Thug Ruth Nic Giolla Iasachta aghaidh le gairid ar chuid de na háiteanna is speisialta a bhaineann le cultúr agus spioradáltacht na Maorach.
Shocraigh mé go gcaithfinn seal i dtuaisceart na Nua-Shéalainne le cúpla cara, agus ar aghaidh liom chuig Coromandel, baile atá suite ar leithnis. Stad an bus i Whitianga, cóngarach don trá in Buffalo. Is féidir Ferry Landing a thrasnú ar bháidín farantóireachta - turas réchúiseach dhá nóiméad atá ann. Tá aill ar a dtugar Shakespeare Cliff ansin. Ní hé go raibh “Eala Avon” riamh ansin, ach go gcuireann cruth na haille a aghaidhsean i gcuimhne do dhaoine. Nó chuir, nuair a tugadh an t-ainm sin don aill ...
D’athraigh rudaí agus muid ag iarraidh filleadh ó Lonely Harbour. Tar éis dúinn snámh ansin, trí thonnta a bhí iontach cumhachtach mar gheall ar an aill chosanta a bheith ansin, bhí clapsholas tagtha. Ansin fuaireamar amach go raibh cuid den aill cosúil le dufair mar go raibh neart sceach agus casarnach uirthi. Sa dorchadas, níor léir dúinn conas éalú. D’fhanamar ansin, ar nós daoine i bhfáinne sí, ar feadh uaire nó rud mar sin, ag dul timpeall i gciorcail. Ní raibh mo chompás liom, mo léan!
Ach an mhaidin dár gcionn ghlacamar misneach agus amach linn arís chun pluais in Hahei, ar a dtugtar Cathedral Cave, a fheiceáil. Fuaireamar síob ó staraí áitiúil, a bhí lán de scéalta faoi chorónú na Banríona Éilís sa bhliain 1953, faoi na longa cogaidh a bhíodh sna cuanta le linn an Dara Cogadh Domhanda agus
mar sin de. Faoin am a d’fhág mé an carr, bhí mearbhall éigin orm. Ach níl rud ar bith níos éifeachtaí leis an intinn a ghlanadh ná gaoth láidir. Bhí orainn rith síos an trá chun an phluais cháiliúil a bhaint amach sula mbéarfadh an taoide orainn. Chun an fhírinne a rá, ní pluais é ar chor ar bith, ach áirse.
Thosaigh sé ag stealladh báistí ar an Domhnach, ach fuaireamar síob ar ais go dtí Auckland ó bheirt Kiwis deasa. Ar an mbealach, chuamar trí Paeroa. Tá deoch, ar a dtugtar Lemon and Paeroa, ar an ní is cáiliúla a thagann ón mbaile seo. Is deoch mhilis dhonn é L&P, atá cosúil le Lilt ach gan an oiread sin anainn inti. Úillín agus ansacht Paeroa is ea é. Cuireann an baile é féin Loch Riach na Gaillimhe i gcuimhne dom. Bhuaileamar isteach in óstán agus muid ag lorg béile. Chonaiceamar scata seanbhan ag imirt chártaí, agus cúpla seanfhear ag bord snúcair sa tolglann. Cuireadh stop le chuile rud nuair a thángamar isteach, agus chaith an t-úinéir beagnach leathuair ag cur fáilte romhainn, ag moladh áiteanna le hithe iontu, agus ag cur ina luí orainn fanacht thar oíche ina óstán féin. Sa deireadh, bhí pizza agus oll-bhuidéal L&P againn, sula bhuaileamar bóthar arís.
Kerikeri
San alt deireanach a scríobh mé rinne mé cur síos gearr ar theanga na Maoraise. Anois, ba mhaith liom cur síos a dhéanamh ar an mBéarla mar a labhraítear é sa Nua-Shéalainn. Seo thíos cúpla nath cainte de chuid mhuintir na Nua-Shéalainne.Má tá rud iontach, tá sé flash, choice nó stellar. Má éiríonn leat rud éigin a dhéanamh, deir tú shot. Má chuireann rud as duit, nó mura bhfuil rud éigin sách maith, tá an rud sin stink. Má tú sásta rud a dhéanamh, deir tú sweet as. Baintear úsáid as an bhfocal Béarla as go minic chun ‘an-’ nó ‘fíor-’ a chur in iúl. Má tá daoine an-chiúin, tá siad quiet as, nó má tá rud an-fhurasta go deo, tá sé easy as.
