Tá Ruth Nic Giolla Iasachta díreach tar éis bogadh go dtí an Nua-Shéalainn agus beidh sí ag scríobh mar gheall ar an tír don iris seo sna míonna atá romhainn. Sa chéad cholún seo, féachann sí ar an gcaidreamh idir na Sasanaigh agus na bundúchasaigh ó bhí an naoú haois déag ann.
I Meitheamh 2005, thug mé aghaidh ar an Nua-Shéalainn den chéad uair. Chaith mé beagnach bliain iomlán ann, ag taisteal, ag obair agus ag bualadh leis na Kiwis. Mar is léir d’aon duine a chonaic na scannáin sa tsraith Lord of the Rings, is tír dhraíochtach, álainn í an Nua-Shéalainn. Tá 270,500 ciliméadar cearnach acu, agus gan ach ceithre mhilliún de dhaonra sa tír, idir Māori, Pākehā (daoine de shliocht na gcoilíneach Eorpach), Oileánaigh (ón Aigéan Ciúin) agus Áisigh (go háirithe ón tSín agus ón tSeapáin). Mar sin, tá neart spáis ann, agus níl an iomarca fadhbanna tráchta sa tír!
Thosaigh Bliain Shíneach na Muice ar an 18 Feabhra 2007. Bhí féile lampaí agus tinte ealaíne ar siúl i bPáirc Albert coicís ina dhiaidh sin, nuair a bhí dara lán-ghealach na bliana le feiceáil. Má bhí sé leath chomh maith is a bhí an fhéile anuraidh, déarfainn go raibh ardoíche ag muintir na cathrach. Bíonn siopíní le mionlampaí agus maisiúcháin dhearga don athbhliain ann i gcónaí, agus ar an dá thaobh den bhóthar bíonn mionbhialanna ag díol bia Síneach, Seapánach, Cóiréach agus Meiriceánach – gan trácht ar na bananaí friochta.
Ach is mí thábhachtach í Feabhra ar chúis eile. Ar an 6ú lá, déantar ceiliúradh agus cuimhneamh ar shíniú Chonradh Waitangi (idir na Sasanaigh agus na Maoraigh) in 1840. Tá an cháipéis seo anois mar chineál bunreachta ag an Nua-Shéalainn, agus easaontas fós ann faoi dhualgais na Corónach i leith mhuintir na tíre.
Is í Feabhra an mhí is fearr le filleadh ar Auckland, an chathair is mó sa tír. Seo lár an tsamhraidh ar an taobh seo den domhan, agus bíonn sluaite laethanta saoire na Nollag imithe. Táimse ar ais ansin chun tabhairt faoi dhochtúireacht ar na meáin chumarsáide in Ollscoil Auckland, agus thosaigh an seimeastar i mí Feabhra.
Toisc go bhfuilim chun díriú ar chúrsaí teilifíse, shocraigh mé thabhairt faoin teanga (te reo) Mhaorach a fhoghlaim. Taitníonn sí go mór liom! Níl a lán cosúlachtaí idir te reo agus na teangacha Eorpacha, mar is as an bPolainéis Polynesia a tháinig sí. An rud is iontaí don bhfoghlaimeoir ná go bhfuil dlúthnasc idir an fhoirm scríofa agus labhartha – sin le rá, is féidir léamh os ard ag an tús, rud nach bheadh ró-éasca i gcás na Gaeilge nó an Bhéarla. Focail ó theangacha eileTá roinnt focal ann a thóg na Maoraigh ó theangacha eile: tepu (bord, ó table an Bhéarla) agus wiwi (sea, sea, ó oui, oui na Fraincise), cuir i gcás, ach tá an córas gramadaí an-éagsúil ar fad. Tosaítear abairtí le briathar, mar a dhéantar i nGaeilge, ach ina dhiaidh sin tá chuile rud nua domsa. Tá níos mó ná ciall amháin ag beagnach chuile fhocal, agus mar sin ní mór a bheith an-chúramach leo. Is gá an comhthéacs ar fad a chur san áireamh sula dtugtar buille faoi thuairim maidir le brí ráitis!
An bhrí atá leis an bhfocal Māori ná “gnáth”. Mar sin, is é rud Maorach nó duine Maorach an tslat tomhais chun rudaí nó daoine éagsúla a mheas. Dar lena stair, tháinig a tīpuna (sinsear) chuig an tír tuairim is 800 bliain ó shin. Thaistil siad i waka (báid) ó thír rúnda Hawaiki. Is le heolas na réaltaí agus le cuidiú na gaoithe aniar aduaidh a bhain siad Aotearoa amach. Tugtar Aotearoa anois ar an Nua-Shéalainn sa Mhaorais (agus i mBéarla chomh maith, uaireanta), ach ar dtús bhíodh ainmneacha éagsúla ar an dá oileán agus níor féachadh orthu mar aonad amháin. Is é Te Ika-a-Māui (Iasc Mhāui) an tOileán Thuaidh, agus is é Te Wai Pounamu (Uisce na Glaschloiche) an tOileán Theas.
Maidir leis na hEorpaigh, ba i 1642 a tháinig Ísiltíreach darbh ainm Abel Tasman i dtír, leis an Dutch East India Company. Ansin i 1769, shroich Francach, Jean de Surville, agus Sasanach, James Cook, an tír. Tar éis bhunú phianchoilíneacht Sydney san Astráil i 1788, féachadh ar Aotearoa mar leasdeartháir geilleagrach New South Wales. D’íoc na hEorpaigh as troc (glasraí agus beatha eile dhúchasach) le gunnaí, rudaí a chiallaigh go raibh na treibheanna Maoracha anois armtha, agus thosaigh na cogaí muscaeid sna 1820í. Mhair na cogaí sin idir na treibheanna go dtí na 1840í.
