THALL IS ABHUS
Cosa siúlacha (Cuid 5)
P.J. Mac Gabhann P.J. Mac Gabhann

Tá Máire Ní Chuagáin san Afraic faoi láthair, agus beidh sí ag triall ar an Áis gan mhoill. Sa chúigiú tuairisc seo uaithi, déanann sí cur síos ar an tréimhse a chaith sí sa Namaib le gairid.

Íomhá
Íomhá
Ainmhithe de chuid Pháirc Náisiúnta Etosha
Íomhá
Baile Swakopmund

Tá an Namaib ar cóimhéid leis an bhFrainc agus leis an nGearmáin le chéile, ach níl aici ach daonra de níos lú ná dhá mhilliún duine. Mar sin, níl sí oiriúnach amach is amach mar thír don taistealaí neamhspleách, toisc nach bhfuil mórán de chóras iompair phoiblí inti agus toisc go dtógann sé an chuid is mo de lá dul ó phointe A go pointe B. Déanaim turais eagraithe a sheachaint de ghnáth, ach seachas carr a thógáil ar cíos, rud nach raibh mé in acmhainn a dhéanamh, ní raibh mórán de rogha agam ach áit a chur in áirithe ar thuras i Windhoek, príomhchathair na tíre.

Bhain an Namaib – ar glaodh German South West Africa uirthi tráthneamhspleáchas amach ón Afraic Theas i 1990. Tá rianta an dá thír sin fós le feiceáil inti – tá sé cineál ait Gearmáinis a chloisteáil ar chósta iardheisceart na hAfraice! Bhraith mé go raibh atmaisféar difriúil sa Namaib ná mar atá san Afraic Theas, go raibh gach duine agus gach rud ní ba réchúisí. Ní haon iontas é gur roghnaigh Angelina Jolie an tír seo mar áit bhreithe dá leanbh – bhí gach áit i bhfad ní ba ghlaine ná mar atá i mBaile Átha Cliath!

Tá go leor le déanamh sa Namaib, agus go leor radharcanna iontacha sa tír. Ina measc seo, tá an dumhach is mó ar domhan, ar a dtugtar Big Daddy nó Crazy Dune, atá 350 méadar ar airde. Ní raibh aon fhonn orm tabhairt faoi Big Daddy, ach dhreap mé dumhach eile, Dumhach 45, ag 5.30 ar maidin chun breathnú ar dhathanna éirí na gréine ag leathadh amach thar ghaineamhlach na Namaibe.Tugtar Sossusvlei ar an áit seo agus is ceantar é ina bhfuil dumhach agus crainn mharbha atá thart ar 900 bliain d’aois. Ní raibh tada cosúil le Sossusvlei feicthe agam riamh i mo shaol. Chun cur leis an draíocht, tháinig ceo fuar agus tiubh isteach ón bhfarraige agus muid ar bharr Dumhach 45; bhí sé cosúil le drochlá cois farraige in Éirinn!

Chaitheamar dhá lá iontacha i bPáirc Náisiúnta Etosha. Bhí mé féin agus mo chompánach Sophia ag tnúth leis an bpáirc seo a fheiceáil ó thosaíomar ag pleanáil an turais. Agus ní raibh díomá orainn. Thar an dá lá, chonaiceamar dhá leon déag agus seacht srónbheannach dubh. Bhí poll uisce in aice le gach ionad campála agus bhíomar in ann suí siar agus breathnú ar leoin, sioráif, srónbheannaigh agus seacáil agus iad ag ól uisce. Bhí sé cosúil le bheith ag breathnú ar chlár de chuid David Attenborough! Is páirc thar cionn é Etosha – tá áiseanna maithe inti ach tá sí fiáin go leor mar sin féin, agus tá sé dochreidte an méid ainmhithe atá ansin.I measc na rudaí eile a chonaiceamar ar an turas, bhí Fish River Canyon, an dara cainneon is mó ar domhan agus na capaill fhiáine atá le fáil sa ghaineamhlach.Chaitheamar oíche ag campáil i bPáirc Náisiúnta Suswe agus ní raibh fál ar bith idir muid féin agus pé rud a bhí ag siúl timpeall! Bhraith mo phuball an-bheag agus an-lag an oíche sin nuair a chuala mé eilifint ag siúl cois abhann!An iomarca ama ag tiomáint

Nuair a smaoiním siar ar an Namaib anois, braithim go ndearnamar go leor leor rudaí, ach nár éirigh linn léargas ceart a fháil ar an tír nó ar a muintir, toisc gur chaitheamar an méid sin ama ag tiomáint idir áiteanna éagsúla.

Ach rud amháin a fhanfaidh i m’intinn go deo ná an lá a chuamar ag spéirthumadóireacht i Swakopmund, baile atá in aice leis an Aigeán Atlantach, a bhunaigh na Gearmánaigh ag tús an chéid seo caite mar bhaile saoire. Ar thaobh amháin de Swakopmund tá an tAigéan Atlantach agus ar an taobh eile tá gaineamhlach na Namaibe.

Nílim róthógtha le bheith thuas ard ach shocraigh mé go raibh sé in am dom dul i ngleic leis an bhfadhb sin. Agus níl bealach níos fearr chun sin a dhéanamh ná léim amach as eitleán agus é ag 10,000 troigh! Teaindim a bhí i gceist agus nuair a osclaíodh doras an eitleáin, agus dúirt mo chara teaidim liom, “Anois a Mháire, cuir do chosa amach as an eitleán ansin!”, dúirt mé liom féin go raibh mé as mo mheabhair! Ach ní raibh mórán de rogha agam agus síos linn, 30 soicind ag saorthitim agus trí nóiméad ag eitilt síos ar an bparaisiút. Ba thaithí dhochreidte é – níor cheap mé go mbeinn in ann a rá riamh go raibh mé ag eitilt thar ghaineamhlach sa Namaib!

Cé gur bhain mé sult as an Namaib, gur chaith mé níos mó ná trí seachtaine ansin agus go bhfuil go leor le déanamh inti, bhí mé sásta go leor í a fhágáil freisin. Tá rudaí an-Eorpach ag baint léi, agus bhraith mé gur chaith mé an chuid is mó de mo chuid ama ag rith timpeall ó ait go háit ag iarraidh tabhairt faoi gach rud. Bhí na daoine cairdiúil agus cabhrach, ach toisc an tír a bheith chomh mór sin, tá sé an-deacair a bheith i dteagmháil leis an naoi dtreibh atá ansin. Más laethanta saoire gnóthacha atá uait, mholfainn an Namaib go hard duit. Ach ná téigh ann chun blaiseadh a fháil den Afraic, mar ó mo thaithí féin, tá áiteanna níos fearr ná an Namaib chun é sin a dhéanamh.Cuimhneoidh mé ar na rudaí a rinne mé sa Namaib, ach nílim cinnte an gcuimhneoidh mé ar an tír í féin.

Is as Cill Mhantáin ó dhúchas í Máire Ní Chuagáin. Bhain sí céim amach sa stair agus sa Ghaeilge i gColáiste na Tríonóide in 2002 agus chaith sí dhá bhliain ag obair le Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge ina dhiaidh sin. Thug sí tréimhse ag obair go deonach san Afraic anuraidh.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.