Tar éis di bliain a chaitheamh sa Mhaláiv, braitheann Máire Ní Chuagáin go bhfanfaidh ithir dhearg na tíre sin go dlúth ina hanam go deo. San alt seo, insíonn sí dúinn mar gheall ar a seal draíochta thall.
Sheas mé i lár na tolglainne imeachta in aerfort Heathrow ag stánadh timpeall orm agus ag mothú go hiomlán caillte. Bhí sé fuar agus fliuch taobh amuigh ach bhí mise ag caitheamh sciorta éadrom agus flip-flops. Cé go raibh mo cholainn ar ais san Eoraip, bhí mo chroí fós thall faoi spéir ghorm na hAfraice.
Bhí an t-ádh dearg orm bliain a chaitheamh ag maireachtáil sa Mhaláiv, tír bheag in oirdheisceart na hAfraice. Chaith mé cúig mhí ag obair le comhlacht arb é a ghnó ná safari ar dhroim capaill a chur ar fáil in Nyika National Park – an pháirc is mó de na cúig pháirc náisiúnta sa tír – agus sé mhí ag obair in óstlann cois locha i mbaile ar a dtugtar Nkhata Bay. Tá cáil ar an mbaile seo i measc thurasóirí mála droma mar áit a bhfuil atmaisféar réchúiseach, rogha leathan lóistín agus daoine cairdiúla, suimiúla agus cineálta. Is é Malawi Lake an tríú loch is mó san Afraic agus clúdaíonn sé fiche faoin gcéad den tír. Mar sin, is beag iontas é go bhfuil an loch féin lárnach i saol laethúil mhuintir na tíre. Braitheann go leor daoine ar an iascaireacht lena mbeatha a thabhairt i dtír agus is foinse thábhachtach bia é an loch chomh maith – bíonn éisc de gach cineál le feiceáil ar díol sna margaí, ar an tsráid, istigh i mbialanna agus
ceangailte suas taobh amuigh de mhionbhusanna ionas nach mbíonn boladh lofa taobh istigh! Téann an bád farantóireachta – an ILALA, a tógadh i nGlaschú sna caogaidí – trasna an locha gach seachtain. Tógann an turas trí lá, agus is cinnte gur cuid lárnach den saol cois locha é teacht agus imeacht an ILALA. Mar a thuigfeadh muintir na n-oileán in Éirinn, braitheann pobal Lake Malawi go mór ar an mbád seo chun daoine, earraí agus ainmhithe a bhogadh timpeall. I sráidbhaile amháin ar thug mé cuairt air, cuir i gcás, níl ach bóthar amháin ar ar féidir teacht agus imeacht agus bíonn drochbhail air le linn shéasúr na báistí. Mar sin, ócáid mhór is ea “ILALA Day” – is é sin, nuair a bhíonn an bád ar feistiú – mar go mbíonn deiseanna díolacháin ag daoine agus deis acu cumarsáid a dhéanamh lena chéile agus sos a ghlacadh ó obair an lae.
Daonra mórTá daonra de thart ar dhá milliún déag sa Mhaláiv, daonra an-mhór i dtír chomh beag. Tá sé phríomhthreabh inti: Chewa (an ceann is mó), Nyanja, Tumbuka, Tonga, Ngoni agus Yao. Is í Chichewa an teanga is mó labhartha sa tír, ach labhraítear Chitumbuka agus Chitonga sna ceantair ina raibh mise lonnaithe. Den chuid is mó, bíonn dhá theanga, mar aon leis an mBéarla, ar a dtoil ag muintir na Maláive. Tá an focal mzungu (duine geal) i gceist i ngach teanga, agus ba rómhinic a chuala mé an focal sin!
