Rinneadh obair thógála i dteach Bhreandáin de Gallaí le gairid. Tá sé anois den tuairim gurbh fhiú an tairbhe an trioblóid, cé nach bhfuil sé mór le cuid dá chomharsana a thuilleadh!
Caithfidh sé nach raibh brú airgid orm le roinnt míonna anuas, nó níl mé ach díreach i ndiaidh mo chuid airgid ón Scéim Dreasachta Coigiltis (SDC) a chaitheamh.
"Nach méanar duit, bhí airgead SDC fós agat le caitheamh,” arsa tusa, ach bhí mé ag iarraidh é a chur ar leataobh go dtí go mbeadh rud éigin fiúntach agam le hé a chaitheamh air. Bhí mé ag iarraidh go mbeadh an t-airgead seo le feiceáil i rud inteacht thart timpeall orm, nó i rud inteacht a bheidh á úsáid agam i dtólamh. Chan fear mór carranna mé, agus tá mo shean-bhanger go breá faoi láthair. Ní raibh mé ag iarraidh, ach an oiread, é mheilt gan beag a bheith ar a shon agam. B’fhurasta é sin a dhéanamh – dinnéir dheasa i mbialanna; fíon agus beoir; éadaí nach bhfuil de dhíobháil orm; ór inite; capaill; eitiltí agus araile. Chuir mé i gcuntas speisialta é a rinne deimhin de go mbeadh sé doiligh dom é a chaitheamh – ceann de na cineálacha cuntas lena gcaithfidh tú tríocha lá a thabhairt don bhanc sula dtig leat do chuid airgid a aistarraingt. Agus caithfidh mé a rá gur oibrigh sé. Déanann tú dearmad ar an airgead. Ní bhíonn sé le feiceáil ar do chuid ráiteas a thagann as an "pholl sa bhalla" – mar sin, imíonn sé as do chuimhne.
Gairdín nuaLe teacht an earraigh, rith sé liom gur dóigh ghalánta a bheadh ann leis an airgead a chaitheamh é a chur isteach sa teach ar bhealach inteacht. Bheartaigh mé go gcuirfinn snas ar an gháirdín; go bhfaighinn réidh leis an tseanfhaiche mhaol a bhí lán fiailí agus go ndéanfainn ceann úr álainn a rolladh amach mar a bheadh cairpéad ann. Theastaigh uaim teach beag a dhéanamh a dtiocfadh liom an cac uilig nach bhfuil mé ábalta a chaitheamh amach a chur ann. Bíonn easpa spáis i dtithe go hiondúil, ach nuair a bhíonn cónaí ort i mBaile Átha Cliath bíonn leibhéal iomlán eile den fhadhb áirithe seo i gceist. "B’fhéidir go dtiocfaí inneall níocháin agus triomadóir a bhrú isteach sa bhothán beag seo fosta,” a dúirt mé liom féin.
Tá balla atá seacht dtroithe ar airde thart ar mo theach agus tá coirnéal amháin den ghairdín iontach dorcha. Cheap mé go mbeadh sé iontach deas suntasán a
chur anseo – áit a bhféadfaí suí agus léamh, nó froc mór a chaitheamh ar oíche ghlan agus buidéal fíona a ól le cairde.
Bhí plean i mo chloigeann, agus nuair a d’aimsigh mé tírdhreacóir a thuig cad é a bhí de dhíobháil orm, níor bhain mé méar de mo ghaosán go dtí go raibh fóid stróicthe ón talamh agus leaca eibhir daingnithe ina n-áit.
Teach cloiche atá agam. Is teach cóiste nó eachlann é a bhí mar chuid de theach mór tráth den saol – tá sé amuigh chun tosaigh ar an phríomhshráid. Rinne mé cinneadh rud beag níos mó airgid a chaitheamh ar an jab sa dóigh is go n-oirfeadh gach rud úr do charachtar a thimpeallachta. Roghnaigh mé ábhar tógála atá sa teach féin – cloch eibhir, scláta Bangor agus araile.
