Tá an geimhreadh sa Nua-Shéalainn faoi láthair ach tá ag éirí le Ruth Nic Giolla Iasachta neart ama a chaitheamh amuigh faoin aer mar sin féin.
Cé go bhfuil sé ag éirí níos fuaire anseo (ar nós an tsamhraidh Éireannaigh!), is féidir leat spraoi a bheith agat amuigh faoin aer go fóill. Chuaigh mé féin chuig an Oileán Theas chun súil a chaitheamh ar an tírdhreach maorga agus ar ainmhithe speisialta.
Bhí an chéad oíche sochma go maith, áfach. Ar imeall Wanaka, baile beag i ndeisceart an oileáin, tá pictiúrlann fhíorbheag darb ainm Cinema Paradiso. Sin áit inar féidir lear mór scannán eachtrannach a fheiceáil ar do sháimhín só. Toilg agus cathaoireacha uillinn atá ann don chustaiméir, agus tá cead deoch agus bia a thabhairt isteach sa seomra. Mholfainn féin triail a bhaint as na brioscaí a bhíonn ar fáil i rith an tsosa – déanta sa bhaile agus fós te ón oigheann.
Ina dhiaidh sin, bhí an fuinneamh agam chun taisteal ar aghaidh go Te Anau, atá ceithre huaire go leith tiomána ó Wanaka. Is baile beag eile é Te Anau, atá in aice le loch tarraingteach, agus ina bhfuil cónaí ar go leor lampróg. Fanann siad ar shíleálacha uaimheanna, agus meallann siad cuileoga lena gcuid soilse. Ach má leanann siad orthu ag ithe ar feadh aon mhí dhéag mar sin, bíonn díoltas ag an nádúr sa deireadh. Athraíonn na péisteanna isteach ina gcuileoga fásta – gan béal ar bith. Toisc nach mbíonn siad in ann iad féin a chothú, faigheann siad bás den ocras tar éis trí nó ceithre lá (ach bíonn seans acu uibheacha a bhreith sula gcailltear iad).
Ciallaíonn “Te Anau-au” uaimh ina bhfuil uisce corrach, ach tá siad tar éis éirí an-socair le himeacht aimsire. Aimsíodh iad i 1948, mar gur chreid treoraí turasóireachta, Lawson Burrows, go raibh ciall leis an logainm Maorach. Lean sé air ag cuardach ar feadh trí bliana agus faoi dheireadh tháinig sé ar na huaimheanna. Tá cead ag an bpobal cuairt a thabhairt orthu anois le roinnt mhaith blianta.Tar éis tráthnóna chiúin sna huaimheanna leis na péisteanna, bheartaíos dul amach i gcadhc i gCaolas Milford (ar fiord é i ndáiríre), atá cúpla uair an chloig siar ó Te Anau. Airíonn tú an-bheag i measc na n-aillte, na sléibhte agus na n-eas mór atá sa cheantar. Bhíodh cónaí ar roinnt maith daoine anseo ag tús an chéid seo caite, ach anois níl mórán daoine ag cur fúthu go buan ann. Téann go leor daoine ansin ar laethanta saoire sa samhradh, áfach. Chonaiceamar rónta agus neart éanlaithe mara. Tá meascán d’uisce mara agus uisce abhann le fáil sa chaolas iar-oighearshrutha – agus gléghlan – seo.
Chun cleachtadh coirp níos déine a fháil, is gá dul go Dunedin ar an gcósta thoir, turas 300 ciliméadar. San áit sin, a d’ainmnigh inimircigh Albanacha, tá sráid, Baldwin Street, a bhfuil an fána is géire ar domhan aici, deirtear (luaitear í i sa Guinness Book of Records).
Bhíos féin ann agus an fhéile bhliantúil seacláide ar siúl, nuair a chuirtear na céadta Jaffa (milseáin oráiste) ag rolladh síos an cnoc i rás. Cad as a dtagann na seacláidí sin a chuirtear amú? Ó Cadbury’s! Tá an mhonarcha is mó in Aotearoa sa cheantar. Ar thuras sa mhonarcha, d’fhoghlaim mé mar gheall ar réimsí seacláide na Nua-Shéalainne: Perky Nana, Pinky, Jaffa, agus Buzz. Bhí orm cúpla sampla a cheannach – agus baineadh siar asam nuair a dúirt fear an chuntair “Go raibh maith agat” liom. Tá ceannasaí nua tar éis teacht ó Éirinn chun bheith ag obair i nDunedin, agus is léir go bhfuil an Ghaeilge mar chomhábhar nua sa mhonarcha!