Sna foilseacháin turasóireachta ar fad, deirtear faoin Maláiv gurb í The Warm Heart of Africa, agus ní haon áibhéil é sin. Tá muintir na tíre iontach cairdiúil, réchúiseach, ionraic agus cabhrach. Chuir sé iontas orm chomh sona is a bhí daoine agus chomh héasca is a rinne siad meangadh mór álainn gáire, in ainneoin na ndeacrachtaí agus an bhrú a bhaineann lena saol. Tá líon uafásach ard daoine sa tír a bhfuil an galar SEIF orthu – deirtear go bhfuil sé ar 23 faoin gcéad de phobal Nkhata Bay. Sa bhaile Cape Maclear, áit a bhfuil thart ar 15,000 duine
ina gcónaí, ní raibh ionad tástála SEIF ar bith ann go dtí gur osclaíodh ceann i mbliana mar chuid den ionad sláinte a bhunaigh Mags Riordan, bean ón Daingean, agus a carthanacht The Billy Riordan Memorial Trust (www.billysmalawiproject.com). Tá dul chun cinn mór déanta sa tír maidir le tuiscint ar an ngalar, agus ar na bealaí chun é a sheachaint, a chothú i measc an phobail. Tá fáil níos fairsinge ar dhrugaí ARV chomh maith. Ach fós féin, gné dhosheachanta de shaol mhuintir na tíre is ea an galar. Go rómhinic chuala mé faoi dhaoine óga a bhí tar éis bás a fháil. In amanna, ní nochtar céard ba chúis le bás daoine a raibh SEIF orthu, ach amháin go raibh siad “tinn”. Roimhe sin, chloisinn na staitisticí mar gheall ar SEIF agus bhreathnaínn ar na tuairiscí nuachta, ach níor thuig mé riamh céard a bhí i gceist leis, i ndáiríre, go dtí gur chónaigh mé i measc na ndaoine atá thíos leis.Radhairc áilleCé gur tír an-bheag í an Mhaláiv, is iomaí tírdhreach éagsúil atá inti. Tá áiteanna i Nyika atá cosúil le hÉirinn nó le hAlbain – ach amháin go mbíonn séabraí in ionad caora le feiceáil iontu! Tá sléibhte agus gleannta agus radhairc áille ar an tSaimbia le feiceáil ón ardchlár, atá 2,400 méadar os cionn farraige. Tá an sliabh is airde san Afraic Láir, Mount Mulanje, suite i ndeisceart na tíre, agus fiú ó thaobh Malawi Lake de, tá tuaisceart agus deisceart an locha an-éagsúil óna chéile.
Cé gur tír í an Mhaláiv atá álainn amach is amach – agus cé gur bhain áilleacht an locha agus Nyika fós siar asam i ndiaidh dom a bheith bliain ansin – is dócha gurb é an rud is draíochta faoin Maláiv ná muintir na tíre. Is inspioráid é an dearcadh
dearfach réchúiseach atá acu ar an saol. Chas mé ar fhear óg lá amháin agus mé ag fanacht ar bhus. Bhí go leor earraí agus bagáiste aige agus dúirt sé liom go mbíonn air fanacht ar feadh tréimhse fada ar thiománaí bus nó leoraí a bhíonn sásta na hearraí ar fad a iompar. D’fhiafraigh mé de cé chomh fada is a bhí sé i ndiaidh a bheith ag fanacht an uair áirithe sin agus dúirt sé, *“Ah but now ..only for three days... no problem!” *
Bheadh sé deacair gan titim i ngrá leis na Malávaigh agus leis an Maláiv, agus cé go bhfuil móin na hÉireann san fhuil agam, tá ithir dhearg na hAfraice go dlúth i mo mheon, i mo chroí agus i m’anam.Is as Cill Mhantáin ó dhúchas í Máire Ní Chuagáin. Bhain sí céim amach sa stair agus sa Ghaeilge i gColáiste na Tríonóide in 2002 agus tá tréimhsí caite aici ag obair san Afraic ó shin i leith. Tá sí ar ais in Éirinn faoi láthair agus ag obair leis an gcomhlacht Gaelchultúr.