Tar éis cúpla mí a chaitheamh ag taisteal san Afraic, thug Máire Ní Chuagáin aghaidh ar an Astráil le gairid. Sa séú tuairisc seo uaithi, déanann sí cur síos ar an tréimhse a chaith sí sa tSaimbia, díreach roimh di an Afraic a fhágáil.
Tá rudaí áirithe a chuireann in iúl duit gan amhras ar bith go bhfuil tú san Afraic: an ceol, an bia, an deoch, an tsíorghluaiseacht, an trácht. Bhí na rudaí seo ar fad i gceist i Livingstone, an chéad cheann scríbe agam sa tír sin i lár na hAfraice a rug greim ar mo chroí agus ar mo shamhlaíocht: an tSaimbia.
Ar ndóigh, ainmníodh Livingstone in ómós don taistealaí cáiliúil, David Livingstone, an chéad fhear geal a tháinig ar abhainn an Zambezi agus ar Easanna Victoria (agus áiteanna eile nach iad) den chéad uair. Faraor, nuair a thug mise cuairt ar cheann de sheacht n-iontas nádúrtha na cruinne, ba bheag uisce a bhí le feiscint ar na heasanna iad féin de bharr easpa fearthainne. Chuir méid na háite iontas orm gan dabht ach is cinnte go raibh mé ag tnúth le níos mo ná sin, leis an torann agus an “deatach” cáiliúil. Ach beidh siad ann i gceann cúpla seachtain, agus is cinnte go mbeadh na heasanna thar a bheith álainn agus iad ar lándoirteadh!
Is tír álainn í an tSaimbia, í an-mhór agus éagsúil, agus go leor leor ainmhithe le feiscint inti fós. Ach is é an rud is mó a thaitin liom faoin tSaimbia ná muintir na tíre. Bhí gach duine chomh cairdiúil, chomh cabhrach agus chomh sona i gcónaí. Bhí ionracas agus áthas taobh thiar de gach uile mheangadh gáire. Is tír an-bhocht í an tSaimbia agus fulaingíonn sí fós de bharr na trioblóide sa Chongó agus sa tSiombáib. Tá ráta an-ard SEIF sa tír; bhí 26% den daonra i mbaile amháin ina raibh mé buailte aige. Ach bhí orm é seo ar fad a chur i gcuimhne dom féin an t-am ar fad toisc go raibh na daoine ar fad chomh sona agus suaimhneach, in ainneoin an chruatain atá mar chuid dhosheachanta dá saol.
Chaith mé féin agus mo chara Sophia maidin i margadh na dturasóirí i Livingstone, ag breathnú ar na rudaí áille a bhí ar díol ann. Roimh dheireadh na maidine, bhí cairde nua againn: Duncan agus Lawrence, fir áitiúla atá ag obair sa mhargadh. Chuir Duncan muid in aithne dá mháthair, Sherry, a dhéanann nshima (an príomhbhia áitiúil) i “mbialann” bheag taobh thiar den mhargadh. Bean álainn a bhí inti agus nuair a d’fhilleamar ar an mbialann cúpla lá ina dhiaidh sin bheannaigh sí dúinn mar a bheannódh duine dá iníonacha.
Thaispeáin sí dúinn conas nshima a dhéanamh i gceart, os cionn guail ghabha, agus bhronn sí chitenge - sciorta traidisiúnta mhná na Saimbia – orainn. Bhí gach duine a casadh orainn na laethanta sin chomh cairdiúil agus ar bís chun bheith ag caint linn, agus d’fhoghlaim mé go leor faoi ghnáthshaol mhuintir na Saimbia trí bheith ag caint leis an dream sa mhargadh. Cairde agus féile
Thóg Duncan agus Lawrence amach ag rince muid oíche amháin agus b’iontach an taithí é – bíonn sé deacair go leor coinneáil suas leis na hAfracaigh agus iad ag rince! Chuir an cairdeas agus an fhéile a taispeánadh dúinn na laethanta sin meangadh mór millteach ar m’aghaidh, agus ní bhaineann na dea-chuimhní ar fad atá agam ar Livingstone le Victoria Falls nó leis na cóisirí sa bhrú óige, ach leis na daoine a casadh orm sa mhargadh sin.
Taispeánadh níos mó ná séipéal amháin dom a thóg sagairt Éireannacha sa tSaimbia blianta ó shin. Bhí cúpla focal Gaeilge ag Duncan ó na múinteoirí Éireannacha a bhí aige ar scoil. Ba dheacair a chur in luí ar mhuintir na háite uaireanta go raibh mé díreach ag taisteal sa tír agus nach raibh mé ag déanamh aon obair d’Eagraíocht Neamhrialtasach éigin.
Chaith mé cúpla oíche in Chipata, in aice le teorainn na Maláive, agus b’ansin a chas mé le triúr fear oilte, éirimiúil agus spéisiúil, Marcus, Michael agus Morgan. Bhí tuairimí acu faoi gach aon rud – faoin bhfadhb SEIF, faoin toghchán a bhí ann ag deireadh mhí Mheán Fómhair, faoi oibrithe na nEagraíochtaí Neamhrialtasacha, faoin gcur chuige a bhíonn ag an Iarthar i leith na hAfraice agus araile. Tá postanna maithe acu ar fad, tuarastal de thart ar $200 sa mhí, agus iad ag tacú le deartháireacha agus deirfiúracha atá fós ar scoil. An príomhrud a theastaigh uathu ná go bhfeicfimis na dea-rudaí a bhaineann leis an Afraic, agus go háirithe leis an tSaimbia. Ní shéanann siad go bhfuil ocras agus fulaingt agus SEIF i gceist, ach tá siad an-bhródúil as na dea-rudaí a bhaineann leis an tír: an tslí a bhfuil am ag daoine dá chéile, an dúlra, chomh deisbhéalach, oilte, éirimiúil agus béasach atá go leor de na daoine. Is cúis mhór bhróid iad na rudaí seo uilig dóibh. Níl aon phlean ag na fir óga seo an tSaimbia a fhágáil. Mar gheall ar na scileanna agus ar an bpearsantacht atá acu, d’éireodh go han-mhaith leo san Iarthar, ach ní theastaíonn uathu fágáil. B’ábhar dóchais dom é seo a fheiceáil – go minic, is éard a theastaíonn go géar ó mhuintir na háite a dhéanamh ná an tír a fhágáil agus dul go Meiriceá nó chun na hEorpa. Ach is éard a dúirt Marcus ná “I am an African. Why should I want to leave Africa?”
Bhí brón orm agus mé ag fágáil na Saimbia. Bhí mé ag tabhairt aghaidhe ar an Maláiv agus bhí Sophia ag bualadh bóthair abhaile. Tá go leor leor cuimhní iontacha agam ó na trí mhí a chaitheamar le chéile, agus caithfidh mé a rá nach bhféadfainn cara taistil níos fearr a bheith agam ná í. Bhí an t-ádh linn sa tSaimbia mar gheall ar na daoine a casadh orainn agus na ceachtanna a mhúin siad dúinn. Is tír iontach í agus tá sí níos iontaí fós de bharr a muintire.
Is as Cill Mhantáin ó dhúchas í Máire Ní Chuagáin. Bhain sí céim amach sa stair agus sa Ghaeilge i gColáiste na Tríonóide in 2002 agus chaith sí dhá bhliain ag obair le Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge ina dhiaidh sin. Thug sí tréimhse ag obair go deonach san Afraic anuraidh.