Fuaimnítear roinnt focal, a bhfuil siolla amháin iontu, le dhá shiolla. Mar shampla, deir na Nua-Shéalannaigh know-en agus grow-en in ionad known agus grown. Ag tús mo sheala sa Nua-Shéalainn, bhíodh sé deacair orm in amanna a bheith cinnte cé acu an raibh daoine ag caint ar ghruaig, nó ar rud éigin a bheith ag a chríoch toisc nach ndéantar idirdhealú sa chaint idir hair agus here!
Is aoibhinn liom a bheith ag éisteacht le caint na ndaoine, agus níl áit níos fearr lena aghaidh ná ar bhus. Isteach sa bhus idirchathrach go Kerikeri liom, agus bhí tiománaí deisbhéalach scéalach againn, a d’inis dúinn faoi thorthaí agus ghlasraí na háite agus muid ag taisteal ó thuaidh. Ní bus turasóireachta é an bus idirchathrach, ach bhí neart eachtrannach ar bord. Tá Kerikeri san oirthuaisceart, thart ar chiliméadar ó Auckland. Sa bhliain 1820, chuaigh taoiseach darbh ainm Hongi Hika de chuid Ngāpuhi, ar threibh ón tuaisceart í, agus a chara Waikato go Sasana ar bord loinge in éineacht leis an Oirmhinneach Thomas Kendall. Thug siad cuairt ar chúirt an Rí Seoirse IV, agus bronnadh cathéide agus airm ar Hongi. I ndiaidh do Hongi filleadh ar Kerikeri, chuathas i mbun coimhlinte ina cheantar. Agus is cinnte go bhí an bua ag Hongi toisc an méid gunnaí a bhí aige. Ba cheannaire tábhachtach a iníon chomh maith. Rongo an t-ainm a bhí uirthi ar dtús, agus tar éis di dul leis na misinéirí, ghlac sí Hariata mar ainm baiste. Phós sise Hone Heke, a bhí ar an an gcéad taoiseach Maorach riamh a shínigh Conradh Waitangi, sa bhliain 1840.
Tá teach cloiche na misinéirí in Kerikeri ar an teach is sine in Aotearoa. Tógadh é le brící a rinne siad siúd a cuireadh chun na hAstráile le pianbhreith a chur isteach. Is iarsmalann é an teach anois. Tá an-chuid uirlisí ceirde le feiceáil ann, sábha, céachtaí, agus muileann ina measc. Thuas san áiléir, faoin díon gabháil éadain, is féidir an chaoi a ndearnadh an díon a fheiceáil. Léigh mé thíos staighre gurbh é an Sasanach Thomas Clarke, ar spailpín ó Suffolk é, a rinne an chéad fheadóg stáin riamh. Bhunaigh sé monarcha i Manchain nuair a tháinig an miotal leathán ar an margadh sa bhliain 1785.
Forais PuketiTheip ar chadhnraí mo cheamara agus mé ar thuras timpeall an tuaiscirt – mo léan! Stadamar i bhforaois Puketi chun breathnú ar na kauri móra atá ag fás inti. Crann ollmhór atá sa kauri atá an-díreach. D’úsáidtí iad mar phlainc i longa.
Chaith go leor daoine a saol ag saothrú an adhmaid, ag gearradh na gcrann anuas agus á seoladh ar na haibhneacha chuig na muilinn. Anois is crann caomhnaithe é an kauri. Cé nach gceadaítear gearradh na gcrann seo, is féidir dul ag tochailt sna portaigh ar thóir na seanchrann atá iontu. Déanann muintir Awanui amhlaidh, agus snoíonn siad babhlaí, boird agus eile leis an adhmad a fhaigheann siad ó na portaigh. Tá staighre bíse déanta acu i lár crainn amháin, rud a léiríonn chomh leathan is atá imlíne na gcrann seo.