PiongainíTá dhá chineál piongaine le fáil in Oamaru, baile eile ar an gcósta thoir: an phiongain bhuí-shúileach agus an ceann gorm. I mbáisteach an chlapsholais, d’amharcamar ar scór piongain bheag bhídeach (timpeall 30cm ar fhad) ag toinníocht isteach ón bhfarraige. Tar éis dóibh a bheith á gcluimhriú féin ar feadh tamaill, suas leo thar na carraigeacha chuig na boscaí neadacha atá curtha ar fáil
ag an tearmann. Ach faraor, bhí a nead féin socraithe ag cúpla ceann acu agus ní bheadh a fhios agat cén áit a bhfaighfeá piongain i ndorchadas na hoíche in Oamaru. Tá glao fíoraisteach acu: meascán den fhuaim a dhéanann lacha, asal agus cat! Ní gá ach dul chuig www.penguins.co.nz chun breathnú ar a gcuid uibheacha agus a bpóga grámhara.
Ba é Oamaru dúiche an scríbhneora Janet Frame, agus mar nach raibh mórán eile le déanamh sa bhaile beag sin, thug mé faoi Chonair Janet Frame – dhá chiliméadar trí shráideanna agus páirceanna. Ainneoin mo réamhthuairimí féin, chuaigh an turas sin i bhfeidhm orm, agus ag a dheireadh shocraigh mé cúpla leabhar Nua-Shéalannach a cheannach. Istigh i seansiopa leabhar, tháinig mé ar chuid de dhírbheathaisnéisí Frame, úrscéal de chuid Keri Hulme, agus cúpla cnuasach gearrscéalta de chuid an scríbhneora Mhaoraigh Witi Ihimaera. Beidh ábhar léitheoireachta agam agus é ag éirí fuar taobh amuigh!
Níos faide soir ó thuaidh (gar go leor do Christchurch), tá ionad locha the, Fuaráin Hanmer. Bíonn an teocht idir 36 agus 41 céim Celsius iontu, rud a bhíonn an-áisiúil don turasóir tuirseach i bhfuacht an gheimhridh. Ach cé go bhfuilimid i lár an gheimhridh anseo faoi láthair, ní bhíonn an aimsir go dona de ghnáth. Le linn na míosa a chaith mé san Oileán Theas, ní raibh ach dhá lá fhliucha ann.
Ina dhiaidh sin, agus muid breá teolaí, ar aghaidh liom féin agus beirt col ceathracha de mo chuid (a bhí ansin ar saoire) go Kaikoura chun míolta móra a
fheiceáil. D’alpamar siar piollaí luibhe i gcoinne tinnis farraige. Bhí an t-ádh dearg orainn bheith in ann dul amach ar an bhfarraige – bhí ar na báid fanacht sa chuan ar feadh níos mó ná seachtain sular thángamar, de bharr na gaoithe. Agus tonnta dhá mhéadar ann, chas neart paisinéirí i dtreo na málaí páipéir agus muid ar bord loinge. Agus chonaiceamar míolta móra! Bhí siad i bhfad uainn, ach bhí siad chomh mór sin go rabhamar in ann iad a fheiceáil. Radharc taitneamhach is ea eireaball caisealóide ag dul faoin uisce. Bhí míolta móra dronnacha ann chomh maith, agus iad mar a bheadh oileáin dhonna ann. Ina dhiaidh sin, chaitheamar lón (níor roghnaigh aon duine iasc) agus chuamar ag siúl cois farraige. Ag barr an chnoic, bhí iarsmaí pā (seandún Maorach) le feiceáil (nach féidir a fheiceáil ach ar lá grianmhar) agus b’álainn an radharc é.
Is as Contae na Mí do Ruth Nic Giolla Iasachta. Tar éis di máistreacht a bhaint amach, chaith sí tréimhse ag múineadh sa Fhrainc agus sa Nua-Shéalainn. Ó mhí Feabhra 2007, tá sí ag déanamh taighde PhD in Ollscoil Auckland ar an stáisiún teilifíse Maoraise. Tá obair déanta aici ar ghearrscannáin agus ar chláracha teilifíse agus tá drámaí agus scripteanna scríofa aici.
As Co. na Mí do Ruth Nic Giolla Iasachta. Obair déanta aici ar scannáin agus ar chláir theilifíse. Tréimhse caite aici sa Nua-Shéalainn, mar a ndearna sí taighde dochtúireachta ar theilifís na Māori. Ag múineadh in Ollscoil Brest na Briotáine faoi láthair agus ag déanamh taighde faoi na meáin Bhriotáinise.