Dá bharr seo, agus de bharr troda leis na coilínigh, agus coinníollacha oibre míshláintiúla, laghdaigh an daonra Maorach i rith an naoú haois déag go dtí leath an líon daoine a bhí ann roimh theacht na gcoilíneach. Baineadh úsáid as cleasa éagsúla chomh maith chun na bundúchasaigh a mharú. Fágadh gallúnach le bia, mar shampla, chun go gceapfadh treibh an awa (abhainn) gur bia eile aisteach Eorpach a bhí ann, agus go n-íosfaidís é. Mharaigh an nimh roinnt acu, tar éis dóibh cineál aráin a dhéanamh as.
Ach ní raibh an teagmháil seo ar fad diúltach. Tuigeadh go raibh mana (meas, luach, bród) ag baint le rudaí. Ag an tús ar a laghad, bhraith na coilínigh ar eolas agus ar fhlaithiúlacht na Maorach chun saol úr a dhéanamh. Bhí neart sealgairí míolta móra san Oileán Theas, agus san Oileán Thuaidh ba mhisinéirí iad tromlach na nEorpach. Ghlac na Maoraigh go réidh le modh scríbhneoireachta an Bhéarla agus, le cabhair ó na misinéirí sin, cheap siad córas scríbhneoireachta dá dteanga féin. Tuigeadh dóibh go gcuirfeadh an litríocht seo eolas ar fáil do chuile dhuine, agus ní hamháin do na daoine geala, ná na tohunga (draoithe). Roimh i bhfad, bhí ag éirí go han-mhaith leis na Maoraigh sna scoileanna.
Dhá leaganI lár an 19ú haois, bhí 100,000 Maorach sa tír, a bhformhór san Ika-a-Māui. Faoi 1839, bhí 2,000 lonnaitheoir ar Pākehā iad ann chomh maith. Bheadh orthu maireachtáil lena chéile, mar sin. In 1840 a síníodh Te Tirīti o Waitangi – nó dhá leagan de, ba cheart a rá. Shínigh roinnt taoiseach Maorach leagan Béarla, ach shínigh an tromlach leagan Maoraise. Faraor, níorbh ionann go díreach an dá leagan. Fós sa lá atá inniu ann, bíonn an-chuid díospóireachta ann faoi impleachtaí na cáipéise seo. Is ar dhá fhocal faoi leith a dhírítear san argóint: kāwanatanga *(“gobharnóireacht”, focal a chum na haistritheoirí as an nua nach raibh brí chruinn ag baint leis) agus *rangatiratanga (“uathriail”).
Ghlac na Maoraigh le gobharnóireacht na Banríona, fad is a bhí na Sasanaigh sásta go raibh ceannas iomlán bainte amach acu. Cheap na Maoraigh go raibh gach uile acmhainn nádúrtha sa tír faoina stiúir, ach chreid na Sasanaigh gurbh iadsan a bhí i bhfeighil orthu; ach go raibh siad ag ligean do na dúchasaigh leas a bhaint astu.
Mar sin, bhí an dá thaobh sásta ar dtús – ach go luath ina dhiaidh sin, tharla easaontais. Caitheadh anuas ar na misinéirí (an mac misinéara Edward Williams go príomha) a d’aistrigh an cháipéis, agus dúradh gur roghnaigh siad na focail sin nach raibh an bhrí chéanna leo chun na Maoraigh a mhealladh le comhoibriú a dhéanamh a bheadh ar a n-aimhleas.
Ach le seasca bliain anuas nó mar sin, is lá náisiúnta na tíre é an 6 Feabhra. Bíonn ceolchoirmeacha agus picnicí ar siúl ar fud na tíre ar an lá saoire bainc sin. Is iontach an rud é gur síníodh conradh idir na Maoraigh, daoine dúchasacha, agus na Sasanaigh, coilínigh a raibh taithí dhomhanda acu, ag an am sin, agus is fearr é sin a cheiliúradh in áit bheith ag ceiliúradh cogaí fuilteacha. Cé nach féidir a rá go bhfuil cúrsaí idirchultúrtha in Aotearoa ina gceart go hiomlán, má thugtar aird ar an gconradh, is maith an tús é.
Eolas faoi chathair Auckland: http://www.aucklandcity.govt.nz
Eolas faoin Maorais: http://www.maorilanguage.net agus http://www.koreromaori.co.nz
Eolas faoi Chonradh Waitangi: http://www.treatyofwaitangi.govt.nz
Is as Contae na Mí do Ruth Nic Giolla Iasachta. Tar éis di máistreacht a bhaint amach, chaith sí tréimhse ag múineadh sa Fhrainc agus sa Nua-Shéalainn. Ó mhí Feabhra 2007, tá sí ag déanamh taighde PhD in Ollscoil Auckland ar an stáisiún teilifíse Maoraise. Tá obair déanta aici ar ghearrscannáin agus ar chláracha teilifíse agus tá drámaí agus scripteanna scríofa aici.
As Co. na Mí do Ruth Nic Giolla Iasachta. Obair déanta aici ar scannáin agus ar chláir theilifíse. Tréimhse caite aici sa Nua-Shéalainn, mar a ndearna sí taighde dochtúireachta ar theilifís na Māori. Ag múineadh in Ollscoil Brest na Briotáine faoi láthair agus ag déanamh taighde faoi na meáin Bhriotáinise.