Measann Breandán de Gallaí go bhfuil aeróstaigh curtha ar an domhan seo le daoine mar é a chrá.
I ndiaidh an ailt fá na Greyhounds an mhí seo caite, agus an droch-cháil atá orthu, bheartaigh mé amharc an mhí seo ar mhodh taistil eile (a mhalairt ar fad) ar thagair mé dó san alt céanna, an grád gnó ar na haerlínte, ar an dearcadh atá ag daoine ina leith (“Nach méanar don leath eile”, etc) agus roinnt miotas a phlé maidir le chomh speisialta is a mhothaíonn tú, nó a ligtear duit a mhothú, agus tá ag taisteal ar an dóigh sin.Déanann aerlínte móra idirnáisiúnta mar Virgin jab an-mhaith don ghrád gnó. Bíonn na tolglanna imeachta iontach, agus tugann siad aire an-mhaith duit agus tú san aer. Bíonn na freastalaithe galánta amach is amach, agus bíonn siad i gcónaí breá sibhialta leat.Sa ghrád gnó, bíonn neart fairsingigh agat le síneadh amach agus codladh mar is ceart a bheith agat, rud atá dodhéanta sa ghrád barraine.D’imigh an t-am domhsa nuair a bhí taisteal sa ghrád gnó mar pháirt den phost. Bhí an-chuid taistil á dhéanamh agam ag an am, agus measaim go raibh sé riachtanach dá bharr sin. Cuid mhaith den am bhí orm a bheith réidh le tosú ag obair an bomaite a thiocfainn den eitleán, agus sin tar éis trí huaire déag san aer, b’fhéidir.Nuair a chuaigh mé i mbun oibre don chomhlacht céanna le gairid, dúradh go soiléir liom nach mbeadh an perk sin agam an uair seo. Bhuel, b’fhéidir go raibh a fhios acu go raibh meathlú geilleagrach ar an bhealach.Cha dtug mise aird ar bith orthu roimhe seo, ach bhí aeróstaigh á bplé ag mo dheirfiúr agus cara liom tamall ó shin. Cha raibh mórán rudaí maithe le rá acu fá dtaobh díobh, agus bhí mo chuid cluas líonta go maith acu fán am a bhí siad réidh. Mar sin, nuair a d’éirigh idir mé féin agus aeróstach, bhí mé réidh di. Is eispéireas faoi leith é!Tá an deirfiúr seo ina cónaí thall i Meiriceá, agus bíonn sí anonn is anall ar eitleáin i gcónaí. Chomh luath, dar léi, is a leagann na haeróstaigh súil uirthi, bíonn a fhios aici go bhfuil a port seinnte, go ndíreoidh siad uirthi! Tosaíonn siad uirthi. Ag piocadh uirthi fá mhálaí; ag béicfeach uirthi nuair atá am deochanna nó béile ann; ag déanamh neamhiontais di nuair atá ceist thábhachtach aici le cur orthu.
Oifigeach sábháilteachtaDúirt an cara (sa chomhrá céanna) go raibh sí ar a bealach go Londain ar ghnó cúpla bliain roimhe sin. Oíche amháin bhí sí le bheith as baile agus ní raibh léi ach mála trom amháin a thug sí ar an eitleán in éineacht léi. Bhí uirthi é a chur in airde agus dúirt sí go bhfuair sí tally-ho dochreidte nuair a d’iarr sí cuidiú ar an aeróstach. “An gceapann tú gur skivvy atá ionam,”, arsa an bhean seo, ag pléascadh. “Oifigeach sábháilteachta atá ionam.” (Oifigeach sábháilteachta! Chuala mise scéal ó bhoc arbh éigean don eitleán a raibh sé air tuirlingt éigeandála a dhéanamh. Dúirt sé gurbh iad “na hoifigigh shábháilteachta” ba mhó a chaill an cool; ní hamháin nach raibh mórán maithe iontu, ach chuaigh rudaí in olcas mar gheall orthu.)D’éirigh seanbhean bhocht, a ghlac trua de mo chara, ina seasamh le cuidiú léi. Chas an t-aeróstach go drámatúil agus d’imigh ar chosa in airde agus stuaic uirthi.