Trí Taipa linn, an áit inar tháinig an taiscéalaí Kupe intíre den chead uair, i mbád ar a tugadh Matahourua. Bhí Kupe ar an gcéad duine ó Hawaiki, ar áit dhúchais na Maorach é, a leag cos anseo, timpeall 950 AD de réir an tseanchais. Léiríonn fianaise áirithe go raibh daoine anseo cúpla céad bliain roimhe sin, ach ní féidir a bheith cinnte cé acu ar fhan siad nó nár fhan.
Ina dhiaidh sin, chuamar ar mharcaíocht ghasta ar dhumhcha Te Paki. Deirtear gur féidir luas níos tapúla a bhaint amach má bhíonn an gaineamh fliuch. Bhí sé ag cur báistí agus muid ag sleamhnú anuas – agus dearbhaím nárbh fhada go dtí gur shroich mé bun na duimhche! Agus an clár marcaíochta imithe uaim ar luas lasrach i dtreo iomlán eile, chuamar ag snámh san fharraige in Tasman, rud a bhí áisiúil chun an gaineamh a bhaint dínn.
Ach tá tránna anseo sa Nua-Shéalainn nach bhfuil sách sábháilte don tsiamsaíocht nó chun snámh a dhéanamh amach uathu.
Cape Reinga
Ní féidir dul níos faide ó thuaidh in Aotearoa ná Cape Reinga, nó Te Rerenga Wairua. Ciallaíonn an logainm seo “Léim na Spiorad”.
Tá dinnseanchas a bhaineann le Te Rerenga Wairua nach mbeadh ar eolas ag chuile thurasóir a théann ansin. Dar le scéalta na Maorach, téann spioraid chun na háite seo i ndiaidh dóibh a gcoirp fhisiciúla a fhágáil. Nuair a fhaigheann daoine bás, tugann a spioraid faoi thuras go dtí tuaisceart an oileáin. Is é tús an turas sin ná trá fhada idir Ahipara agus Muri-whenua, áit a ndreapann na spioraid suas go Hauma, agus níos faide intíre go Wai-ngunguru. Téann na spioraid trasna abhainn an Waiata-rau ansin. Deirtear nach féidir ceol na habhann a chloisteáil agus na spioraid ag gabháil thairsti. Ansin, suas cnoc eile leo; cnoc ar a dtugtar te Atua-perenui, a bhfuil mala uafásach géar aige. Sroicheann siad Motatau. Ní féidir le haon duine beo dul níos faide ná sin. Ag Te Rerenga Wairua, tá cuma dhubh ar an bhfarraige, agus éisc inti nach bhfeicfeá aon áit eile. Tumann na spioraid isteach in áit a dtagann dhá abhainn le chéile, agus ar aghaidh leo chuig na hoileáin bheaga. Ar oileán ar a dtugtar Three Kings, casann baineann siad Cnoc an Ohau amach. Bíonn siad ag caoineadh mar gurb é seo an cnoc deireanach. Ní fheicfidh siad an talamh seo riamh arís. Imíonn siad leo i dtreo na gréine.
Is as Contae na Mí do Ruth Nic Giolla Iasachta. Tar éis di máistreacht a bhaint amach, chaith sí tréimhse ag múineadh sa Fhrainc agus sa Nua-Shéalainn. Ó mhí Feabhra 2007, tá sí ag déanamh taighde PhD in Ollscoil Auckland ar an stáisiún teilifíse Maoraise. Tá obair déanta aici ar ghearrscannáin agus ar chláracha teilifíse agus tá drámaí agus scripteanna scríofa aici.
As Co. na Mí do Ruth Nic Giolla Iasachta. Obair déanta aici ar scannáin agus ar chláir theilifíse. Tréimhse caite aici sa Nua-Shéalainn, mar a ndearna sí taighde dochtúireachta ar theilifís na Māori. Ag múineadh in Ollscoil Brest na Briotáine faoi láthair agus ag déanamh taighde faoi na meáin Bhriotáinise.