Tar éis cúpla mí a chaitheamh ag taisteal san Afraic, thug Máire Ní Chuagáin aghaidh ar an Astráil le gairid. Sa seachtú tuairisc seo uaithi, déanann sí cur síos ar an tréimhse a chaith sí sa Mhaláiv, díreach sular fhág sí an Afraic.
"Fág na rudaí is fearr go deireadh" a deirtear. Agus b’in mar a rinne mise agus mé sa Mhaláiv, an tír dheireanach ar thug mé cuairt uirthi sa mhór-roinn dhochreidte sin, an Afraic. Bhí cúig mhí den scoth caite agam ansin, agus go leor leor cuimhní iontacha agam. Faoin am a d’fhág mé an Mhaláiv, bhí an tír sin go domhain i m’anam, mo mheon, mo chroí. Titeann go leor daoine i ngrá agus iad ag taisteal, agus thit mise go mór i ngrá leis an Maláiv.Is tír bheag í an Mhaláiv agus tá sí i measc na 10 dtír is boichte ar domhan. Tá an ráta SEIF as smacht sa tír, agus tá an geilleagar buailte go holc le tamall anuas. Cheap mé nach mbeadh éinne chomh cairdiúil le muintir Ghána agus na Saimbia, ach sháraigh muintir na Maláive iad. Tá focal coitianta sa tír, osadandaula, a chiallaíonn hakuna matata nó “ná bí buartha”, agus sin an cur chuige atá ag muintir na tíre maidir leis an saol! Más gá é a dhéanamh, déan le meangadh gáire é!
Is deacair, i ndáiríre, scríobh faoi mhuintir na Maláive, is deacair cur in iúl chomh cairdiúil, grámhar, cabhrach agus flaithiúil is atá siad. Sa naoi lá dhéag a chaith mé ansin, léiríodh cineáltas gan choinne dom ar a laghad deich n-uaire gach lá agus téann sé dian orm an réimse mothúchán a bhraith mé a mhíniú.
Tar éis lá a chaitheamh i Lilongwe, príomhchathair na tíre, ag baint suilt as an atmaisféar speisialta a bhaineann le cathracha Afracacha, bhuail mé bóthar suas go Nkhata Bay, baile ar bhruach Loch na Maláive, ceann de na lochanna is cáiliúla ar domhan. Tá bailte beaga scaipthe ar bhruacha na habhann agus tá ról lárnach aici i saol mhuintir an cheantair seo maidir le hiascaireacht agus turasóireacht, agus is córas iompair agus foinse uisce don chócaireacht agus don níochán í chomh maith. Is baile deas é Nkhata Bay, a bhfuil margadh beoga bríomhar ann agus atmaisféar sona réchúiseach. Bhí sé i gceist agam trí lá a chaitheamh ansin ach d’fhan mé beagnach coicís. Sin an cineál áite atá ann – faigheann sé greim ar dhaoine. Chas mé le neart mzungu (daoine geala) eile a bhí tar éis filleadh ar Nkhata Bay don tríú nó ceathrú huair.
Radharc fíorálainn
Uaireanta, tagann tú ar áit atá beagnach rófhoirfe; sin mar a bhí Mayoka Village, óstán ar fhan mé ann. Ar an gcéad dul síos, tá sé suite i mbá bheag chiúin ar bhruach an locha agus tá an loch le feiceáil as gach seomra. Nuair a théann na báid iascaireachta amach istoíche, bíonn solas ar lasadh ar gach ceann acu agus is radharc fíorálainn iad seo amuigh ar an loch dorcha séimh.
Bheadh sé an-deacair éirí bréan den bhiachlár i Mayoka, tá an rogha chomh leathan sin. Bhí cóisir bhríomhar ar siúl sa bheár beagnach gach oíche, agus bhí na seomraí mór, compordach agus saor. Ach is é an rud is mó a thaitin liom faoi Mayoka ná an mhaitheas atá á déanamh aige don phobal áitiúil. Ón tús, rinne Kathryn agus Gary, na húinéirí, cinnte gur ghlac muintir na háite ról lárnach san áit, agus gur cuireadh postanna buana ar fáil dóibh. Tá thart ar 30 duine áitiúil fostaithe i Mayoka, ar bhealach amháin nó ar bhealach eile. Is sráidbhaile ceart é agus clann mhór shona ina cónaí ann.
Chaith mé dhá lá i Kande Beach, cúpla uair an chloig ó dheas ó Nkhata Bay. Tar éis dom bheith i Mayoka, rith sé liom nach raibh teagmháil ar bith idir na haíonna i Kande agus muintir na háite agus, dar liomsa, bhí droch-atmaisféar ann dá bharr. Chaith mé maidin an-phléisiúrtha ag marcaíocht ar bhruach an locha agus ag snámh ar dhroim capaill sa loch. Sasanach is ea Johnny, úinéir Kande Horse Trails, agus bhunaigh sé an t-ionad marcaíochta sin cúig bliana ó shin. Fuair sé na capaill ar fad ón tSiombáib, nuair a bhí na feirmeoirí geala ag fágáil na tíre sin thart ar an mbliain 2001. Leagann Johnny béim ar phostanna agus traenáil a chur ar fáil do dhaoine áitiúla, agus an-aire a thabhairt dá chapaill.
Rud amháin atá i bhfastó i m’intinn faoin Maláiv ná na hainmneacha aisteacha a thugann na fir óga orthu féin. Seo roinnt samplaí: Cheese on Toast, Donald Duck, Fast Eddy, Easy Coconut, Mr. Fantastic, agus Dr. Love, fiú!
Bhí lionn dubh ar mo chroí agus mé ag imeacht as an Maláiv, ní hamháin mar go raibh mé ag fágáil na mór-roinne is ansa liom, ach toisc go raibh mé ag fágáil cairde a bhí mar a bheadh teaghlach agam, agus ag fágáil tíre a bhí tar éis greim docht a fháil ar mo chroí. Measaim go bhfuil áit ar leith ag gach duine, áit a mothaíonn sé suaimhneach, compordach agus chomh sona sin go mbíonn aoibh mhaith air agus é ag éirí amach as an leaba gach maidin. Sin mar atá an Mhaláiv domsa. Tar éis an draíocht a bhaineann leis an Afraic agus lena muintir (agus muintir na Maláive go háirithe) a bhlaiseadh, seans go mbeidh sé deacair ag an Astráil dul i gcion orm chomh láidir céanna.
Is as Cill Mhantáin ó dhúchas í Máire Ní Chuagáin. Bhain sí céim amach sa stair agus sa Ghaeilge i gColáiste na Tríonóide in 2002 agus chaith sí dhá bhliain ag obair le Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge ina dhiaidh sin. Thug sí tréimhse ag obair go deonach san Afraic anuraidh.