An rud a bhí greannmhar fán scéal seo nó go ndeachaigh an cara seo chuig cóisir an oíche sin i Londain, agus nuair a shiúil sí isteach bhí an t-aeróstach ansin roimpi ag gearán fá dtaobh di! Dóbair gur thit an t-aeróstach i laige.Anois, ar ais chuig ár n-aerlíne náisiúnta. Mar a dúirt mé, ní rómhinic a bhím ag taisteal i ngrád gnó níos mó, ach an Nollaig seo caite bhí mé ag obair in San Francisco go dtí an dara lá is fiche agus d’uasghrádaigh mo cheannasaí mé, mar chineál de bhónas Nollag. Bhí seo go hiontach, nó bhí orm aistear fada a dhéanamh sa charr go Gaoth Dobhair tar éis domh tuirlingt i mBaile Átha Cliath. Bhí sé ar cheann de na bronntanais is fearr a fuair mé i riamh.D’éirigh liom seiceáil isteach gan stró. Chuaigh muid díreach go dtí an tolglann. Bhí Aer Lingus ag baint úsáide as tolglann de chuid Virgin. Bhí leathdhosaen gloiní seaimpéin againn – bhí siad saor in aisce, agus an Nollaig a bhí ann, le bheith réasúnta!Eachtra ar an eitleánAr an eitleán bhí cúpla seanmháistreás scoile d’aeróstaigh ag dul thart ag déanamh cinnte go raibh an cábán sábháilte – nó oifigigh shábháilteachta atá iontu, mar a luaigh mé níos luaithe, agus ní trolly dollys. Bhí mo chuid ite agam, agus antihestimine (go hiontach agus tú ag iarraidh codladh) nite síos ag leathdhosaen gloine eile seaimpéin agam, nuair a bheartaigh mé jab amháin eile a dhéanamh sula sínfinn amach ar an chathaoir/leaba a fhaigheann tú sa ghrád gnó.
Ar mo bhealach go dtí an leithreas, tháinig an t-alfa-oifigeach sábháilteachta seo orm a bhí chomh gairgeach sin, agus chuir sí an ruaig orm síos go dtí an leithreas a bhí sa ghrád barraine. Ní raibh sé a dhul a chur isteach ná amach ormsa cén áit a rachainn, agus mé ar foluain ag an alcól. Ach nuair a chonaic mé na mílte duine sa scuaine, idir mhná le leanaí agus seandaoine, chomh maith leis na daoine inniúla, cheap mé nach dtiocfadh leis seo a bheith cuí. Bhí bean amháin a raibh cúpla faoi bhliain d’aois aici. Shíl mé go raibh sé ait go mbeinnse curtha i measc na ndaoine seo agus éileamh chomh mór sin ar leithreas amháin, nuair nach raibh aon duine sa cheann in aice le cró an phíolóta (agus an chlaitseach a chuir an ruaig orm). Mháirseáil mé suas chuig banríon an domhain, agus d’fhiafraigh mé di cén fhadhb a bhí aici.. “Ó, tháinig tú aníos an taobh sin!” (Chuaigh mise thart an bealach fada le coinneáil amach as a cosán). Thaispeáin mé di cá raibh mé i mo shuí, agus mhínigh mé di gur mise an duine ba chóngaraí don leithreas. Nach raibh mé ach ag déanamh an rud múinte agus ag iarraidh coinneáil amach uathu nuair a bhí siad gnóthach. Bhí an ass-kicking ag dul an bealach eile anois! (Ní bheinn leath chomh dalba ach go b’é an 12 aonad alcóil a bhí ag idirleathadh fríd mo chuid féitheacha.) Bhí orm mo chos a chur síos láithreach.Thosaigh sí ag déanamh leithscéalta: tá an t-eitleán seo róbheag; tá an cábán ag cur frustrachais orainn; seo seirbhís nua; níl muid ach ag dul i dtaithí ar an aerbhealach seo. (Níl leithscéal ar bith ann don té nach bhfuil múineadh madaidh air!)Tá a fhios agam nach raibh ann ach mionfhadhb, agus go bhfuil go leor eile atá i bhfad níos measa ag dul ar aghaidh sa domhan. Ach cad chuige a gceapann cuid de na mná seo gur chuir Dia ar an domhan iad le múineadh a chur ar dhaoine. Samhlaigh an fhearg a bheadh ort agus tú i ndiaidh cúpla míle a forkáil amach – le híde béil a fháil! Ba mhaith an rud di nach mé féin a d’íoc as an uasghrádú!Caithfidh mé tosú ag scríobh litreacha gearáin – nó altanna, b’fhéidir!Is as Gaoth Dobhair é Breandán de Gallaí agus chaith sé seacht mbliana ag obair mar dhuine de phríomhdhamhsóirí Riverdance. Bíonn sé le feiceáil go minic ar chláracha teilifíse ar RTÉ agus TG4.