadh an t-oileán faoi riail Shasana ó 1346, chuaigh an teanga a bealach féin agus lagaíodh an ceangal leis na teangacha Gaelacha eile.
Faoi 1750, bhí an Béarla ag teacht chun cinn sna bailte móra, ach bhí an Mhanainnis fós in uachtar in áiteanna eile. Thosaigh an Mhanainnis ag meath go tubaisteach sa naoú haois déag, go háirithe ó cuireadh dlús le tionscal na turasóireachta. Cé go bhfuair Manainn féinrialtas teoranta ó Shasana in 1866, ba bheag meas a
TAISTEAL & SAOIRE
Bád fartha: Isle of Man Steam Packet, samhradh amháin, as Baile Átha Cliath. As Béal Feirste gach lá. www.steam-packet.com
Eitleán: Aer Arann, gach lá, as Baile Átha Cliath. www.aerarann.com
Eolas faoi laethanta saoire: www.visitisleofman.com.
Yn Chruinnaght, féile na Manainnise: www.ynchruinnaght.com.
Beidh an fhéile seo ar siúl ó 16-20 Iúil 2008.
Eolas faoin Manainnis: www.learnmanx.com
bhí ag an rialtas dúchasach uirthi. “*Cha dean ee dy bragh cosney ping er dty hon” *(ní shaothróidh sí pingin duit go brách), a deirtí go minic. Bhí roinnt ministrí eaglasta i measc na ndaoine ba bhinbí agus ba ghlóraí i gcoinne na Manainnise.
Faoi 1875, ní raibh ach 12,300 cainteoir fágtha (29 faoin gcéad den daonra), a bhformhór sa deisceart. Ní raibh ach 190 gan Bhéarla. Faoi 1921, bhí 915 cainteoir ann (1.5 faoin gcéad) agus faoi 1961, 165 cainteoir (0.3 faoin gcéad). I 1974, cailleadh an cainteoir traidisiúnta deiridh Manainnise, Ned Maddrell. Deirtear go raibh sé cráite i ndeireadh a shaoil ag lucht na dtéipthaifeadán.
Cé gur thug rialtas Mhanann a chúl leis an teanga, bunaíodh Yn Çheshaght Ghailckagh (Cumann na Manainnise) in 1899 chun an Mhanainnis a chaomhnú mar theanga náisiúnta an oileáin. Foilsíodh tuairisc faoi bhunú an chumainn ar An Claidheamh Soluis. Caomhnú seachas athbheochan a leag na Manannaigh rompu mar aidhm, áfach, agus níor tosaíodh ar chur chun cinn na Manainnise mar theanga bheo go dtí tríochaidí na haoise seo caite. D’fhoghlaim grúpa daoine an teanga ó na seanchainteoirí dúchais a bhí fós beo.
Cuairt an taoisighBhí baint nach beag ag Éirinn leis an athbheochan. I 1947 thug taoiseach na linne, Éamon de Valera, cuairt ar Mhanainn. Bhuail sé le Ned Maddrell agus labhair i nGaeilge leis. Tá litir, i nGaolainn na Mumhan, a chuir de Valera chuig Maddrell le fáil san iarsmalann in Doolish. An bhliain dár gcionn, chuir an rialtas fostaí ó Choimisiún Bhéaloideas Éireann sall go Manainn chun cuid de na cainteoirí dúchais a thaifeadadh. Chabhraigh na taifeadtaí sin go mór le múineadh na Manainnise. Tá leagan athchóirithe díobh ar fáil ar dhlúthdhioscaí dar teideal Skeealyn Vannin (Scéalta Mhanann).
Cé gur cailleadh an Mhanainnis mar theanga phobail, chuaigh líon na gcainteoirí i méid go mór le ceathrú céid nó mar sin. I ndaonáireamh a rinneadh sa bhliain 1971, tuairiscíodh go raibh 284 cainteoir ann, méadú 72 faoin gcéad ar dhaonáireamh na bliana 1961. Cuireadh tús le Oieghyn Gaelgagh (Oícheanta
Gaelacha) ar fud an oileáin chun deiseanna labhartha a thabhairt d’fhoghlaimeoirí. I 1982, ceadaíodh scrúdú oifigiúil O-Leibhéil sa Mhanainnis agus i 1985, thug parlaimint Mhanann, Y Tinvaal (Tynwald), aitheantas don teanga. Faoi 1990, bhí 36 faoin gcéad de phobal an oileáin ag iarraidh go múinfí an Mhanainnis mar ábhar roghnach scoile. Nuair a d’fhostaigh an rialtas múinteoirí Manainnise ag tús na nóchaidí, bhí éileamh an-mhór ar na ranganna. Bunaíodh an chéad scoil lán-Ghaeilge, Bunscoill Ghaelgagh, in 2001. Tá níos mó ná 50 páiste sa scoil sin anois. Cuireadh tús le sruth Manainnise i gceann de na meánscoileanna in 2007.
Tuairiscíodh i ndaonáireamh na bliana 2001 go raibh an Mhanainnis ag 1,689 duine, nó 2.2 faoin gcéad den daonra. Léiríonn taighde nach bhfuil ach tuairim is 100 acu in ann an teanga a labhairt go líofa ach mar sin féin is mó an t-athrú é in imeacht cúpla bliain.
Léachtóir le Gaeilge in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, is ea an Dr. John Walsh. Tugann sé cuairt ar Mhanainn go rialta.