Is aisteach an rud a tharlaíonn do dhaoine agus obair thógála de shórt ar bith ag dul ar aghaidh thart timpeall orthu. Chaill comharsanach amháin a chiall ceann is go raibh dréimire ag teacht sa chosán ar an bhealach isteach go garáiste cúil s’aige. Ní spás poiblí é, ach ní leisean é ach an oiread – tá ceart slí do ghrúpa tithe i gceist ansin. Ansin chaill sé a chiall arís nuair a thosaigh mé ar an teach beag a thógáil. D’éirigh sé chomh leanbaí sin mar gheall ar dhíon mo thí bhigse ag cruthú taise i ngaráiste s’aigesean nach raibh sé ábalta an pictiúr mór a fheiceáil. GealtNíor smaoinigh sé ormsa nuair a chaith sé in airde áit s’aige féin – atá míofar, dála an scéil – agus a chuid luaidhe agus gáitéar ag teacht isteach tharr mo bhallasa. Is
é an t-aon tátal a dtiocfadh liom a bhaint as an scéal ná gur gealt a bhí ann. "Ba mhaith liomsa garáiste a bheith agam agus níl mé ag iarraidh ceann a bheith ag aon duine eile,” a bhí ina intinn, is cosúil. D’fhiafraigh sé díom uair amháin ar shuiteoir mé. Tá seancharr ón bhliain 1996 agam agus seans maith gur shíl sé go raibh mé ag tarraingt droch-chlú ar an chomharsanacht de thairbhe nach raibh gas guzzler mór agam cosúil leis féin.
Bhí fadhb ag an bhoc ar an taobh eile leis an suntasán. D’amharc mé air le díchreideamh nuair a dúirt sé nár shíl sé mórán de. D’amharc mé ar feadh tamaill ar mo thaobhsa den bhalla – ar an fhaiche chomh glas le ... le rud inteacht atá iontach glas; ar na crainn aibí (nach bhfaigheann tú go saor!); ar an chrann silíní Seapánach; na mailpeanna; na magnóilia; ar na foirgnimh bhídeacha a shílfeá a bheith ann ó tógadh an teach agus ar na bláthanna i ngach áit. Galánta ar fad!
Ansin, d’amharc mé ar thaobh s’aigesean. Meascán de choincréit agus de tharmac a bhí ann, a bhí maisithe le fiailí agus bruscar. Ansin d’amharc mé arís ar mo chomharsanach, bodhar le díchreideamh.
Ach chan sin an rud ba mheasa.
Ba é an rud ba mhó a chuir as dom ná iadsan a thagann ag seilg, mall san oíche, agus iad sa tóir ar scipeanna.
"Ná faigh scip go dtí go mbeidh tú réidh le hí a líonadh go béal,” arsa mise liom féin. Tá mo theach ag bun na sráide, agus tá sé go hiomlán i bhfolach. Deir na fir tacsaí sin liom i gcónaí. Ní bhíonn siad ábalta teacht ar an seoladh agus iad do mo bhailiú agus bíonn siad cúramach agus moillitheach agus mé á dtreorú chun an tí
ar an bhealach abhaile. Ach ní tharlaíonn a dhath i ngan fhios do na sealgairí proifisiúnta scipe – tá feiste frithinge acu. Mar sin, fuair mé scip nuair a bhí go leor bruscair agam le hí a líonadh. Ach mar sin féin, bhí fecker inteacht ábalta seandoras a chur ann. Ach an pièce de résistance! Chuir duine éigin cúpla mála plaisteach bruscair in aice leis an scip! Cha raibh an mhacántacht acu iad a chaitheamh ar an mhullach. Bhí mé ar tí dul fríd na málaí go bhfeicfinn an raibh litir nó rud inteacht a raibh seoladh air le fáil iontu agus na málaí a fhágáil ar ais taobh amuigh den doras cuí. Ach ghlac mé anáil mhór dhomhain, chomhair mé go deich, agus lig mé asam an fhearg.
Daoine, eh?!
Tá sé uilig thart anois, cibé, agus ní thig liom a chur i bhfocail chomh sásta agus atá mé. Ach b’fhiú an tairbhe an trioblóid.Is as Gaoth Dobhair é Breandán de Gallaí agus chaith sé seacht mbliana ag obair mar dhuine de phríomhdhamhsóirí Riverdance. Bíonn sé le feiceáil go minic ar chláracha teilifíse ar RTÉ agus TG4.